Osclaíodh an Próiseas Achomhairc Athaicmithe maidir leis an Scéim um Chostas Méadaithe Gnó agus an deontas Cumhachta ar an 24 Iúil 2025.
Tá sé mar aidhm ag an bPróiseas Achomhairc Athaicmithe deis a thabhairt do ghnólachtaí sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus áilleachta nach raibh incháilithe don Scéim um Chostas Méadaithe Gnó (SCMG) agus don deontas Cumhachta toisc go rinne siad mí-aicmiú ar a ngnó le linn na tréimhse clárúcháin SCMG, clárú do na deontais sin.
Ní athoscailt é seo ar na scéimeanna deontais sin - is chun deis a thabhairt dóibh siúd a rinne mí-aicmiú ar a n-earnáil ghnó ar dtús, a ngnó a athaicmiú agus clárú le haghaidh na ndeontas amháin atá sé seo.
Ní athosclófar é do chás ar bith eile, cosúil le spriocdhátaí caillte nó iarratais nua. Tá sé deartha go sonrach chun deis a thabhairt do na gnólachtaí sin a rinne mí-aicmiú le linn clárúcháin SCMG, a ngnó a athaicmiú.
Scríobhfaidh na hÚdaráis Áitiúla chuig gach gnólacht a d’fhéadfadh a bheith incháilithe agus cuirfidh siad comhairle orthu maidir leis na céimeanna is gá a ghlacadh. Beidh an Próiseas Achomhairc Athaicmithe ar oscailt go dtí an 15 Lúnasa 2025.
Tá na hÚdaráis Áitiúla ag riaradh na scéime thar ceann na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta.
Téigí chuig icob.ie chun tuilleadh eolais a fháil.