Comhairliúchán poiblí ar fhorbairt Ráiteas Straitéise 2024-2025 na roinne

Tá ionchur á lorg ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (RFTF) faoi láthair maidir le forbairt a Ráitis Straitéise nua don tréimhse 2024-2025.

Leagfaidh an doiciméad tábhachtach seo amach ár spriocanna ardleibhéil, chomh maith leis na gníomhartha straitéiseacha, a chuirfidh ar ár gcumas:

“Éire a dhéanamh mar an áit is fearr le go n-éireoidh le gnó i ngach cuid dár dtír, le fiontair bheoga, níos mó fostaíochta ar ardchaighdeán, trádáil atá ag fás, ionaid oibre cothroma agus táirgiúlacht níos airde”. 

Chun cabhrú leis an roinn a fís straitéiseach don 18 mí atá romhainn a shainiú, tugtar cuireadh duit do thuairimí a chur isteach lena mbreithniú agus an straitéis á forbairt. Is féidir leat breathnú ar réamhdhréacht na roinne den Ráiteas Straitéise nua sa cheangaltán thíos. 

Léiríonn an dréachtstraitéis na tosaíochtaí meántéarmacha don roinn seo agus leagtar amach ann misean nua atá beartaithe chun ceannaireacht a thabhairt ar fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe trí fhostaíocht ardchaighdeáin a chruthú agus a chothabháil ar fud gach cuid dár dtír trí:

  • fiontair a chur chun cinn
  • bonn iomaíoch gnó a chinntiú chun obair, fiontar inbhuanaithe, nuálaíocht agus infheistíocht a dhreasú
  • naisc dhomhanda agus trádáil a neartú
  • margaí córa iomaíocha agus cleachtas gnó freagrach a chur chun cinn
  • chomh maith le láithreacha oibre sábháilte, solúbtha agus réasúnta trí obair rialála agus forfheidhmithe na roinne, a cuid oifigí agus a gníomhaireachtaí 

Tá faisnéis le níos mó eolais ar ghníomhaíochtaí gnó na roinne, mar aon lenár sainordú, ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag enterprise.gov.ie

Aighneachtaí

Seol do thuairimí ar an Dréacht-Ráiteas Straitéise chuig planning@enterprise.gov.ie.

Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5pm, an 24 Iúil 2024. 

Cosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le haon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfaidh an roinn gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula bhfoilseofar an leagan deiridh den Ráiteas Straitéise. 

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil sé beartaithe go gcuirfear gach aighneacht a gheofar ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (SF) agus go bhfoilseofar iad freisin ar shuíomh gréasáin na roinne tar éis fhoilsiú na straitéise. 

Agus iad ag freagairt don chomhairliúchán poiblí seo, ba cheart do gach duine agus eagraíocht a chur in iúl go soiléir cá bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de nó faisnéis rúnda ina n-aighneacht nár mhaith leo a scaoileadh faoi Shaoráil Faisnéise nó a chur ar fáil go poiblí trína fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na roinne. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfoilseofar d’ainm agus do sheoladh agus sonraí eile ar nós d’eagraíocht ionadaíoch nó aon fhaisnéis eile a chuireann tú ar fáil i d’aighneacht mura n-iarrann tú go sonrach go ndéanfaí na sonraí sin a athrú.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachta um Chosaint Sonraí na roinne atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú do chuid faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú faoi dhlíthe cosanta sonraí.

Topics: Corporate