A nDéanaimid

Treoir maidir leis an gcianobair

null

Dearadh an leathanach gréasáin seo chun cabhrú le hoibrithe agus le gnólachtaí leis na praiticiúlachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm socruithe cianoibre. Bunaithe ar thorthaí na tuarascála Cianobair in Éirinn i mí na Nollag 2019 agus comhairliúchán poiblí maidir le treoir ar an gcianobair i mí Iúil 2020, feidhmíonn an láithreán gréasáin mar phointe rochtana lárnach ag tabhairt treoir, reachtaíocht agus comhairle le chéile in aon áit amháin. Is acmhainn bheo í a nuashonraítear go rialta de réir mar a fhoilsítear treoir nua.  

Is cuid thábhachtach í an treoir seo chun an fhís a leagtar amach i An Straitéis Náisiúnta um Chianobair a sheachadadh. 


Seicliosta an Fhostóra

Toisc go bhfuil tionchair ar go leor réimsí ag socruithe na cianoibre agus nach bhfuil siad mar an gcéanna do gach ghnólacht, is féidir go dtógfadh sé mórán ama dul i ngleic leis na ceisteanna uile ar leith. Tá seicliosta le haghaidh oibriú cianda curtha le chéile ag an Roinn d'fhonn bealach gasta a chur ar fáil d'fhostóirí ionas go nglacfar leis socruithe na cianoibre. Baineann an Seicliosta seo le gach réimse atá leagtha amach ar an leathanach seo i bhformáid atá éasca le húsáid do ghnólachtaí. 


Sláinte agus sábháilteacht

Is ar an bhfostóir atá an fhreagracht as Sláinte agus Sábháilteacht ag an obair is cuma má oibríonn an fostaí go cianda. Tá go leor míreanna reachtaíochta maidir le Sábháilteacht, Sláinte agus Leas an fhostaí ag an obair, atá le fáil sa chuid a bhaineann le reachtaíocht den leathanach gréasáin seo. Tá freagracht fhoriomlán ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS) as riarachán agus as feidhmiú na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair in Éirinn. 

Sláinte agus sábháilteacht go ginearálta

Chruthaigh an ÚSS leathanach gréasáin ar an gcianobair a chuireann treoir agus faisnéis ar fáil maidir leis an gcianobair agus faisnéis maidir leis an bhfreagracht faoi dlí na sábháilteachta, na sláinte agus na leasa. Cuireann an leathanach seo eolas ar fáil ar obair ón mbaile (PDF). Áirítear anseo comhairle mar na príomhfhreagrachtaí don fhostaí agus don fhostóir, an strus a bhaineann leis an obair, soláthar an trealaimh, fanacht i dteagmháil, dea-chleachtas maidir le spás oibre a bhunú agus measúnú an riosca (PDF)

Má tá fostaithe faoi mhíchumas, más oibrithe óga iad nó má tá siad ag iompar clainne, ní mór don fhostóir a chinntiú nach ndéanann na tascanna agus na dálaí oibre dochar don t-sláinte. Chuir an ÚSS tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le grúpaí ar lagchuidiú

Ag cur spás eirgeanamaíochta oibre le chéile

Tá an faisnéisghraf Position Yourself Well (PDF) (Suigh Tú Féin i gCeart) curtha le chéile ag an ÚSS, chun comhairle a thabhairt d’fhostaithe maidir le spás eirgeanamaíochta oibre a bhunú. Cuireann an ÚSS tuilleadh treorach faoin réimse seo ar fáil ina threoir ar obair ón mbaile (PDF)

Strus a bhaineann leis an obair

Is cuid den tsábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair iad na gnéithe síceasóisialta cosúil le strus a bhaineann leis an obair. 

Tá an dualgas ar an bhfostóir córais shábháilte na hoibre a bheith i bhfeidhm; ba cheart dóibh seo a chinntiú go bhfuil córas réasúnta na hoibre ar fáil dóibh siúd atá ag obair ón mbaile. Áirítear leis seo maoirseacht, cumarsáid, oiliúint, sosanna, tacaíochtaí, cothrom na Féinne, comhroinnt na hoibre agus iompar agus bainistíocht urramach. 

