A nDéanaimid

AE agus an Margadh Inmheánach

Tá ról ceannaireachta agus comhordaithe againn i dtaca le Comhairle Iomaíochais an AE agus i dtaca leis an Margadh Aonair agus i gcoitinne i dtaca le Clár Oibre AE na Roinne a chur chun cinn. Glacaimid páirt go honnghníomhach ar leibhéal institiúideach an AE agus lenár gcomhpháirtithe AE d’fhonn a chinntiú go gcuirfear bearta tosaíochta AE na Roinne chun cinn.

Tacaímid lenár nAirí ina n-iarrachtaí chun torthaí beartais intíre agus AE a bhaint amach a, thacaíonn, go háirithe, le cláir oibre fiontair, iomaíochais, an mhargaidh aonair agus nuálaíochta. I dtaca le Brexit, déanfaimid deimhin de go mbíonn cur chuige comhordaithe agus ciallmhar i dtaca le Brexit thar réimsí beartais uile na Roinne.



Foilseacháin



Reachtaíocht



Comhairliúcháin