Nuacht & Imeachtaí

Maoiniú Rialtais do ghnólachtaí nua-thionscanta trí scéim aisíoc cánach SURE – An tAire Bruton, An tAire Noonan

Tugann an ‘Scéim Aisíoc Cánach d'Fhiontraithe le Gnólachtaí Nua-Thionscanta’ deis d'fhiontraithe suas le 41% den infheistíocht atá déanta acu i ngnólacht nua-thionscanta a éileamh ar ais ón Rialtas

Is é atá mar aidhm le scéim SURE daoine a spreagadh chun gnóthaí dá gcuid féin a bhunú agus poist a chruthú

14ú Bealtaine 2015

Inniu (Déardaoin) d'fhógair an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton TD, agus an tAire Airgeadais, Michael Noonan TD, sonraí maidir le scéim SURE – scéim aisíoc cánach a bhfuil sé mar aidhm léi daoine a spreagadh le gnóthaí a bhunú.

Is ionann an ‘Scéim Aisíoc Cánach d'Fhiontraithe le Gnólachtaí Nua-Thionscanta’ agus deis a thabhairt d'fhiontraithe aisíoc suas le 41% den chaipiteal a infheistíonn siad i ngnó a bhunú a fháil ón Rialtas.

Inniu d'fhógair an tAire Bruton agus an tAire Noonan sonraí feachtas cuimsitheach margaíochta a bhfuil sé mar aidhm leis aird daoine atá ag smaoineamh ar ghnó dá gcuid féin a bhunú a tharraing ar scéim SURE, feachtas a bhfuil ról lárnach aige i dtacaíocht a sholáthar do níos mó gnólachtaí nua-thionscanta mar aon le tacú le poist a chruthú. Áirítear i measc ghnéithe an fheachtais seo:

  • Láithreán gréasáin nua – sure.gov.ie
  • Áireamhán ar líne, a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le daoine atá ag smaoineamh ar a ngnó féin a bhunú an méid airgid a d'fhéadfaidís a fháil faoin scéim a oibriú amach. Beidh an t-áireamhán seo ar fáil ar láithreáin ghréasáin éagsúla Rialtais agus ghnó, agus beidh feidhm “asphrionta” leis freisin, chun deis a thabhairt d'fhiontraithe na figiúirí a thaispeáint do bhainc agus d'infheisteoirí poitéinsiúla
  • Feachtas fógraíochta le húsáid ar stáisiúin raidió áitiúla ar leith
  • Bileog shimplí, inléite amháin ar a mbeidh an t-eolas bunúsach faoin scéim luaite, bileog a bheidh ar fáil in ionaid éagsúla ar fud na tíre ionas go mbeidh fiontraithe in ann teacht ar an eolas faoin scéim go héasca
  • Treoir nua ó na Coimisinéirí Ioncaim ina míneofar sonraí na scéime ar bhealach sothuigthe

Is ionann scéim SURE agus scéim ina n-aisíoctar an cháin ioncaim atá íoctha ag an duine a bhfuil an gnó á bhunú aige sna sé bliana sula dtosaítear an gnó. Féadfar an cháin ioncaim ar fad íoctha sna sé bliana sin a éileamh mar aisíoc faoin scéim, ach tá teorainn fhoriomlán de 41% den infheistíocht iomlán sa ghnó i gceist.

Beidh scéim SURE dírithe go háirithe ar dhaoine a bhfuil ÍMAT á íoc acu, daoine dífhostaithe agus daoine atá ar scor a spreagadh chun a ngnó féin a bhunú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire ag seoladh na scéime inniu:

“Is ag gnólachtaí nua-thionscanta, i rith na gcúig bliana tosaigh, atá dhá trian de na poist nua sa gheilleagar trí chéile á gcruthú, agus is chuige sin raon beart nua a bheith forbartha againn atá dírithe ar dhaoine a spreagadh le gnó dá gcuid féin a bhunú. Ainneoin gnólachtaí nua-thionscanta den chéad scoth a bheith againn in Éirinn, níl dóthain acu bunaithe.   Is ionann scéim SURE agus airgead a bheith á thairiscint ag an Rialtas do dhaoine atá ag smaoineamh ar a ngnó féin a bhunú, tairiscint arb ionann é agus 41% den infheistíocht iomlán atá déanta acu. Táimid meáite ar a chinntiú go dtuigfidh an oiread daoine agus is féidir gur ann don scéim fhlaithiúil seo chun daoine a spreagadh chun gnóthaí a bhunú agus poist a bhfuil géarghá leo a chruthú”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Noonan ag seoladh na scéime inniu freisin:

“Is ionann scéim SURE agus sampla breá de thionscnamh Rialtais a bhfuil sé mar aidhm leis maoiniú atá ag teastáil go géar a chur ar fáil do ghnóthaí nua a mbíonn deacrachtaí acu síolchaipiteal a fháil.  Tá an-iarracht déanta ag oifigigh an scéim a shimpliú d'fhonn a chinntiú nach mbeidh deacracht ar bith ag fiontraithe ar spéis leo an scéim sonraí na scéime a thuiscint. D'fhéadfadh fiontraithe a bhunaíonn a ngnó féin a bheith i dteideal aisíoc cánach, i ndáil le cáin atá íoctha acu cheana féin, ar fiú 41% den chaipiteal atá infheistithe acu ina gcuideachta nua é. Beidh poiblíocht á déanamh ag Oifigí Fiontair Áitiúil ar an scéim freisin, agus beidh foirne na n-oifigí sin lánsásta aon cheisteanna a bheidh ag fiontraithe a fhreagairt".

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise:

Preasoifig, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta 01- 6312200 nó press.office@djei.ie

www.sure.gov.ie

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Cúlra  

Tá scéim SURE dírithe ar dhaoine a raibh ÍMAT á íoc acu roimhe seo a spreagadh le gnó dá gcuid féin a bhunú. Is éard atá ann go bunúsach ná scéim a chiallaíonn go n-aisíoctar cáin ioncaim a íocadh roimhe seo le fiontraithe a dhéanann infheistíocht i gcuideachta nua.  

Glactar leis gurb ionann scéim athsheolta SURE agus foinse thábhachtach airgeadais do ghnóthaí nua a mbíonn deacrachtaí acu síolchaipiteal a fháil.       

Tá bileog eolais amháin forbartha ar a bhfuil mórphointí na scéime agus samplaí de na cineálacha tairbhí a d'fhéadfadh a bheith i gceist.   Tá eolas le fáil ar an mbileog freisin d'fhiontraithe faoi fhoinsí breise eolais.   Beidh an bhileog le fáil in Oifigí Fiontair Áitiúil, oifigí an Choimisinéara Ioncaim agus ionaid eile a éascaíonn idirghníomhaíocht idir saoránaigh/fiontraithe poitéinsiúla agus an Stát (e.g. oifigí na Roinne Coimirce Sóisialaí, Oifigí Eolais do Shaoránaigh, Oifigí Seirbhísí Fostaíochta, Boird Oideachais agus Oiliúna, Oifigí Fiontraíochta Pobail, etc.) Tá an bhileog á seoladh ag grúpaí náisiúnta a bhféadfadh spéis a bheith acu sa scéim freisin (IBEC, oifigí comhlachais tráchtála ar fud na tíre, SFA, ISME, comhlachtaí cuntasaíochta)   

Tá áireamhán aisíoca le fáil ag www.sure.gov.ie. Bunaithe ar nádúr na scéime, d'fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag fiontraithe an méid airgid a bheadh ag dul dóibh faoin scéim seo a oibriú amach. Ciallaíonn an t-áireamhán simplí ar líne go mbeidh gach duine in ann, trí líon beag sonraí (atá ar fáil ar fhoirm P60) a ionchur, chun suim an aisíoca a bheidh ag dul dóibh má éiríonn leo téarmaí agus coinníollacha na scéime a chomhlíonadh a oibriú amach. Chomh maith leis sin, tabharfaidh sé deis d'fhiontraithe poitéinsiúla asphrionta a chruthú ar a mbeidh méid an aisíoca, méid na hinfheistíochta agus sonraí cánach eile nach iad le feiceáil, mar aon le hachoimre ar na figiúirí ar fad.   Beimid ag moladh d'eagraíochtaí eile (e.g. Fiontraíocht Éireann, Oifigí Fiontair Áitiúla, na Coimisinéirí Ioncaim, láithreáin ghréasáin ábhartha Rialtais, IBEC, ISME, Chambers Ireland, etc.) nasc chuig an áireamhán seo a chur ar a láithreáin ghréasáin. Tá an t-áireamhán ar líne nasctha le ‘Uirlis Ar Líne Tacaíochta do Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide’ freisin.

Tá fógra raidió déanta freisin a bhfuil sé mar aidhm leis aird a tharraingt ar scéim SURE.