Nuacht & Imeachtaí

Tá Oifigí Fiontar Áitiúla ar oscailt le haghaidh gnó

Cuirfidh Oifigí nua seirbhísí feabhsaithe ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnóthais bheaga ar fud na tíre Cruthaíonn gnólachtaí nuathionscanta dhá dtrian de phoist nua ar fud an gheilleagair

29 Aibreán 2014

Sheol an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Post agus an tAire Comhshaoil an córas náisiúnta Oifigí Fiontar Áitiúla (LEOnna) go hoifigiúil inniu [Dé Máirt].

Soláthróidh an líonra de 31 LEO córas feabhsaithe um thacaí fiontar áitiúla do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnóthais bheaga ar fud na tíre - agus beidh tuilleadh foirne, tuilleadh maoinithe agus tuilleadh seirbhísí á gcur ar fáil.

Mar thoradh ar an bhfógairt inniu, beidh daoine i ngach cearn den tír a bhfuil sé ar intinn acu gnó a thosú nó a mhéadú rochtain a fháil i láthair amháin a bhfuil teacht éasca uirthi laistigh den údarás áitiúil ar an raon leathan de thacaí Stáit a gcuireann comhlachtaí éagsúla Rialtais iad ar fáil, mar shampla údaráis áitiúla, Fiontraíocht Éireann, na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa, comhlachtaí oiliúna.

Ciallóidh bunú na nOifigí Fiontar Áitiúla go mbeidh rochtain ag na catagóirí gnó go léir - lena n-áirítear trádálaithe aonair, micreaghnóthais agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide - ar thacaí agus ar chomhairle Rialtais. Roimhe seo, rinneadh dearmad ar roinnt gnóthas idir gníomhaireachtaí éagsúla, mar shampla, cuideachtaí a bhí rómhór tacaí bord fiontar contae, ach ní raibh siad ag onnmhairiú agus, dá bhrí sin, níor cháiligh siad le haghaidh tacaí Fhiontraíocht Éireann.

Chomh maith leis sin, shonraigh an t-imeacht inniu an fhógairt oifigiúil go lánscoirfí 35 gníomhaireacht neamhspleách Stáit a chuir tacaí ar fáil sa réimse seo roimhe seo. Is beart é sin a bheidh ina chúis le coigiltí agus le laghdú ar mhaorlathas. Ní bheidh na 31 Oifig Fiontar Áitiúil ina ngníomhaireachtaí neamhspleácha ach, go bunúsach, beidh siad ina n-oifigí laistigh d’údaráis áitiúla - cé go leanfaidh Fiontraíocht Éireann agus an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta orthu treoir bheartais agus maoiniú a chur ar fáil.

Agus an córas náisiúnta LEOnna á sheoladh aige inniu, dúirt an Taoiseach Enda Kenny TD: “Is mian leis an Rialtas rud áitiúil a dhéanamh de théarnamh.  Is é atá i gceist leis sin tacú le gnóthais áitiúla agus le fiontraithe áitiúla poist áitiúla a chruthú.  Déanfaimid an méid sin tríd an líonra nua LEOnna.  Príomhthosaíocht de chuid an Rialtais is ea poist agus tá dul chun cinn déanta le bliain anuas nuair a cruthaíodh breis agus 1,000 post sa tseachtain san earnáil phríobháideach.  Cruthaíodh formhór mór na bpost sin i gcuideachtaí beaga áitiúla.  Is iad na cuideachtaí nua sin, nach bhfuil ach roinnt bheag daoine á bhfostú acu, is mó a chuireann le téarnamh post a bhrú chun cinn.  Beidh na LEOnna sa líne thosaigh d’fhonn rud áitiúil a dhéanamh de théarnamh.”

Dúirt an Tánaiste Eamon Gilmore TD: “Bhíomar ag obair, tríd an bPlean Gníomhaíochta do Phoist, d’fhonn eolas a fháil ar a bhfuil ag teastáil ó ghnóthais bheaga agus ó ghnólachtaí nuathionscanta.  Tháirg an obair sin tionscnaimh amhail an Ciste Iasachta do Mhicrifhiontair agus an Scéim Ráthaíocht Creidmheasa a thug an deis do ghnóthais a mbealach a oibriú tríd an gcúlú.   Agus ar an taobh eile, tá cur chuige praiticiúil agus dírithe ar an margadh fostaíochta á ghlacadh againn maidir lena bhfuil ag teastáil ó chuardaitheoirí poist lena mbealach ar ais chun na hoibre a ghiorrú tríd an tionscnamh Bealaí chun na hOibre. Trí sheoladh na nOifigí Fiontar Áitiúla (LEOnna) inniu, táimid ag cinntiú gur féidir an raon iomlán de thacaí stáit i gcomhair gnóthais bheaga a rochtain go réidh in aon áit amháin agus ag leibhéal áitiúil”.

