16 Deireadh Fómhair 2024
Tá an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag lorg léirithe spéise agus ainmnithe ó chomhlachtaí ionadaíocha
Tá an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ag lorg ainmnithe mar ionadaithe do chomhlachtaí saineolaíocha, teicniúla, dlí, rialtais agus rialála. Tá léirithe spéise ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí á lorg freisin le haghaidh ceapacháin chuig ceann de shé ainmniúchán an Aire don Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Fostaíochta (GADF).
Is é an tAire a cheapfaidh na hainmnithe Aire chuig GADF ar bhonn gairme ar léiriú spéise atá oscailte do gach páirtí leasmhar. Tá sé beartaithe uaslíon de sheisear ainmnithe dá leithéid a bheith ar GADF. Is é an spriocdháta chun léirithe spéise a fháil ná 3pm, an 8 Samhain 2024.
Tabharfaidh comhaltaí GADF a gcuid seirbhísí ar bhonn deonach. Ceapfar gach ball ar feadh téarma ceithre bliana agus is féidir iad a athcheapadh ar feadh suas le dhá théarma. Féadfaidh an Cathaoirleach fónamh ar feadh suas le deich mbliana ar an iomlán.
Tá gealltanas sa Chlár don Rialtas “athbhreithniú a dhéanamh maidir le cibé an dtugtar leis na forálacha dlí a bhaineann le comhiomarcaíochtaí agus leachtú cuideachtaí cosaint éifeachtach do chearta oibrithe”. Tar éis plé leis na Comhpháirtithe Sóisialta, foilsíodh an 'Plean Gníomhaíochta maidir le Comhiomarcaíochtaí i ndiaidh Dócmhainneachta' an 9 Meitheamh 2021. Leagadh amach ann roinnt gealltanas chun cearta oibrithe a chosaint tuilleadh lena n-áirítear an bunú ar bhonn reachtúil den Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Fostaíochta.
Bunaíodh GADF ar bhonn reachtúil trí achtú d'Acht Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha) agus na gCuideachtaí (Leasú), 2024, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2024.
Is éard a bheidh i gceist le feidhm GADF ná faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh agus comhairle a thabhairt ar gach gné den dlí fostaíochta agus iomarcaíochta, le díriú sonrach ar dhea-chaidreamh san ionad oibre a chur chun cinn sa Stát, rud a dhéanfaidh feidhmiú an dlí fostaíochta agus iomarcaíochta sa Stát a shimpliú, agus a chinnteoidh go mbeidh sraith reachtaíochta an Stáit maidir le cearta fostaíochta agus iomarcaíochta fós ábhartha agus oiriúnach don fheidhm agus go ndéanfar í a nuashonrú chun forbairtí idirnáisiúnta a léiriú.
Beidh GADF comhdhéanta de chomhaltaí a bhfuil saineolas agus spéis acu i bhforbairt an dlí fostaíochta agus iomarcaíochta, lena n-áirítear cleachtóirí (gairm an dlí agus cuntasóirí/leachtaitheoirí), úsáideoirí (gnó agus ceardchumainn), rialtóirí (comhlachtaí forfheidhmithe agus forghníomhaithe) agus ionadaithe ó ranna rialtais.
Beidh díriú GADF níos mó ar shaineolas, níos teicniúla agus dlíthiúla seachas a bheith ina ionadaíoch ar leasanna páirtithe leasmhara. Tabharfaidh comhaltaí faoi chlár oibre GADF agus rannchuideoidh siad le tuarascálacha GADF.
Dúirt Peter Burke TD, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta:
“Le GADF cuirfear acmhainn luachmhar ar fáil chun measúnuithe leanúnacha a dhéanamh ar an dlí fostaíochta chun a chinntiú go bhfuil ár gcreat dlíthiúil oiriúnach don fheidhm. Déanfar treochtaí atá ag teacht chun cinn a scrúdú chun a chinntiú go mbeidh ár reachtaíocht fostaíochta in oiriúint d’athruithe san ionad oibre comhaimseartha atá ag síorathrú.”
I measc ballraíochta GADF beidh ionadaithe ó na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí atá liostaithe in Aguisín 1 thíos.
Ag cur fáilte roimh an ngairm ar ainmnithe agus léiriú spéise, dúirt an tAire Stáit do Ghnó, Fostaíochta agus Miondíola, Emer Higgins TD:
“Beidh GADF comhdhéanta de chomhaltaí a bhfuil spéis agus saineolas acu i bhforbairt an dlí fostaíochta agus iomarcaíochta. Ina measc beidh comhaltaí ó na gairmeacha dlí, cuntasaíochta agus dócmhainneachta; ionadaithe ó ghnóthaí, ceardchumainn agus rialtóirí; chomh maith le hainmnithe an Aire.”
Tá na hachtacháin reachtacha a choimeádfaidh GADF faoi athbhreithniú liostaithe in Aguisín 2 thíos.
Féach: Gairm ar Léiriú Spéise– Ceapachán mar Ainmnithe an Aire chuig an nGrúpa Athbhreithnithe Dlí Fostaíochta
AGUISÍN 1
Comhlacht Ainmniúcháin
- Cathaoirleach – comhalta de GADF arna cheapadh ag an Aire mar Chathaoirleach
 - Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC)
 - Comhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann (ISME)
 - Comhdháil na gCeardchumann (ICTU)
 - Dlí-Chumann na hÉireann
 - Comhlachas Dlí Fostaíochta
 - Athstruchtúrú agus Dócmhainneacht Éireann
 - An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
 - An Roinn Coimirce Sóisialaí
 - An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
 - An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
 - An Chúirt Oibreachais
 - An tSeirbhís Cúirteanna
 - Oifig an Ard-Aighne
 - Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
 - Ainmnithe an Aire
 
AGUISÍN 2
Liosta achtachán fostaíochta agus iomarcaíochta ábhartha
- Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967–2014
 - An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta 1977
 - An tAcht um Íoc Pá 1991
 - Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977–2015
 - An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997
 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003
 - Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973–2005
 - An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000
 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Fostaíochta) 2000
 - An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996
 - Na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994–2014
 - An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001
 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003
 - An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003
 - An tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 (Alt 21)
 - An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara) 2007 (seachas ailt 9(1) agus 9(2))
 - An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Obair Ghníomhaireachta Shealadach) 2012
 - An tAcht Fostaíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2018
 - An tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú) 2015
 - An tAcht um Chaidreamh san Áit Oibre 2015
 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Postú Oibrithe) 2016
 - Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe (CFCanna) agus Orduithe Fostaíochta Earnála (OFEanna)
 - An tAcht um Pá Breoiteachta 2022
 - An tAcht um Íoc Pá (Leasú) (Séisíní agus Aiscí) 2022
 - Cuid 3 den Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023
 - Cuid 2 d'Acht Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha) agus Cuideachtaí (Leasú) 2024