6 Márta 2025
Dúirt an tAire Peter Burke:
“Ar an 4 Márta 2025, fuair mo roinn Fógra maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna ó TikTok (Bytedance) tar éis fógra i mí Feabhra ón gcuideachta go mbeadh sí ag tabhairt faoi athstruchtúrú domhanda. Cuireadh na fostaithe, a raibh tionchar ag an gcinneadh orthu ar an eolas faoin gcinneadh agus tá tréimhse chomhairliúcháin ar siúl anois. Tuigtear dom go dtiocfaidh na hiomarcaíochtaí atá molta i bhfeidhm i mí Aibreáin na bliana seo, chomh luath is a bheidh an próiseas comhairliúcháin reachtúil tugtha chun críche. Is faoin gcuideachta atá sé an líon daoine atá i gceist a thabhairt le fios.
“Is iad na fostaithe a bhfuil tionchar ag an bhfógra seo orthu chomh maith lena dteaghlaigh is mó atá ar m’intinn ar an gcéad dul síos. Oibreoidh mo roinn, in éineacht lenár ngníomhaireachtaí, chun tacú le hoibrithe atá thíos leis sa tréimhse amach romhainn agus iad sa tóir ar fhostaíocht eile. Is fostóir suntasach é TikTok in Éirinn agus mar chuid den athstruchtúrú atá beartaithe, tuigtear don rialtas go bhféadfadh roinnt ról oscailte a bheith ar fáil d’fhostaithe atá i mbaol a chur ar iomarcaíocht. Tá sonraí iomlána curtha ar fáil do TikTok maidir lena sraith tacaíochtaí claochlaithe agus oiliúna na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (GFT) atá ar fáil.
"Ar an gcaoi chéanna, cuideoidh na gníomhaireachtaí fiontraíochta atá faoi chúram mo roinne, leo siúd a bhfuil tionchar orthu teacht ar fhostaíocht. Áirítear leis seo próifílí scileanna na bhfostaithe a bhfuil tionchar orthu a roinnt le cuideachtaí a d’fhéadfadh a bheith i mbun earcaíochta, bíodh sé sin le cuideachtaí ilnáisiúnta i mbonn cliant na GFT nó cuideachtaí dúchasacha trí Fhiontraíocht Éireann.
"Tá lánfhostaíocht sa tír, a bheag nó a mhór agus tá an geilleagar éagsúlaithe go maith, agus na céadta míle duine fostaithe ag FBManna dúchasacha, comhlachtaí cógaisíochta, agraibhia, teicneolaíocht leighis agus seirbhísí airgeadais. Ag an am céanna, tá a fhios agam go mbeidh an fógra seo an-deacair orthu siúd atá thíos leis agus tá an rialtas tiomanta go hiomlán cuidiú leis an bhfoireann oibre a mbeidh tionchar orthu."
CRÍOCH