Dúirt Richard Bruton TD, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta: “Cuid thábhachtach dár bPlean Gníomhaíochta do Phoist is ea tacú le cruthú post ar fud gach réigiúin den tír. Le bliain anuas, tá an-dul chun cinn air sin feicthe againn, toisc go bhfuil an fhostaíocht ag fás i ngach réigiún, ach ní mór dúinn anois an méid sin a fhorbairt agus a luathú, agus tá raon beart á chur i bhfeidhm againn i mbliana, amhail leagan méadaithe den Léarscáil um Chabhair Réigiúnach, saoráidí dul chun cinn an ÚFT agus, rud tábhachtach, na hOifigí Fiontar Áitiúla. Soláthróidh na LEOnna tuilleadh seirbhísí agus seirbhísí níos fearr do na gnólachtaí nuathionscanta agus do na gnóthais bheaga ar fud na tíre a mbímid ag brath orthu chun na poist a bhfuil ag teastáil uainn a chruthú. Lá maith do ghnó agus do chruthú post ar fud gach réigiúin den tír é an lá inniu”.

Dúirt Phil Hogan TD, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil “Tá bunú na LEOnna in údaráis áitiúla ina chuid thábhachtach den Phlean Gníomhaíochta do Phoist 2014 agus tá sé ina chuid freisin den phróiseas leathan athchóirithe i rialtas áitiúil agus de chur ar chumas rialtais áitiúil bheith ar na gníomhaithe príomha le haghaidh seirbhísí éifeachtacha agus éifeachtúla a sholáthar go háitiúil.” Dúirt an tAire Hogan “Beidh córas athchóirithe agus athfhuinnmhithe údarás áitiúil i bhfeidhm againn tar éis na dtoghchán áitiúil, agus cuid den chlár athchóirithe leathan is 7ea na LEOnna a leabú in údaráis áitiúla”. Lean an tAire Hogan ar aghaidh ag rá “tá údaráis áitiúla an-ghníomhach cheana féin maidir le tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht isteach, le leasanna tráchtála agus fiontar a gceantair a chur chun cinn, le hoibriú le gníomhaireachtaí eile Stáit agus le gnó áitiúil i dtaobh tacú le cinntí infheistíochta.”

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

Preasoifig, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Teil: 01 631 2200, r-phost: press.office@djei.ie

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Eochairphointí:

  • 31 oifig atá dírithe ar fhorbairt fiontar áitiúil
  • Comhcheanglaíonn an Oifig Fiontar Áitiúil saineolas Fhiontraíocht Éireann le seoladh fairsing na nÚdarás Áitiúil
  • 170 ball foirne speisialaithe ar fud an chórais LEOnna, atá forlíonta ag Clár Earcaíochta Céimithe nua a chuirfear ar siúl ar ball agus a dtacaíonn 40 ball foirne sa bhreis ó Údaráis Áitiúla leo
  • Is é www.localenterprise.ie an suíomh Gréasáin nua atá dírithe ar chliaint a chuireann faisnéis ar fáil faoi na tacaí agus na himeachtaí náisiúnta agus áitiúla go léir i gcomhair gnó áitiúil
  • Pointe rochtana aonair ar GACH taca agus seirbhís fiontar áitiúil agus náisiúnta    
  • Tacaíocht nó comhairle a thabhairt do gach gnóthas beag, bíodh siad ag onnmhairiú nó ag trádáil ar bhonn intíre - faoin gcóras a bhí i bhfeidhm roimhe, rinneadh dearmad ar roinnt gnóthas idir gníomhaireachtaí éagsúla
  • Dul chun cinn gan uaim trí na ranganna tacaí ó Fhiontraíocht Éireann de réir mar a fhásann agus a fhorbraíonn gnóthais
  • Cairt do Chustaiméirí agus oiliúint foirne ag Fiontraíocht Éireann
  • Méadú €3.5m (20%) ar an leithdháileadh buiséid in 2014
  • Comórtas Nua Fiontraíochta Óige
  • Rochtain ar an scéim Micrea-Airgeadais agus ar an scéim Ráthaíocht Iasachta
  • Gréasán atá á thacú agus á bhainistiú ag an Ionad Barr Feabhais i bhFiontraíocht Éireann
  • Prótacail soláthar seirbhíse i bhfeidhm idir LEOnna agus príomhchomhlachtaí rialtais chun a chinntiú gur féidir leis an lucht gnó na seirbhísí uile a bhaineann leo a rochtain ó LEOnna – na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Coimirce Sóisialaí, na Boird Oideachais agus Oiliúna, Skillnets, Micrea-Airgeadas Éireann, an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa
  • Cuirfidh gach LEO plean fiontar áitiúil le chéile, rud a chuirfidh micreaghnóthais agus gnóthais bheaga ag croílár iarrachtaí áitiúla chun poist a chruthú
  • Bhunaigh Fiontraíocht Éireann Ionad Barr Feabhais nua chun tacaí a chur ar fáil do ghnóthais bheaga agus chun dea-chleachtas idirnáisiúnta a fhorbairt sa réimse seo agus an dea-chleachtas sin a chur i bhfeidhm i LEOnna ar fud na tíre
  • Agus iad ina mbunchuid d’údarás áitiúil ar leith, cuirfidh gach LEO plean áitiúil le chéile chun fiontar a mhéadú. I measc spriocanna na bpleananna sin, beidh gnólachtaí nuathionscanta a bhunú, gnóthais a leathnú agus poist a chruthú nó a choinneáil, mar aon le mórchineálacha tionchair eacnamaíoch amhail onnmhairí, meantóireacht, oiliúint agus fiontar a chur chun cinn. Is ionann é sin agus athchóiriú bunúsach ar an rialtas áitiúil, rud arb é is aidhm dó seirbhísí a sholáthar agus cinntí a dhéanamh níos gaire don phobal
  • Cláir nua oiliúna do gach ball foirne atá i mbun tacaíocht a thabhairt do chustaiméirí, agus cairt nua seirbhíse do chustaiméirí, rud a mbeidh spriocanna le haghaidh leibhéil soláthair sheirbhíse ag gabháil leis.