Dá bhrí sin, i gcás ina dtagann gearáin faoi strus chun cinn, ba cheart cloí le bearta rialaithe atá breithnithe, córasacha agus iomchuí. Chuir ÚSS treoir ar an strus a bhaineann leis an obair ar fáil agus d’eisigh podchraoladh a phléann leis an topaic seo.

Meabhairshláinte agus folláine

Tá sé tábhachtach d’fhostaithe a gcuid folláine mheabhraigh a chothú agus iad ag obair go cianda. Áirítear leis seo an iomarca oibre a sheachaint, aclaíocht rialta a dhéanamh agus tréimhsí a chaitheamh siar ón scáileán. 

Acmhainn úsáideach chun súil a choinneáil ar  ár bhfolláine mheabhrach agus ar ár sláinte trí chéile is ea an feachtas ‘Go dTé tú Slán’ de chuid Éire Shláintiúil. Is acmhainn ar líne é seo mar a bhfuil leideanna chun cúram a dhéanamh den fholláine mheabhrach, fanacht gníomhach, fanacht ceangailte, bia sláintiúil a ithe agus sos a ghlacadh. Cuireann FSS comhairle ar fáil freisin maidir le cúram a dhéanamh dár sláinte agus folláine mheabhrach.


Coinníollacha fostaíochta

Tá freagrachtaí áirithe ar fhostóirí i leith a gcuid fostaithe is cuma má oibríonn an fostaí go cianda. Tugann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC/CCAO) breac-chuntas ar na dualgais seo ar a leathanach Ghréasáin ‘What You Should Know’ (Cad ba Cheart Duit a Thuiscint) ina bhfuil faisnéis faoi oibleagáidí an fhostóra, uaireanta oibre agus pá, saoire bhliantúil agus cóid chleachtais ar fáil.

An ceart chun cianobair a iarraidh agus Cód Cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre 

Achtaíodh An tAcht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023 ar an 4 Aibreán 2023. Ar an 6 Márta 2024 chuir an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tús le Cuid 3 den Acht, lena dtugtar an ceart do gach fostaí socruithe cianoibre a iarraidh. Áirítear leis an Acht oibleagáidí don fhostaí agus don fhostóir maidir le hiarratais ar shocruithe cianoibre, lena n-áirítear sonraí faoin gcaoi a ndéanfaidh an fostaí an t-iarratas agus sonraí maidir leis an gcaoi a gcaithfidh an fostóir an t-iarratas a bhreithniú agus a fhreagairt.

Chuir an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige tús chomh maith leis an gceart chun socruithe oibre solúbtha a iarraidh do thuismitheoirí agus do chúramóirí ar an 6 Márta 2024. I gCuid 2 den Acht, leagtar síos forálacha maidir leis an gceart socruithe oibre solúbtha a iarraidh do thuismitheoirí agus do chúramóirí.

D’fhaomh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Cód Cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) don Cheart chun socruithe Oibre Solúbtha a Iarraidh agus don Cheart chun Cianobair a Iarraidh d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe ar an 6 Márta 2024, i gcomhréir leis an Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023. Is é cuspóir an chóid chun treoir phraiticiúil a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’fhostaithe maidir leis na céimeanna is féidir a ghlacadh chun na hoibleagáidí a leagtar síos san Acht a chomhlíonadh.

