Cé muid féin

Dr Orlaigh Quinn

Dr Orlaigh Quinn

An tArd-Rúnaí

Ceapadh an Dr Orlaigh Quinn ina hArd-Rúnaí ar an An Roinn Fiontar, Trádála  agus Fostaíochta ar an 3 Deireadh Fómhair 2016. Is é an ról atá aici tacú leis an Rialtas, agus an Roinn agus a cuid oifigí agus gníomhaireachtaí a stiúradh ó thaobh cruthú lánfhostaíochta ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a spreagadh, trína bheith ina crann taca ar son na fiontraíochta, tacú le bonn fiontraíochta iomaíoch agus daoine a dhreasú chun cur leis sin, agus fostaíocht agus margaí atá cóir agus iomaíoch a chur chun cinn.

Sular ceapadh í sa phost seo, bhí Orlaigh ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in Éirinn. Mar chomhalta den Bhord Bainistíochta, bhí freagrachtaí fadréimseacha uirthi ó thaobh cúrsaí straitéiseacha, corparáideacha agus buiséadacha na Roinne. Mar Stiúrthóir Cláir na hOifige um Athchóiriú agus Seachadadh, thug sí ceannaireacht ó thaobh athchóiriú na hEarnála Poiblí de, Athnuachan na Státseirbhíse agus athchóiriú rialtais san áireamh, agus thug sí tacaíocht do réimse leathan eagraíochtaí chun athruithe a chur chun cinn.

Mar státseirbhíseach ar feadh a saoil oibre ar fad, bhí sí ag obair i roinnt mhaith eagraíochtaí earnála poiblí, ina measc an Roinn Coimirce Sóisialaí mar Stiúrthóir Acmhainní Daonna agus mar Cheannasaí ar bheartas agus oibríochtaí na bPinsean Náisiúnta.  Bhí sí freagrach freisin as Gnóthaí AE/Idirnáisiúnta agus bhí sí i gceannas ar shainchúram na Roinne in Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach in 2013.  I bpoist a bhí aici níos luaithe, bhí sí ag obair don Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil, an Bheilg, mar shaineolaí ar bheartas fostaíochta agus sóisialta, agus bhí sí ag obair i roinnt Ranna Rialtais eile in Éirinn, ina measc an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Is iar-Chomhalta Taighde Cuairte de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í. Tá Máistreacht sa Bhainistíocht Phoiblí agus Dochtúireacht sa Rialachas aici ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá dhá leabhar scríofa aici ar ábhar a bhaineann le beartas poiblí.