 

Cad iad na tacaí agus na seirbhísí a chuireann LEOnna ar fáil?

  • Cuirimid tacaí díreacha airgeadais ar fáil do mhicreaghnóthais.   Is é is Micrifhiontair ann ná gnóthais a bhfuil deichniúr fostaithe nó níos lú acu.
  • Cuirimid comhairle ar fáil maidir leis an raon roghanna eile maoiniúcháin atá ar fáil.
  • Tairgimid faisnéis ghnó, seirbhísí comhairleacha agus tacaíocht fiontar.
  • Soláthraímid oiliúint ar ardchaighdeán chun freastal ar riachtanais do ghnó, lena n-áirítear; Do Ghnó Féin a Chur ar Bun, Do Ghnó a Bhainistiú e.g. Margaíocht, Díolachán, Bainistíocht Airgeadais, Straitéis agus Pleanáil Ghnó.
  • Cuirimid thú agus do ghnó i dteagmháil le saineolaithe seanchleachta.
  • Treoraímid thú chuig na seirbhísí is ábhartha chun tacú le fás agus le forbairt do ghnó.
  • Tugaimid comhairle duit maidir le rialacháin údaráis áitiúil, le pleanáil, le hinrochtaineacht, leis an timpeallacht, le soláthar, agus le saincheisteanna eile a théann i bhfeidhm ar do ghnó.
  • Nascaimid thú le hacmhainní cuí Stáit le haghaidh do ghnó. I measc na n-acmhainní Stáit sin, tá gníomhaireachtaí ábhartha cosúil leo seo a leanas:
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí: Tacaí Fiontar
  • Micrea-Airgeadas Éireann: Iasachtaí Gnó
  • Na Coimisinéirí Ioncaim: Scéimeanna Caipiteal Síl
  • Boird Oideachais agus Oiliúna: Cúrsaí Gnó
  • Oiliúint Skillnets: Gréasáin agus Cúrsaí
  • An Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa: sa chás gur dhiúltaigh an banc creidmheas a thabhairt duit
  • Cruthaímid cosáin chur chun cinn do chuideachtaí ardacmhainne d’Fhiontraíocht Éireann.
  • Cuirimid comhairle ar fáil maidir le réitigh mhaoine áitiúla do ghnólachtaí nuathionscanta agus do leathnuithe gnó.
  • Eagraímid mórócáidí fiontar.
  • Éascaímid líonrú éifeachtach gnó.
  • Cuirimid oideachas fiontraíochta chun cinn sa phobal áitiúil.
  • Tugann ár suíomh Gréasáin www.localenterprise.ie rochtain duit ar fhaisnéis ar líne faoi na tacaí agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Cé hé/hí ar féidir linn cabhrú leis/léi?