Dhréachtaigh an Coimisiún an cód i gcomhairle le hionadaithe fostaithe agus fostóirí agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an WRC: Cód Cleachtais don Cheart chun socruithe Oibre Solúbtha a Iarraidh agus don Cheart chun Cianobair a Iarraidh d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe

Eagrú Uaireanta na hOibre

Tá freagracht dhlíthiúil ar fhostóirí taifid a choinneáil maidir leis na huaireanta a d'oibrigh na fostaithe faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997. Ní mór d’fhostóirí a chinntiú go bhfaigheann a gcuid fostaithe na sosanna cearta le linn an lá oibre, chomh maith lena gcuid scíthe laethúla agus seachtainiúla. Ní mór d’fhostaithe a dteidlíocht reachtúil ar shaoire bhliantúil agus a dteidlíocht ar shaoire phoiblí a fháil freisin. Ba cheart d’fhostóirí a mheas an bhfuil a ngnáthmhodh chun monatóireacht a dhéanamh ar na huaireanta oibre oiriúnach le haghaidh na cianoibre. Sa chomhthéacs seo, moltar córas bainistíochta an ama chun uaireanta agus tinreamh a thaifeadadh. D’fhoilsigh an CCAO leabhrán míniúcháin d’fhostóirí agus d’fhostaithe ag tabhairt mionsonraí ar a gcuid freagrachtaí faoin Acht um Eagrú Ama Oibre.

An ceart chun dícheangail ón obair

Mar chuid den Straitéis Náisiúnta um Chianobair, agus tar éis comhairliúcháin phoiblí thug an CCAO Cód Cleachtais an cheart dícheangail isteach ar an 1 Aibreán 2021. Cuimsíonn an Cód treoir d’fhostaithe agus d’fhostóirí maidir leis an dea-chleachtas agus le dícheangail an fhostaithe lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre. 

Soláthar trealaimh, costais baile agus faoisimh chánach

Níl aon reachtaíocht ann faoi láthair a rialaíonn na costais a bhaineann leis an gcianobair. Chuir an CCAO in iúl go n-aontaíonn na páirtithe de ghnáth na costais a mbaineann leis an gcianobair agus go ndéantar foráil dóibh mar chuid de Théarmaí agus Coinníollacha na Fostaíochta nó sa chonradh fostaíochta.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim treoir d’fhostóirí ar fáil dóibh siúd le fostaithe atá ag obair ón mbaile ar na himpleachtaí cánach a bhaineann le soláthar trealaimh agus áiseanna, agus costais tí. Cuimsíonn sé seo faisnéis faoin gcaoi ar féidir le fostóir liúntas €3.20 in aghaidh an lae a thabhairt d’fhostaithe ábhartha le haghaidh costais tí.

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim freisin treoir d’fhostaithe atá ag obair ón mbaile. Ta an fhaisnéis ar fáil anseo faoin gcaoi, muna gcuireann an fostóir liúntas le haghaidh an chaiteachais, is féidir leis an bhfostaí éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ag deireadh na bliana. Tá an treoir seo dírithe orthu siúd atá ag obair sa bhaile go páirtaimseartha nó go lánaimseartha.  

Mar chuid den Straitéis Náisiúnta Cianoibre, rinne an Roinn Airgeadais athbhreithniú ar na socruithe cánach do chianoibriú d’fhostóirí agus d’fhostaithe. Mar chuid de Bhuiséad 2022 an 12 Deireadh Fómhair 2021, fógraíodh asbhaint bhreisithe cáin ioncaim do dhaoine atá ag oibriú as baile. Is ionann seo agus 30% de chostas na gcostas deimhnithe do theas, leictreachas agus leathanbhanda.

Príobháideacht an fhostaí

Níl aon reachtaíocht ar leith ann faoi láthair a thugann aghaidh ar cheart na príobháideachta san ionad oibre. De réir an CCAO, ba cheart cloí leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus na Rialacháin RGCS i dtéarmaí príobháideacht an fhostaí agus é ag obair go cianda. Tá na treoracha maidir leis na hAchtanna seo a chur i bhfeidhm nasctha san alt thíos maidir le cosaint na sonraí. Tugann an CCAO le fios freisin go ndéantar ceart príobháideacht an fhostaí a chothromú i gcoinne cheart an fhostóra a ghnóthas, a cháil, a acmhainní agus a threalamh a chosaint.

