Leagtar amach sa chaibidil seo an leibhéal seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil léi agus tú ag déileáil leis an roinn. Leagtar seo amach i mbealach níos mionsonraithe sa Phlean Gníomhaíochta Custaiméirí.
Gealltanais custaiméirí
An leibhéal seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil léi nuair a dhéanann tú teagmháil leis an roinn nó nuair a thugann tú cuairt uirthi. Déanfaimid an méid seo a leanas:
- caithfimid leat go cothrom agus go comhionann, de réir do riachtanas, le cúirtéis agus meas
- cosnóimid d'fhaisnéis
- cuirfimid faisnéis atá soiléir agus cothrom le dáta maidir lenár seirbhísí ar fad ar fáil
- freagróimid fiosrúcháin go tráthúil
- cinnteoimid go mbeidh ár seirbhísí ar fad go hiomlán inrochtana
- cinnteoimid gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge amhlaidh a dhéanamh
- cuirfimid faisnéis shoiléir ar fáil maidir lenár Nósanna Imeachta Gearán
An méid is féidir leat a bheith ag súil leis nuair a dhéanann tú teagmháil linn
Trí litir nó ríomhphost
- Tabharfaimid admháil i leith do litreach nó do ríomhphoist faoi cheann 5 lá oibre agus cuirfimid freagra ar fáil faoi cheann 15 lá oibre.
- Má scríobhann tú chugainn trí Ghaeilge, freagróimid thú trí Ghaeilge.
Trí theileafón
- Freagróimid do ghlao go pras.
- Cuirfidh ár mbaill foirne a n-ainm agus ainm an aonaid ghnó ina bhfuil siad ag obair in iúl duit.
- Déileálfaimid le d'fhiosrúchán láithreach, agus mura féidir linn amhlaidh a dhéanamh, glaofaimid ar ais ort nó más féidir, iarrfaimid ort d'fhiosrúchán a sheoladh chugainn trí ríomhphost.
- Más gá do ghlao a aistriú chuig rannóg eile, cuirfimid ainm na rannóige sin in iúl duit.
Ár suíomh gréasáin
- Cinnteoimid go mbeidh ábhar ar ár suíomh gréasáin enterprise.gov.ie cothrom le dáta agus inrochtana.
- Úsáidfimid teanga shoiléir, shimplí inár dteachtaireachtaí ar fad, a mhéid agus is féidir.
- Cuirfimid faisnéis ar fáil i bhformáidí a fhreastalaíonn ar do riachtanais.
Cuairt a thabhairt ar an roinn
- Cinnteoimid go mbeidh rochtain iomlán ag gach custaiméir ar ár n-oifigí poiblí agus go mbeidh caighdeáin sláinte agus sábháilteachta á gcomhlíonadh againn.
- Cinnteoimid go ndéileálfar go pras le gach cuairteoir a bhfuil coinne acu.
- Caithfear le gach cuairteoir le meas agus le cúirtéis.
Sonraí teagmhála
Conas a dhéileálfaimid leat
- Déanfaimid gach iarracht a chinntiú go bhfreastalaítear ar chustaiméirí a bhfuil riachtanais shonracha acu lenár soláthar seirbhíse.
- Cinnteoimid gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge amhlaidh a dhéanamh.
- Beidh friotal soiléir in úsáid againn agus má bhíonn orainn téarmaí teicniúla a úsáid míneofar iad.
Cabhraigh linn chun cabhrú leat
Ar mhaithe lenár seirbhís a fheabhsú, iarrfaimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh:
- faisnéis ábhartha a bheith ullmhaithe agat
- faisnéis iomlán agus chruinn a chur ar fáil
- meas agus cúirtéis a léiriú dár bhfoireann
Conas tuairim nó moladh a chur isteach nó gearán a dhéanamh
Tugaimid luach do do thuairim agus fáiltímid roimh aiseolas faoi aon ghné dár seirbhís.
Más mian leat moladh nó tuairim a chur isteach nó gearán a dhéanamh faoi cháilíocht na seirbhíse do chustaiméirí a cuireadh ar fáil:
- cuir tuairim in iúl nó déan gearán
- glaoigh orainn ar (01) 631 2121 nó 0818 302 121 agus iarr an Oifigeach um Sheirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí
- scríobh chuig an Aonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Déileálfaimid le do ghearán i gceart, go cothrom agus go neamhchlaonta. Tabharfaimid admháil i leith do ghearáin faoi cheann 5 lá oibre agus cuirfimid freagra ar fáil faoi cheann 15 lá oibre. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, cuirfimid in iúl duit cathain a eiseofar freagra iomlán.
Monatóireacht agus meastóireacht
Tá monatóireacht agus tomhas á dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht seirbhísí do chustaiméirí i gcomhréir leis an 12 Phrionsabal na Seirbhíse ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí (SAC), ár ngealltanais mar a leagtar amach iad inár bPlean Gníomhaíochta Custaiméirí agus líon na ngearán a fhaighimid.