  • Duine ar bith a bhfuil smaoineamh gnó aige/aici nó duine ar bith a bhfuil gnó bunaithe aige/aici cheana féin atá ar lorg faisnéise, comhairle, atreorú chuig tacaí eile, treorach maidir le ‘conas do ghnó féin a chur ar bun’ – nó aon duine a bhféadfadh oiliúint, meantóireacht nó cúnamh airgeadais a bheith ag teastáil uaidh/uaithi.
  • Agus chairt do chustaiméirí, ábhair nua thiomnaithe oiliúna ar an ngréasán agus prótacail seirbhíse le gníomhaireachtaí eile i bhfeidhm againn, beimid inár n-ionad ilfhreastail do dhuine ar bith a bhfuil smaoineamh gnó aici/aici.
  • Tá an Oifig Fiontar Áitiúil ar fáil do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige/aici i ngnó nua a chur ar bun, nó do dhuine ar bith atá i mbun gnó cheana féin, lena n-áirítear na daoine seo a leanas; fiontraithe nua nó fiontraithe óga, tionscnóirí luathchéime, gnólachtaí nuathionscanta agus micreaghnóthais agus gnóthais bheaga ar mian leo leathnú.
  • Tabharfaidh an Oifig Fiontar Áitiúil spreagadh do dhaoine smaoineamh go dearfach faoi ghnó a chur ar bun nó a fhás go háitiúil, í ag díriú go háirithe ar spreagadh a thabhairt do dhaoine óga áitiúla smaoineamh faoina ngnó féin a chur ar bun.

Cad é atá ar fáil?

  • Is é an Misean atá againn fiontraíocht a chur chun cinn, gnólachtaí nuathionscanta a chothú agus micreaghnóthais agus gnóthais bheaga atá ann cheana féin a fhorbairt d’fhonn cruthú fostaíochta a bhrú chun cinn agus d’fhonn tacaí inrochtana ar ardchaighdeán a chur ar fáil do do smaointe gnó.
  • Tá roinnt bacainní éagsúla roimh ghnóthais bheaga agus iad ag iarraidh rath a bhaint amach, lena n-áirítear: gan a bheith ar an eolas faoi cén áit ar féidir leo faisnéis agus acmhainní a fháil; lagbhainistíocht, lagrochtain ar mhaoiniú nó easpa scileanna margaíochta agus gnó. Is é ceann amháin den iliomad bealaí ina bhfreastalóidh Oifigí Fiontar Áitiúla ar riachtanais phraiticiúla an lucht gnó ná cabhair a thabhairt dóibh na dúshláin sin a shárú.
  • Soláthróimid tacaíocht straitéiseach, riaracháin, theicniúil agus airgeadais, mar aon le seirbhísí straitéiseacha, riaracháin, teicniúla agus airgeadais, ar mhaithe le micreaghnóthais agus gnóthais bheaga a chur ar bun, a fhás agus a fhorbairt i ngach ceantar áitiúil.
  • Agus 31 foireann thiomnaithe acu ar fud an ghréasáin Údaráis Áitiúil in Éirinn, tá raon leathan taithí, scileanna agus seirbhísí ag Oifigí Fiontar Áitiúla, rudaí a athróidh do smaoineamh gnó ina fhíorghnó.
  • Trína seirbhís faisnéise agus comhairle, a suíomh Gréasáin san áireamh, déanfaidh an Oifig Fiontar Áitiúil daoine a nascadh leis an bhfaisnéis chuí ar fad atá ar fáil sa Stát, faisnéis a theastaíonn uathu chun gnó a chur ar bun, chun gnó a fhás agus chun rath a bhaint amach i ngnó.
  • Leanfaimid le deontais a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil acmhainn onnmhairithe acu
  • Tá rochtain ag na hOifigí Fiontar Áitiúla ar an raon iomlán saineolais i bhFiontraíocht Éireann agus áiritheoidh bunú an Ionaid Bharr Feabhais nua go leanfar an ‘dea-chleachtas’ i seirbhísí agus in oiliúint foirne ar fud na tíre.
  • Is féidir linn rochtain ar an saineolas i bhFiontraíocht Éireann a sholáthar do ghnóthais in aon earnáil ar leith, nó do ghnóthais a bhfuil acmhainn nuálaíochta agus onnmhairithe acu.
  • Soláthróimid rochtain ar an raon iomlán tacaí airgeadais atá ar fáil do ghnóthais sa Stát, lena n-áirítear gnóthais ar dhiúltaigh na bainc iasachtaí a thabhairt dóibh a threorú go díreach chuig scéim iasachta Micrea-Airgeadas Éireann.
  • Mar aon le comhairle agus le tacaí díreacha, cothóidh an Oifig Fiontar Áitiúil cultúr áitiúil atá i bhfách le fiontraíocht trí imeachtaí fiontraíochta a eagrú, trí thacaíocht a thabhairt do ghréasáin áitiúla ghnó agus trína bheith ag obair le Comhlachais Tráchtála áitiúla agus le heagraíochtaí eile, le scoileanna etc.
  • Beimid ar thús cadhnaíochta fiontraíocht a chur chun cinn trí na scoileanna agus trí na Dámhachtainí Náisiúnta Fiontar.
  • Cabhróimid le gnóthais atá ann cheana leas a bhaint as an acmhainn atá acu a ngnó a leathnú trí mheantóireacht, trí oiliúint, trí chomhairle, trí fhaisnéis agus, nuair is incháilithe, trí chúnamh airgeadais díreach.

CRÍOCH