8 Márta 2024
Sheol an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD, Cumhachtú Rathúnais – Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann um Fhuinneamh Gaoithe amach ón gCósta inniu, an chéad straitéis dá leithéid in Éirinn.
Is í fís na straitéise earnáil nua fuinnimh gaoithe amach ón gcósta (OWE) a bheidh rathúil, bríomhar agus a mbeidh tionchar aici a thógáil faoi dheireadh na ndeich mbliana seo, agus a chinntiú go gcruthóidh an earnáil luach suntasach agus suas le 5,000 post in OWE agus tionscail ghaolmhara do mhuintir na hÉireann. Is í a sprioc uileghabhálach an deis forbartha tionsclaíche a eascraíonn as táirgeadh OWE in Éirinn a uasmhéadú, chun tionscail ghlan, ghlas, in-athnuaite de chuid na todhchaí a chruthú.
Áirítear leis an straitéis 40 gníomh le cur i bhfeidhm in 2024 agus 2025 agus forbraíodh í i gcomhar le ranna agus áisíneachtaí eile de chuid an rialtais. Tá na ceithre ghné seo a leanas ag croílár na straitéise:
- Slabhraí Soláthair Gaoithe amach ón gCósta: chun acmhainn agus cumas a thógáil, ar mhaithe le forbairt na bhfeirmeacha gaoithe amach ón gcósta, a chuireann le sprioc 37GW agus a thugann buntáiste d’Éirinn i dtaca le táirgí agus seirbhísí a bhaineann le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a easpórtáil;
- Taighde, Forbairt, agus Nuálaíocht: chun Éire a chur ar thús cadhnaíochta na teicneolaíochta nua agus an tsaineolais don earnáil;
- Deiseanna Cothroma Forbartha Geilleagraí Ar Bhonn Réigiúnach: a chur chun cinn chun fás ó OWE a spreagadh i gcomhréir le tosaíocht Chlár an Rialtais rathúnas a chothú fud fad na hÉireann, a chinntíonn rath agus bláth na hÉireann trí chéile agus
- Eileamh Amach Anseo agus Úsáidí Deiridh d’Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta: mar shampla, chun Páirceanna Tionsclaíocha nua don Fhuinneamh Glas a fhorbairt, ar féidir leo mórinfheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh, gnólachtaí glasa dúchasacha nua a bhunú agus feidhmiú mar ionaid tástála do nuálaíocht theicneolaíoch ghlas chun geilleagar na hÉireann sa todhchaí a chumhachtú.
Agus fáilte á cur aige roimh an straitéis, dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar TD:
“Ní mór dúinn anois oibriú le cinntiú go bhfuil an bonneagar riachtanach, na slabhraí soláthair riachtanacha agus na scileanna riachtanacha againn chun teacht i dtír ar chumas na hÉireann i dtaca le gaoth amach ón gcósta. Creidim gur féidir agus go mbeidh Éire neamhspleách ar fhuinneamh, rud a laghdóidh ár mbillí fuinnimh agus ár spleáchas ar thíortha eile le haghaidh breosla, agus ag an am céanna na mílte post a chruthú ar fud na tíre. Tá an straitéis atá á foilsiú inniu ar cheann de rudaí iomadúla atá á dhéanamh againn ar fud an rialtais chun a chinntiú go dtarlóidh sé sin.”
Leag an tAire Coveney béim ar cé chomh uaillmhianach is atá an straitéis, agus é ag rá:
“Tá críocha mara na hÉireann thart ar 10 n-oiread níos mó ná a críocha talún, agus timpeall 450,000 ciliméadar den chríocha seo mar chuid dár Limistéar Eacnamaíoch Eisiach, agus bainfidh Cumhachtú Rathúnais leas as an gcumas geilleagrach a thagann leis seo. Is féidir le hÉirinn tionchar mór a bheith aici sa spás um fhuinneamh in-athnuaite - agus tá deis ar leith ann Éire a chuir ar a boinn mar cheannródaí domhanda maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta ar snámh.
