Nuacht & Imeachtaí

Laghdú ar an mBeochlár don 41ú mí as a chéile ach bóthar fada amach romhainn go fóill – An tAire Bruton

Is le réigiúin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus den Lár-Oirthear atá 65% den Laghdú Bliantúil ar an mBeochlár luaite

D'fhág 140,084 an Beochlár le 12 Mhí anuas chun tabhairt faoi fhostaíocht

29ú Aibreán 2015

Inniu (Dé Céadaoin) d'fháiltigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Richard Bruton TD, roimh fhoilsiú na staitisticí Beochláir is déanaí, staitisticí a léiríonn gur lean an ráta dífhostaíochta ag laghdú don 41ú mí as a chéile, ráta atá anois faoi bhun 350,000 don chéad uair ó mhí Feabhra 2009.

Is ionann na figiúirí oifigiúla seo a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh neamhspleách inniu agus fianaise ar na pointí seo a leanas freisin:

  • Tá laghdú tagtha ar an líon daoine ar an mBeochlár san 8 réigiún le bliain anuas, agus ba sa Mheán-Iarthar a tugadh an laghdú is suntasaí faoi deara - laghdú 13.8%. Tá 35% den laghdú iomlán ar an líon daoine ar an mBeochlár le bliain anuas luaite le Baile Átha Cliath agus leis an Lár-Oirthear (15,757 de laghdú iomlán de 45,008), agus is leis an gcuid eile den tír atá 65% den laghdú iomlán luaite.
  • Tugadh laghdú sa líon daoine ar an mBeochlár faoi deara san 8 réigiún le mí anuas agus ba leis an Iarthar (2.3%), an Meán-Iarthar agus an t-Iar-Dheisceart (2.1% sa dá réigiún) a bhí na laghduithe is suntasaí luaite.
  • Le 12 mhí anuas tá 140,084 duine imithe ón mbeochlár agus iad anois ag tabhairt faoi fhostaíocht. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an ráta daoine atá ag fágáil an bheochláir le tabhairt faoi fhostaíocht beagnach cothrom le 41% - méadú i gcomparáid le 33% in 2012.

Is ionann an staitistic thuasluaite freisin agus fianaise ar an leibhéal athraithe atá ag tarlú sa mhargadh saothair agus ar an tionchar atá ag deiseanna nua fostaíochta ar an líon daoine atá ar an mbeochlár.

Sábhálann an Státchiste thart ar €20,000 sa bhliain nuair a fhágann duine an Beochlár le tabhairt faoi fhostaíocht, trí chaiteachas leasa shóisialaigh laghdaithe agus ioncam cánach méadaithe, agus cabhraíonn sé freisin chun timthriall de bhuntáistí geilleagracha a threisiú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Bruton inniu le linn dó a bheith i bPort Láirge, áit a ndearna sé fógra suntasach maidir le poist agus infheistíocht ag Bausch and Lomb, cuideachta lonnaithe i bPort Láirge a raibh roinnt mhaith dúshlán le sárú aici le blianta beaga anuas:

“Is maith a thuigeann pobal Phort Láirge, agus pobal na tíre trí chéile, gurb ionann gach post a chailltear agus saol an duine agus an phobail lena mbaineann sé a iompú bunoscionn. Dá réir sin, is ionann gach post breise a chruthaítear agus deis saol an duine agus an phobail a fheabhsú agus breis airgid a chruthú don gheilleagar áitiúil. Is chuige sin béim shuntasach a bheith leagtha againne mar Rialtas ar chruthú post ó ceapadh in oifig muid in 2011, agus is chuige sin freisin go bhfuil struchtúir nua bunaithe againn, tríd an bPlean Gníomhaíochta do Phoist agus Bealaí chun na hOibre, chun na poist bhreise a theastaíonn a sholáthar.

“Tá an-dul chun cinn déanta againn ó seoladh an Plean Gníomhaíochta do Phoist ag tús 2012, agus tá an ráta dífhostaíochta laghdaithe ó 15.1% go 10% ó shin i leith.

“Ní féidir linn a bheith cinnte go leanfar leis an dul chun cinn, braitheann sé ar leanúint le beartais agus le hathchóirithe láidre post a chur i bhfeidhm. Ach má leanaimid leis na beartais chearta a chur i bhfeidhm féadfaimid a bheith dóchasach go n-éireoidh linn tacú le poist a chruthú, lánfhostaíocht inmharthana a bhaint amach faoi 2018 agus i ndeireadh na dála a chinntiú go gcruthófar tír bhreá le maireachtáil inti".

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le

Preasoifig DJEI Teil. 6312200 nó press.office@djei.ie