In Éirinn, tá beagnach 211,000 foirgneamh tráchtála ann lena n-áirítear réimse leathan earnálacha gnó, amhail óstáin agus lóistín, bialanna agus tithe tábhairne, spásanna miondíola, foirgnimh oifige, agus áiseanna tionsclaíocha lena n-áirítear stórais, monarchana agus ionaid dáileacháin.
D’fhéadfadh na foirgnimh sin a bheith faoi úinéireacht an ghnólachta atá iontu nó ar léas aige. Is iad gás nádúrtha agus ola na breoslaí is mó a úsáidtear le haghaidh téamh spáis agus uisce agus is iad is mó a chuireann le hastaíochtaí foirgnimh.
Cé go mbeidh cuma éagsúil ar an bpróiseas chun bheith níos tíosaí ar fhuinneamh do gach gnólacht, agus cé gur dúshlán casta é dícharbónú foirgneamh tráchtála d’úinéirí agus d’áititheoirí araon, tá go leor buntáistí ann.
- Coigilteas costais
Le laghdú ar úsáid fuinnimh, laghdaítear costais. Is féidir é sin a bhaint amach trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí in-athnuaite amhail teaschaidéil.
- Lorg carbóin a laghdú
Tá úsáid éifeachtúil acmhainní go maith don chomhshaol.
- Compord
Le feabhsú ar cháilíocht an aeir agus bainistiú maith ar théamh agus fuarú spáis agus uisce, cruthaítear timpeallacht níos taitneamhaí don fhoireann agus do chustaiméirí.
- Custaiméirí a mhealladh agus a choinneáil
Tá tomhaltóirí, custaiméirí agus rialtais ag lorg soláthraithe táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe.
- Iomaíochas
Trí infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh, laghdaítear riosca, cruthaítear agus cosnaítear luach agus déantar na foirgnimh níos inbhuanaithe agus níos tarraingtí do cheannaitheoirí nó do thionóntaí.
Acmhainní
Leis an tionscnamh Gníomhú Náisiúnta a Chumasú ar son Glacadh Tráchtála Iarfheistithe (ENACT), cuirtear eolas úsáideach ar fáil do ghnólachtaí agus cás-staidéir agus treoir phraiticiúil ar fáil d’úinéirí FBManna agus d’áititheoirí foirgneamh tráchtála chun dul i ngleic le huasghráduithe fuinnimh ar bhealach níos éasca.
Scála nua Rátála Fuinnimh Foirgnimh (RFF) tráchtála
Tiocfaidh scála simplithe Rátála Fuinnimh Foirgnimh (RFF) do mhaoin tráchtála i bhfeidhm an 24 Bealtaine 2026, rud a cheanglaítear faoin Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (FFF). Ón 24 Bealtaine 2026 ar aghaidh beidh scála caighdeánaithe ann ar fud an Aontais Eorpaigh.
Fanfaidh gach RFF atá ann cheana bailí don chuid eile dá dtréimhse bailíochta 10 mbliana, lena n-áirítear gach ceanglas éigeantach amhail foirgneamh a dhíol nó a ligean ar cíos, mura ndéantar mór-athchóirithe.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh athraithe, ach go bhfuil na caighdeáin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh méadaithe de réir mar a fheabhsaíonn an teicneolaíocht, agus léiríonn an scála nua RFF tráchtála é sin.
Tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann freagrach as bainistiú agus maoirseacht an chórais RFF agus tá eolas cuimsitheach faoin scála nua RFF aige.