“Cuirtear fís spleodrach don todhchaí in iúl leis an straitéis, le tograí beartais uaillmhianacha agus phraiticiúla. I dtús báire, díreoimid ar ghníomhartha inbhraite atá le seachadadh gan mhoill, in 2024 agus 2025. Tá sé mar aidhm againn dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le hacmhainn agus le cumas a thógáil sa slabhra soláthair um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn agus borradh a chur faoi phróifíl idirnáisiúnta ár gcomhlachtaí san earnáil sin. Réiteoimid an bealach chun Páirceanna Tionscail d’Fhuinneamh Glas a bhunú i réigiúin na hÉireann. Déanfaimid an cumas i dtaca le suíomh taispeántóir gaoithe amach ón gcósta ar snámh a fhiosrú chun an cumas ollmhór maidir le fuinneamh in-athnuaite de chuid na n-uiscí doimhne a mheas lena gcomhdhéantar an tromlach dár Limistéar Eacnamaíoch Eisiach.”
San fháilte a chuir sé féin roimh an straitéis, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
“Is ceannródaí domhanda í Éire cheana féin maidir le cumhacht gaoithe suiteáilte ar tír agus maidir le leictreachas in-athnuaite athraitheach a chomhtháthú isteach san eangach. Leagtar amach le Cumhachtú Rathúnais an chaoi inar féidir linn a bheith mar cheannródaithe tionscail i dtaca le húsáid a bhaint as gaoth amach ón gcósta freisin. Tagann sé sna sála ar roinnt céimeanna suntasacha a glacadh cheana, ár gcéad Phleananna um Limistéar Mara, ár gcéad cheant gaoithe amach ón gcósta a raibh rath air, agus bunú an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí. I gcaitheamh na míosa seo chugainn, foilseoimid ár gcéad Dréachtphlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe (DMAP) dár gCósta Theas agus don Chreat don Ráiteas Beartais um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta Amach Anseo. Léiríonn sé seo conas is féidir le hÉirinn earnáil shuaitheanta fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chruthú chun ár spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach tar éis 2030, agus slándáil agus rathúnas an Stáit a threisiú ag an am céanna.
‘‘Teastaíonn slógadh uile-gheilleagrach chun earnáil gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt, agus seoltar teachtaireacht soiléir leis an straitéis seo chuig na margaí idirnáisiúnta go bhfuil Éire tiomanta do leasanna ár n-acmhainní gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú. Thar aon ní eile, aithnítear beartais leis an straitéis chun slabhra soláthair cumasach agus athléimneach a thógáil agus a chinntiú go sínfear ár n-éiceachóras láidir i dtaca le taighde, forbairt, agus nuálaíocht chomh fada leis an earnáil gaoithe amach ón gcósta. Cinnteofar leis seo go mbainfidh Éire an tionchar eacnamaíoch is mó agus is féidir amach a eascraíonn as na bealaí chuig an margadh dár bhfuinneamh in-athnuaite flúirseach, chomh maith le measúnú a dhéanamh maidir le deiseanna le haghaidh forbairt spásúil straitéiseach inár gceantair chósta agus thart ar ár gcalafoirt.’’
Leagtar amach leis an Straitéis Thionsclaíoch um Ghaoth amach ón gCósta bealach go 2030 le gur féidir le hÉirinn beart a dhéanamh de réir briathair i dtaca leis an bhfís earnáil gaoithe amach ón gcósta rathúil a thógáil agus poist a chruthú do mhuintir na hÉireann agus an sprioc i dtaca leis an deis forbartha thionsclaíche ó tháirgeadh fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú in Éirinn. Forbraíodh é tar éis an-chuid comhairliúchán le páirtithe leasmhara thar an rialtas agus le hearnáil na tionsclaíochta.
