Nuacht & Imeachtaí

Fáiltíonn an tAire Burke roimh fhoilsiú Ráiteas Straitéise 2025-2028 na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta

20 Deireadh Fómhair 2025

Tá Ráiteas Straitéise 2025-2028, foilsithe ag an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ina leagtar amach bealach nua chun iomaíochas, inbhuanaitheacht agus rathúnas a chur chun cinn sna trí bliana amach romhainn.  

Leagtar amach sa straitéis nua seo sé sprioc thrasearnálacha atá dírithe ar sheasamh na hÉireann mar phríomhionad oibre, gnó a dhéanamh agus cuairt a thabhairt uirthi a neartú. Cuirtear béim láidir ar an nuálaíocht, ar an digitiú, ar an dícharbónú agus ar an mbonneagar, ach aithnítear ag an am céanna ról ríthábhachtach na turasóireachta mar phríomhspreagadh eacnamaíoch. 

Dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, agus é ag cur fáilte roimh an bhfoilseachán:

“Aithnítear inár bPlean Gníomhaíochta le déanaí maidir le hIomaíochas agus Táirgiúlacht, sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hÉagsúlú Margaidh agus i mbuiséad na míosa seo a bhí ar son na bhfiontar, an nasc ríthábhachtach idir forbairt thionsclaíoch, iomaíochas agus cruthú post.

Léiríonn Ráiteas Straitéise nua mo Roinne ár dtiomantas an 2.81 milliún post inár ngeilleagar a chosaint, rud nach féidir linn talamh slán a dhéanamh de. Táim ag díriú ar thacaíocht a thabhairt don fhiontraíocht agus ar a chinntiú go leanfaidh ár ngeilleagar de bheith athléimneach agus iomaíoch agus neartóidh an straitéis seo seasamh na hÉireann mar phríomhionad oibre agus mar phríomháit ghnó Tá an tiomantas chun deiseanna agus rathúnas a chur ar fáil do chách trí gheilleagar iomaíoch, athléimneach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, ina cuid lárnach de seo, a thacaíonn le fiontraíocht, turasóireacht agus fostaíocht ar fud réigiúin uile na hÉireann”

Is í an straitéis seo an chéad uair a áirítear beartas turasóireachta go foirmiúil i sainchúram na Roinne, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé i bhforbairt réigiúnach agus i gcruthú post. Geallann sé go dtacóidh sé le fiontair atá lonnaithe in Éirinn chun tosú, scála a dhéanamh agus dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta, agus tionchar na hÉireann san Eoraip a fheabhsú ag an am céanna roimh a hUachtaránacht ar an Aontas Eorpach in 2026.

Dúirt an tArd-Rúnaí Declan Hughes an méid seo a leanas:

“Léiríonn an Ráiteas Straitéise seo ár misean chun deis agus rathúnas a chur ar fáil do chách trí gheilleagar iomaíoch, athléimneach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá sé bunaithe ar rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara agus leis an bhfoireann. Oibreoidh an Roinn, a hOifigí agus a Gníomhaireachtaí i gcomhar le comhghleacaithe ar fud an Rialtais, ionadaithe gnó, fostóirí agus oibrithe, páirtithe leasmhara eile agus ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun go mbeidh Éire ar an bpríomhshuíomh ar domhan chun dul i mbun oibre, gnó a dhéanamh agus cuairt a thabhairt uirthi.

Tá an Ráiteas Straitéise iomlán 2025-2028 ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne: Ráiteas Straitéise 2025-2028 (PDF, 1.97MB)