Cé muid féin

Cosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Tá lánmheas againn ar do cheart ar phríobháideachas. Pléifear le haon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú dúinn, agus muid ag cloí leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go díreach de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018. Is rialachán é Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 a bhaineann leis an gcosaint sonraí agus leis an bpríobháideachas do gach duine laistigh den Aontas Eorpach. Tháinig sé i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh ar 25 Bealtaine 2018. Cuireadh é in ionad na treorach cosanta sonraí a bhí ann roimhe, agus a bhí i bhfeidhm ó bhí 1995 ann, agus is é is bonn lenár gcuid dlíthe nua in Éirinn um Chosaint Sonraí (na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018).

An RGCS agus Éire

Mar Rialachan de chuid an AE, go ginearálta ní gá é a thrasuí go dlí na hÉireann, ós rud é go mbíonn “tionchar díreach” ag Rialacháin AE. In Éirinn, tá reachtaíocht nua tugtha isteach againn a dtugtar An tAcht um Chosaint Sonraí 2018 uirthi, agus síníodh í ina dlí ar 24 Bealtaine 2018.

I measc a chuid forálacha:

  • Bunaíonn an tAcht Coimisiún Cosanta Sonraí mar údarás cosanta sonraí an Stáit
  • Tugann an tAcht tuilleadh feidhme don RGCS i réimsí ina bhfuil roinnt solúbthachta ar fáil ag na Ballstáit (Cuid 3 den Acht), mar shampla, an aois toilithe dhigiteach

In éineacht leis an reachtaíocht cosanta sonraí a bhí ann roimhe seo, tabharfar na “hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018” ar an Acht nua seo.

Reachtaíocht faoi Chosaint Sonraí

Tá na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 deartha chun príobháideachas na ndaoine a chosaint. Bronnann an reachtaíocht cearta ar dhaoine maidir le príobháideachas a gcuid sonraí pearsanta chomh maith le freagrachtaí a bhronnadh ar na daoine sin a choinníonn agus a dhéanann próiseálú ar a leithéidí de shonraí.

Sonraí pearsanta

Ciallaíonn sonraí pearsanta na sonraí sin a bhaineann le duine ar féidir é nó í a aithint cé acu ó na sonraí féin nó i gcomhar le faisnéis eile atá i seilbh, nó ar dócha go mbeidh sí i seilbh na Roinne. Clúdaíonn seo aon fhaisnéis a bhaineann le duine beo aitheanta nó inaitheanta. Is féidir go mbeadh na sonraí seo á gcoimeád ar ríomhairí nó i gcomhaid láimhe.

Dualgais na Roinne

Faoin RGCS agus faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018, tá sé mar fhreagracht dlí ag an Roinn seo, mar Rialaitheoir Sonraí:

  • Sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil go dlíthiúil, go cothrom agus go trédhearcach;
  • Iad a choimeád do chuspóir dlí amháin nó níos mó, atá sonraithe agus follasach;
  • Iad a phróiseáil ar bhealaí atá comhoiriúnach leis an gcuspóir dar tugadh é i dtús báire;
  • Sonraí a choimeád atá cruinn, ábhartha agus gan a bheith iomarcach;
  • Gan iad a choimeád níos faide ná mar is gá don chuspóir/do na cuspóirí sonraithe;
  • Sonraí pearsanta a choimeád slán sábháilte.

Cearta an Duine is ábhar do na Sonraí

Tá na cearta seo a leanas ag duine is ábhar do na sonraí (“an duine aonair”) faoin RGCS agus faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018:

  • An ceart bheith ar an eolas
  • An ceart ar rochtain
  • An ceart ar choigeartú
  • An ceart ar scriosadh/an ceart “bheith ligthe i ndearmad”
  • An ceart ar phróiseáil a theorannú
  • An ceart ar inaistritheacht na sonraí
  • An ceart ar chur in éadan
  • Cearta maidir le cinnteoireacht agus próifíliú uathaoibrithe

Rochtain ar shonraí pearsanta

Is féidir le duine aonair iarratas cosanta sonraí a dhéanamh trí fhoirm Iarratais Duine ar a Shonraí (IDS) a chomhlánú agus é a chur chuig:

An tOifigeach Cosanta Sonraí, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30.

Is féidir iarratais a chur go leictreonach freisin chuig dataprotection@enterprise.gov.ie

Iarratas Duine ar a Shonraí (IDS) a chur faoinár mbráid

Ní mór duit foirm Iarratais Duine ar a Shonraí (IDS) a chomhlánú chun cóip de do chuid faisnéise pearsanta a iarraidh uainn. Ní mór an Fhoirm seo a chomhlánú ina hiomláine agus ní mór í a chur chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí. Beidh ort Cruthúnas Céannachta sásúil a chur ar fáil dúinn freisin mar chuid den phróiseas seo. Ba chóir duit iarracht a dhéanamh bheith chomh sonrach agus is féidir maidir leis an bhfaisnéis phearsanta sin a shainaithint atá tú ag lorg uainn. Más féidir, freisin, déan iarracht réimsí sin na Roinne a shonrú ba mhó a bhainfeadh le hábhar do d´iarratas, dar leat. Cabhróidh sin linn chun seirbhís éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar duit.