Forbraíodh an straitéis i gcomhthráth leis an treochlár a leagadh amach sa Ráiteas Beartais do Chreatlach na Todhchaí maidir le Fuinneamh In-athnuaite amach ón gCósta ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chomh maith le cur i bhfeidhm an Plean um Ghníomh Aeráide 2024, a dearbhaíodh go mall in 2023, de réir Measúnú Timpeallachta Straitéiseacha agus Measúnú Iomchuí. Tá sé mar chuid de shraith beartas atá idir lámha faoi láthair thar an rialtas le cinntiú go gcuirtear tograí fuinnimh in-athnuaite i bhfeidhm de réir na sprice go seachnófar ar a laghad 37GW de chumas ORE in Éirinn faoi 2050.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Coveney:
“Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar éileamh leictreachais in Éirinn faoi 2050. Cé gur tionscal nuaghinte in Éirinn é fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, tá na buntáistí féideartha ilghnéitheach agus ní féidir iad a thomhas faoina luach. Cuirfear leibhéal eile dár ngeilleagar amach anseo leis an bhfuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, go háirithe leis an ngaoth amach ón gcósta, soláthrófar slándáil fhuinnimh i dtráthanna éiginnte leis agus spreagfar an ruathar i dtreo dhícharbónaithe agus deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise leis.”
Nótaí don Eagarthóir
Cúlra
Tá ceann de na hacmhainní fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta is fearr ar domhan ag Éire, lena gcuirtear soláthar gaoithe láidir agus leanúnach ar fáil. Chun leas iomlán a bhaint as an gcumas suntasach maidir le fuinneamh in-athnuaite, glan ónár bhfarraigí, forbraíodh sraith beartas thar an rialtas, nó táthar i mbun iad a fhorbairt, le cinntiú go gcuirfear tograí maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (ORE) i bhfeidhm de réir na sprice 37GW de chumas ORE ar a laghad a sholáthar faoi 2050. Is cumasóir tábhachtach maidir leis na spriocanna seo é obair an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe amach ón gCósta a Sholáthar (OWDT) ar a bhfuil an chathaoirleacht ag RCAC. Tá RFTF, i gcomhpháirt le Fiontraíocht Éireann agus GFT Éireann, ar thús cadhnaíochta na hoibre maidir le Sruth Oibre 7 de bhun an OWDT, atá dírithe ar an slabhra soláthair, agus a shuíonn ar roinnt de na Sruthanna Oibre eile le cur lena gcuid oibre agus le cur le hobair an OWDT i gcoitinne.
Táthar ag súil go mbainfear amach sprioc na hÉireann go nginfear ar a laghad 37GW de chumas ORE faoi 2050 go príomha ó fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta (OWE), agus luíonn sé laistigh na sprice maidir le 260GW faoi 2050 le haghaidh OWE de chuid an Chomhair Fuinnimh na Mara Thuaidh, lena n-áirítear Éire mar bhall, an sprioc 300GW faoi 2050 de chuid an Aontais Eorpaigh agus an sprioc domhanda 657GW. Léirítear leis na spriocanna seo deis shuntasach maidir le forbairt gheilleagrach mar a bhaineann sé le tionscal OWE a fhorbairt a mbeidh sé de chumas aige freastail ar thograí inmheánacha agus idirnáisiúnta araon agus na leasanna a bhaineann le húsáid fuinnimh in-athnuaite amach anseo a uasmhéadú.
Príomh-mhianta de chuid Cumhachtú Rathúnais – Straitéis Thionsclaíoch na hÉireann um Fuinneamh Gaoithe amach ón gCósta
Tá sé mar aidhm ag Éire na spriocanna seo a leanas a bhaint amach faoi 2030:
- Éiceachóras tionscail nuálach a fhorbairt, le comhlachtaí dúchasacha agus ilnáisiúnta, a sholáthróidh seirbhís cheannródaíoch dhomhanda don earnáil gaoithe amach ón gcósta.
