14th July 2025 |
Open Consultations
Tá an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ag lorg aighneachtaí chuig comhairliúchán poiblí maidir le trasuí na Treorach maidir le struchtúir scaireanna ilvóta do chuideachtaí atá ag iarraidh a scaireanna a thrádáil i margaí airgeadais áirithe (Treoir (AE) 2024/2810) i ndlí na hÉireann.
Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo rochtain úinéirí FBManna ar mhaoiniú margaidh a éascú gan an smacht atá acu ar a gcuideachtaí a chur i mbaol. Ní mór é a thrasuí i ndlí na hÉireann faoin 4 Nollaig 2026.
Aighneachtaí
Fáiltíonn an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta roimh aighneachtaí i gcoitinne ar an ábhar seo agus iarrtar ar fhreagróirí, ach go háirithe, díriú ar na ceisteanna sonracha in Aguisín 1.
Iarrtar ar fhreagróirí a n-aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig CLRUNIT@enterprise.gov.ie.
Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ná 5pm Dé Luain, an 8 Meán Fómhair 2025.
Topics:
The Business Environment, Company and Corporate Law