Nuacht & Imeachtaí

Seimineár Saor in Aisce, ‘Building a Business on Your Ideas’, ag teacht go Ciarraí

Tá an tAire English ag áitiú orthu siúd a bhfuil smaoineamh gnó acu a bheith i láthair ar an Déardaoin an 16 Aibreán

Inniu d'áitigh an tAire Scileanna, Taighde agus Nuálaíochta, Damien English TD, ar ghnólachtaí an deis a thapú chun a bheith i láthair ag seimineár saor in aisce atá urraithe ag an Rialtas, ‘Building a Business on Your Ideas’, a bheidh ar siúl san Áras Solais, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí ar an Déardaoin an 16 Aibreán, 2015.Tabharfar léargas sa seimineár seo ar chearta maoine intleachtúla (paitinní, trádmharcanna, dearaí agus cóipcheart) agus conas ar chóir iad a bhainistiú; conas is féidir le feasacht ar chearta maoine intleachtúla a bheith ina cúnamh maidir le smaoineamh a athrú ina dheis gnó, mar aon le cúrsaí díchill chuí i ndáil le gnólacht a bhunú.

Tá an seimineár, atá comheagraithe ag Oifig na bPaitinní agus Oifig Fiontair Áitiúil Chiarraí i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus an Líonra Fiontar Eorpach, dírithe ar úinéirí gnólachtaí beaga, fiontraithe, aireagóirí agus cuideachtaí nua-thionscanta i gCiarraí agus sna contaetha máguaird. I measc na gcainteoirí beidh saineolaithe ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí, agus fiontraí áitiúil.Beidh an deis ann freisin a chloisteáil faoi thacaíochtaí éagsúla Rialtais atá ar fáil ó chéim an ghoir go dtí tráchtálú.

Ní fios go forleathan go ndíorthaíonn breis is 80% d'aireagáin nua ó aireagáin roimhe sin, nó gur ó aireagáin roimhe sin a fhaightear spreagadh ina leith, agus, dá bhrí sin, tar éis an tseimineáir beidh ceardlann ar bun ina mbeidh treoir ar fáil faoi cén áit le faisnéis a fháil ar theicneolaíochtaí paitinnithe agus cén áit ar féidir sonraí a fháil faoi aireagáin roimhe seo.

Leis an seimineár, cuirtear deis iontach foghlama ar fáil d'úinéirí gnólachtaí beaga, fiontraithe, aireagóirí agus cuideachtaí nua-thionscanta atá ag iarraidh fiontair inmharthana a dhéanamh as a gcuid smaointe agus ar mian leo a chinntiú nach ndéanfar neamhaird de chearta maoine intleachtúla agus straitéis ghnó á forbairt.

Údar misnigh is ea an líon mór daoine atá ag freastal ar na seimineáir seo ar fud na tíre, agus tá aiseolas dearfach faighte ó rannpháirtithe roimhe seo.

Dúirt an tAire English: "Bealach iontach is ea na seimineáir seo chun tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirteanna éagsúla an chórais maoine intleachtúla agus conas úsáid éifeachtach a bhaint astu agus gnólacht á bhunú nó borradh á chur faoi ghnólacht. Mholfainn d'aon duine a bhfuil smaoineamh gnó aige nó aici freastal ar an imeacht saor in aisce seo i do cheantar féin."Tá cead isteach chuig an seimineár saor in aisce ach ní mór clárú ar líne roimh ré ar https://www.localenterprise.ie/Kerry/Training-Events/Online-Bookings/Patents-Information-Seminar-Building-A-Business-On-Your-Ideas.html. Is féidir leat clárú le hOifig na bPaitinní freisin ach glaoch ar 056-7720111 nó ríomhphost a chur ag patlib@patentsoffice.ie

Beidh an seimineár ar siúl ó 9.15am go 13.20pm agus beidh an deis ann bualadh leis na cainteoirí agus labhairt leo i rith an lae agus tar éis an tseimineáir ó 2pm go 3.00pm.

Críoch.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an bPreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

teileafón 6312200 nó press.office@djei.ie