- Méadú suntasach a chur le bunchloch an tionscail a sholáthróidh na hearnálacha gaoithe amach ón gcósta fud fad an domhain.
- Suas le 5,000 post san earnáil gaoithe amach ón gcósta agus tionscail ghaolmhara a sholáthar.
- Deiseanna a uasmhéadú le haghaidh chomhlachtaí agus infheisteoirí chun slabhra soláthair bríomhar agus rathúil a fhorbairt.
- Cabhrú le hearnáil na tionsclaíochta, oibrithe agus an t-éiceachóras TFN go réamhghníomhach le teacht i dtír ar na deiseanna seo trí mhaoiniú agus thacaí spriocdhírithe.
- Iarracht a dhéanamh Ionad Barr Feabhais Gaoithe amach ón gCósta a bhunú agus Taispeántóir Gaoithe amach ón gCósta a bhunú chun tacú le fás agus nuálaíocht.
- Tabhair faoi chomhpháirtíochtaí le tíortha a bhfuil an dearcadh céanna acu san Eoraip agus níos faide i gcéin.
- Oibrigh le páirtithe leasmhara chun réitigh réadmhaoine den chéad scoth a fhorbairt agus iad cumhachtaithe ag fuinneamh in-athnuaite.
- I gcomhpháirt le Ranna eile, moil tionscail mhóra a fhorbairt thart timpeall ar phríomh-chalafoirt úsáide, oibríochtaí agus cothabhála.
- Cumas réigiúnach na hÉireann a chlaochlú, agus deiseanna a sholáthar do mhuintir na hÉireann, fud fad na hÉireann, trí mhoil tionscail agus fás eacnamaíoch cothrom.
Áirítear 40 gníomh sa chéad leagan seo den straitéis lena gclúdaítear 2024 agus 2025. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí a chuirfear chun tosaigh sa leagan seo tá:
- Ionad Barr Feabhais Gaoithe Amach ón gCósta a bhunú (OWCE) chun comhlachtaí slabhra soláthair gaoithe amach ón gcósta in Éirinn, áisíneachtaí rialtais agus institiúidí ard-oideachais agus oideachas breise a chumasú maidir le rochtain a fháil ar theicneolaíochtaí nua, chun iad a ghlacadh agus chun iad a threisiú, mar shampla i ngaoth amach ón gcósta ar snámh agus i dteicneolaíochtaí digiteacha, a réitíonn fíor-dhúshláin agus a n-oibríonn i gcomhpháirt chun iomaíocht na hearnála amach anseo a thiomáint.
- Coincheap na bPáirceanna Tionsclaíocha d’Fhuinneamh Glas a fhiosrú a bhfuil sé de chumas acu réitigh mhór-scála a bhfuil tionchar acu a sholáthar maidir le réadmhaoin, áiseanna agus bonneagar, a mbeidh sé de chumas acu infheistíochtaí níos mó a mhealladh, i gcomhpháirt le giniúint fuinneamh in-athnuaite, lena sholáthraítear deiseanna tionsclaíocha nua le haghaidh suímh thíreolaíochta iomchuí mar ar féidir fuinneamh in-athnuaite leasmhara a fháil\fhorbairt, mar shampla, gaoth amach ón gcósta agus ar tír.
- Scála a spreagadh sa slabhra soláthair gaoithe amach ón gcósta trí mhion chabhair, ar bhonn duine le duine chun tacú le hathrú claochlaithe i gcomhlachtaí nua agus comhlachtaí atá ann cheana a dhíríonn ar fhás scálaithe sa slabhra gaoithe amach ón gcósta in Éirinn agus sna margaí domhanda.
- Tógáil a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta le tíortha eile chun comhoibriú fiúntach a bhunú i bhforbairt an tslabhra soláthair chomh maith le haistriú faisnéise laistigh den tionscal gaoithe amach ón gcósta atá an-idirnáisiúnaithe.
CRÍOCH