Árachas agus dliteanas

Ba cheart d’fhostaithe féachaint ar a bpolasaithe árachais tí maidir lena gcuid clúdaigh i gcás timpiste nó damáiste do threalamh. Tuigtear go hiondúil go mbeidh clúdach ag sealbhóirí na polasaithe dá dtrealamh oifige pearsanta, m.sh. ríomhairí glúine, in alt inneachair den pholasaí tí suas go dtí teorainneacha luaite.

De réir na comhairle d’eagraíochtaí a d’eisigh Insurance Ireland/Árachas Éireann le déanaí, tuigtear freisin gur ar an bhfostóir atá an fhreagracht as aon trealamh a chuireann fostóir ar fáil d’fhostaí chun oibriú go cianda agus go gclúdaítear é de ghnáth faoin alt maidir le damáiste ábhartha an ghnó dá phacáiste polasaithe gnó, faoi réir na dteorainneacha lena mbaineann. 


Cosaint Sonraí

Rochtain cianda ar líonraí

Dar leis an gCoimisiúin um Chosaint Sonraí sa chás ina gceadaítear do bhall foirne/conraitheoir rochtain a fháil ar líonra fostóra ó áit iargúlta, is féidir lena leithéid rochtana laige féideartha a chruthú sa chóras. De bharr seo, ba cheart an gá lena leithéid rochtana a mheas i gceart agus na bearta slándála a athmheas sula gcuirfear an chianrochtain ar fáil. D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí treoir ina leith seo ina nóta treorach do rialaitheoirí ar shlándáil na sonraí.

Sonraí pearsanta a chosaint

Mar fhreagairt ar an méadú géar i líon na ndaoine atá ag obair ón mbaile, tá sé níos tábhachtaí fós na sonraí pearsanta a chosaint. Tá nóta eisithe ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le sonraí pearsanta a chosaint le linn cianoibre. Clúdaíonn sé seo an deá-cleachtas do na fostaithe agus úsáid á baint acu as gairis, r-phost, taifid pháipéir agus rochtain ar an scamall agus ar an líonra. 

Chun an dea-chleachtas a chur chun cinn laistigh den eagraíocht, is féidir le fostóirí an fhaisnéis seo a roinnt tríd an bhfaisnéisghraf a chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar fáil (PDF)

Físchomhdháil

I ndiaidh an chianobair a ghlacadh go forleathan, tá méadú mór tar éis teacht ar líon na ndaoine a mbíonn físchomhdháil agus físghlao á ndéanamh acu. D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí tacar leideanna d’eagraíochtaí agus do dhaoine maidir le húsáid a bhaint as an teicneolaíochtaí seo ar bhealach atá sábháilte agus slán, agus a chinntíonn caighdeán leordhóthanach i leith cosaint sonra.

Cibearshlándáil

Is dúshláin iad d'eagraíochtaí an phiascaireacht, an viascaireacht, bagairtí cianrochtana agus cur as an ríomhphoist gnó agus iad ag oibriú go cianda. D'eisigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála treoir cibearshlándála maidir le hobair ón mbaile (PDF), ina bhfuil comhairle maidir le conas is féidir le fostaithe atá ag obair ón mbaile slándáil an wi-fi a ardú agus an dea-chleachtas maidir le húsáid gaireas pearsanta agus cianchomhdhála a mhéadú.

Chomh maith le sin, d’fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil tacar leideanna maidir leis an gcibearshlándáil a choinneáil dóibh siúd ag obair ón mbaile.

Má tá fostaí ag obair go cianda ó mhol, ba cheart go mbeadh úinéir an mhoil deimhnithe i gceart ón taobh slándála de (ISO-27001 nó a leithéid). Ba cheart don eagraíocht smaoineamh ar conas aon riosca a d’fhéadfadh teacht chun cinn i spás tríú páirtí a mhaolú, m.sh. úsáid a bhaint as VPNanna nó gairis chomhroinnte ar nós printéirí a dhaingniú le bioráin phearsantaithe. Ba cheart aon imní faoin bpríobháideacht a mheas chomh maith amhail slándáil glaonna teileafóin agus físe, a d’fhéadfadh a mhaolú trí úsáid a bhaint as seomraí fuaimdhíonacha. 