Má theastaíonn cabhair uait chun an Fhoirm Iarratais Duine ar a Shonraí (IDS) a chomhlánú, déan teagmháil, le do thoil, lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag: dataprotection@enterprise.gov.ie nó ar an teileafón ag: (01) 631 2398.

Go ginearálta, ní ghearrtar aon táille ar dhaoine aonair a bhíonn ag iarraidh rochtain a fháil ar a gcuid taifead pearsanta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus ní mór iarratais a chomhlánú laistigh de mhí amháin.

Eisceachtaí maidir leis an gceart ar rochtain

Faoi líon beag cúinsí is féidir go mbeadh do cheart ar rochtain ar na taifid phearsanta srianta. Tá gá leis sin chun cothromaíocht a bhaint amach idir cearta an duine aonair, ar lámh amháin, agus roinnt riachtanas tábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta, ar an lámh eile.

Maoirseacht agus forfheidhmiú

Údaráis neamhspleácha mhaoirseachta

Faoin RGCS, beidh ar a laghad údarás poiblí neamhspleách amháin ag gach Ballstát AE atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin. In Éirinn, faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018, cuireadh Coimisiún Cosanta Sonraí in áit an Choimisinéara Chosanta Sonraí.

Déanfaidh gach údarás maoirseachta na rudaí seo a leanas:

  • Monatóireacht agus forfheidhmiú chur i bhfeidhm an RGCS
  • Cothóidh sé feasacht phoiblí maidir leis na rialacha agus na cearta  a bhaineann le próiseáil sonraí
  • Tabharfaidh sé comhairle don rialtas faoi cheisteanna cosanta sonraí
  • Cothóidh sé feasacht i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe maidir lena gcuid dualgas
  • Cuirfidh sé faisnéis ar fáil do dhaoine aonair faoina gcuid ceart cosanta sonraí
  • Déanfaidh siad liosta oibríochtaí próiseála a chothabháil a éilíonn measúnacht tionchair i dtaca le cosaint sonraí

Beidh sé de chumhacht ag gach údarás ordú a thabhairt d´aon rialaitheoir nó próiseálaí faisnéis a sholáthar a theastaíonn ón údarás chun comhlíontacht an Rialacháin a mheasúnú. Is féidir go gcuirfidh an t-údarás imscrúduithe i gcrích ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe i bhfoirm iniúchtaí sonraí, lena n-áirítear rochtain ar áitreabh rialaitheora nó próiseálaí. Is féidir leis an údarás ordú a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí chun a gcuid próiseas a athrú, cloí le hiarratais a bhaineann le daoine is ábhar do na sonraí. Is féidir leis an údarás freisin rabhaidh a eisiúint do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe agus is féidir leis cosc a chur ar phróiseáil chomh maith le tús a chur le himeachtaí dlí in aghaidh rialaitheora nó próiseálaí.

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

Tabharfaidh RGCS údarás maoirseachta Eorpach um chosaint sonraí nua isteach. Beidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí freagrach as cinntiú go gcuirtear RGCS i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh. Eiseoidh an Bord treoirlínte agus moltaí faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin. Tabharfaidh an Bord comhairle freisin do Choimisiún an AE faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin agus faoi aon nuashonruithe ar féidir go mbeidh siad ag teastáil. Is iad na baill a bheidh ag an mBord ná ceannasaí údaráis mhaoirseachta amháin i ngach Ballstát de chuid an AE chomh maith le maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí.

Tuilleadh faisnéise faoi chearta duine aonair faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí

Tugann suíomh gréasáin an Choimisiúin Chosanta Sonraí míniú ar chearta agus ar fhreagrachtaí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Tá faisnéis ar fáil ó na háiteanna seo freisin:

Oifig Chúil an tSúdaire

Oifig an Choimisiúin Chosanta Sonraí

Teach na Canálach

Bóthar an Stáisiúin

Cúil an tSúdaire

R32 AP23

Oifig Bhaile Átha Cliath

Oifig an Choimisiúin Chosanta Sonraí

21 Cearnóg Mhic Liam

Baile Átha Cliath 2 

D02 RD28

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisiúin Chosanta Sonraí trí ríomhphost a chur chuig info@dataprotection.ie nó ar an teileafón ag 01 7650100 / 1800 437 737.

Tá tuilleadh eolais ar fáil freisin ar an suíomh idirlíon tiomnaithe GDPR and You.