Nuacht & Imeachtaí

Tá an Straitéis dírithe ar thacú le lánfhostaíocht inbhuanaithe – an tAire Bruton

Ráiteas Straitéise 2015-2017 na Roinne foilsithe ag an Aire

14 Aibreán, 2015

Inniu d'fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton T.D., Ráiteas Straitéise 2015-2017 a Roinne, atá dírithe ar thacú leis an tréaniarracht lánfhostaíocht a bhaint amach.

Sa straitéis, a ullmhaíodh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 agus atá formheasta ag an Rialtas le seachtainí beaga anuas, leagtar amach an creat i gcomhair gníomhartha atá le déanamh ag an Roinn agus a cuid gníomhaireachtaí, mar aon le córas níos leithne an Rialtais, chun poist a chruthú agus a chothú agus chun seachaint agus gan filleadh ar na timthriallta den bhorradh agus den tobchliseadh sa mhargadh fostaíochta.

Ó 2012 i leith, ag obair di le Roinn an Taoisigh, bhí an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta i gceannas ar phróiseas bliantúil an Phlean Gníomhaíochta do Phoist, atá ar an mbóthar ceart chun an sprioc a bhaint amach maidir le 100,000 duine breise a bheith ag obair thart ar 18 mí níos túisce ná mar a bhí leagtha amach ina leith sin. Tá an doiciméad seo ina chéim thábhachtach sa chéad chuid eile den straitéis post, atá dírithe ar an lánfhostaíocht inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2018.

Agus an doiciméad á fhoilsiú aige inniu, dúirt an tAire Bruton:

"Tá an deis i dtaobh lánfhostaíocht a bhaint amach in Éirinn feicthe faoi dhó i mo shaol agam, ach cuireadh an deis sin amú an dá uair mar gheall ar dhrochbheartais. Is trí bhíthin na lánfhostaíochta is féidir linn ár gcuid pleananna eile ar fad a chur i bhfeidhm – seirbhísí níos fearr, caighdeáin mhaireachtála níos airde, agus, ar deireadh thiar, saol níos fearr do an daoine atá ina gcónaí in Éirinn.

"Sin é an fáth go bhfuil sé i gcroílár phleananna an Rialtais do na blianta atá le teacht, ní hamháin an lánfhostaíocht a bhaint amach, ach í a chothú ar feadh na mblianta, ar feadh glúine. Má táimid chun an méid sin a dhéanamh, ní mór dúinn gach gné dár gcuid beartas poiblí a dhíriú ar an sprioc ríthábhachtach sin.

"Tá an straitéis seo ina céim thábhachtach sa phróiseas sin. Bhí ról mór ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta sa dul chun cinn atá déanta i réimse na fostaíochta le ceithre bliana anuas, agus leagtar amach sa doiciméad seo na pleananna faoina mbeimid ag tógáil air sin sna trí bliana atá romhainn.

"Is mian liom aitheantas a thabhairt dár bhfoireann go léir sa Roinn, sna hoifigí agus sna gníomhaireachtaí as ucht a gcuid oibre agus a gcuid éachtaí le ceithre bliana anuas – agus táim ag tnúth lena bheith ag obair leo agus muid ag treabhadh chun cinn i dtreo na lánfhostaíochta inbhuanaithe".

Dúirt an tAire Stáit um Ghnó agus Fostaíocht, Ged Nash T.D.: "Agus muid ag teannadh le sprioc na lánfhostaíochta, tá ról ag an Roinn freisin maidir lena chinntiú gur poist mhaithe iad na poist atá á gcruthú, poist ina ndéanfar cearta na n-oibrithe a chosaint agus a fheabhsú. Tá an fhís sin léirithe sa Straitéis seo agus muid ag déanamh dul chun cinn i ndáil le tionscnaimh thábhachtacha amhail an Coimisiún um Pá Íseal agus an reachtaíocht um Chomhargáil. De réir mar a thiocfaidh an geilleagar ar ais chuici féin, bainfear leas as an Straitéis chun cabhrú linn a chinntiú gur téarnamh cothrom a bheidh i gceist, agus go ndéanfar infheistíocht chothrom sna réigiúin éagsúla a rachaidh chun tairbhe oibrithe agus fostóirí i ngach cearn den tír."

Dúirt an tAire Stáit um Scileanna, Taighde agus Nuálaíocht, Damien English T.D.: "Má táimid chun lánfhostaíocht inbhuanaithe a bhaint amach sna blianta amach romhainn, beidh scileanna agus nuálaíocht i gcroílár an iarrachta chuige sin. Sa straitéis a foilsíodh inniu, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sna réimsí sin, agus táim meáite ar a chinntiú go ndéanfaidh na córais taighde agus scileanna a gcion féin maidir le cruthú na bpost atá de dhíth ar an tír".

Tá cóip den Ráiteas Straitéise 2015-2017 ar fáil anseo:

Ráiteas Straitéise 2015-2017

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an bPreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, fón 6312200 nó press.office@djei.ie