Leis an dlí cuideachta cuirtear an creat reachtúil ar fáil do struchtúr agus oibríocht cuideachtaí atá cláraithe in Éirinn, cé acu intíre nó eachtrannach.
Féachtar leis le cothromaíocht a chinntiú idir simpliú ar rith gnólachta ó lá go lá; cosaintí riachtanacha a choinneáil dóibh siúd a bhíonn ag déileáil le cuideachtaí, ar nós creidiúnaithe agus infheisteoirí; agus réimeas rialachais corparáidigh a chur ar bun le comhlíonadh a chinntiú. Tá an dlí seo in Acht na gCuideachtaí 2014 agus ionstraimí reachtúla gaolmhara. Eascrann roinnt dlí cuideachta as reachtaíocht AE. Tá réimeas den chineál céanna i bhfeidhm ar chumainn tionscail agus choigiltis agus ar chara-chumainn.
Tuilleadh nOifigí agus Gníomhaireachtaí