Comhionannas

Ba cheart d’fhostóirí a chinntiú go gcloítear leis na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 is cuma an bhfuil a gcuid fostaithe ag obair go cianda nó nach bhfuil. Ba cheart go mbeadh fostóirí ar an eolas faoi na hAchtanna Comhionannais agus iad ag glacadh cianobair nó oiliúint ábhartha laistigh dá n-eagraíocht. Mar shampla, caithfidh fostaí atá ag obair go cianda rochtain chomhionann a bheith aige ar fhorbairt gairme, ar oiliúint agus ar dheiseanna ardú céime agus iad siúd atá ag obair ar an láthair. Tá léargas ar na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta ar fáil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. 


Oiliúint

Mar shampla, cé nach bhfuil aon reachtaíocht ar leith ann a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil do chianoibrithe dar leis an gCCAO, mholfadh an deáchleachtas go gcuirfí tacaíochtaí ar fáil do chách, beag beann ar shuíomh na oibre.

Aibhsíodh sa tuarascáil Remote Work in Ireland an tábhacht atá le hoiliúint d’fhostaithe a bhíonn ag oibriú go cianda agus do bhainisteoirí agus iad ag bainistiú foirne scaipthe mar chumasóir chun polasaithe cianoibre a chur i bhfeidhm go rathúil.

cláir náisiúnta oiliúna ar líne thiomnaithe á gcur ar fáil ag BOO Laoise agus Uíbh Fhailí i gcomhpháirt le GFT Éireann, SOLAS agus Grow Remote, lena bhforbraítear cumas agus acmhainneacht cianoibrithe reatha agus ionchais agus a mbainisteoirí líne.


Tuilleadh tacaíochta

Cultúr, bainistíocht agus spreagadh

I mí Lúnasa na bliana 2021, chuir Fiontraíocht Éireann an leathanach Gréasáin Todhchaí na hOibre ar fáil chun cabhrú le fostóirí socruithe oibre iargúlta, cumaiscthe agus solúbtha a chur i bhfeidhm go rathúil sa chomhthéacs iar-Covid-19. Leanann an leathanach gréasáin ar fhoilseachán de chuid Fiontraíocht Éireann mí Mheitheamh na bliana 2021, Emerging Through Covid-19: The Future of Work (PDF) (Ag Teacht Chun Cinn Tríd an gCOVID: Todhchaí na hOibre).

Tá comhairle curtha ar fáil ag Fiontraíocht hÉireann freisin maidir leis an gcianobair a bainistiú agus spreagadh agus rannpháirtíocht na bhfostaithe a choinneáil agus iad ag obair go cianda.


National Hub Network

Is féidir an chianobair a dhéanamh ón mbaile, ó mhol, nó ag gluaiseacht. Tugann bonneagar mol cianobair na hÉireann an deis dá chuid úsáideoirí a gcuid oibre a dhéanamh níos gaire don bhaile, nó cuairt a thabhairt ar áit eile sa tír agus iad ag fanacht fós laistigh de thimpeallacht oifige sóisialta agus comhoibritheach.

I mí Bealtaine na bliana 2021, cuireadh an chéad mhol-líonra digiteach náisiúnta ar fáil in Éirinn. Is ardán ar líne é ConnectedHubs.ie a chuireann faisnéis faoi na háiseanna atá ar fáil ag moil cianoibre ar fud na hÉireann. Cuireann sé ar chumas úsáideoirí spásanna, deasca, oifigí agus imeachtaí a chur in áirithe i moil le haghaidh úsáide gearrthéarmaigh agus fadtéarmaigh.


Reachtaíocht

Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir na hAchtanna ar a bhfuil an treoir seo bunaithe a léamh anseo: 

Sláinte agus sábháilteacht

Comhionannas

Coinníollacha fostaíochta