- Tháinig an Fóram Comhairleach um Chostas Gnó le chéile den chéad uair inniu
- Grúpa faoi chathaoirleacht Iar-Bhreitheamh na Cúirte Oibreachais, Kevin Foley, agus Leas-Chathaoirleach, an tUasal Ronan Byrne, Bainisteoir Óstán Bloomfield Hotel
Tionóladh an chéad chruinniú inniu den ghrúpa nua faoi stiúir na Roinne Fiontair chun scrúdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le gnó a reáchtáil.
Tá an grúpa nua bunaithe ag an Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, agus é mar aidhm aige an costas a bhaineann le gnó a reáchtáil a laghdú, agus aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar oibriú gnólachtaí in Éirinn. Den chéad uair, beidh rialtóirí i láthair go díreach chun éisteacht le húinéirí gnó agus lena hionadaithe féin.
Tugann an Fóram, úinéirí gnó, miondíoltóirí, oibreoirí turasóireachta, gairmithe cuntasaíochta agus grúpaí ionadaíocha le chéile—i dteannta rialtóirí agus gníomhaireachtaí stáit—chun breathnú ar na saincheisteanna struchtúracha atá ag cur costais suas agus na céimeanna a d’fhéadfaí a ghlacadh chun iad a mhaolú.
Táim ag tnúth leis an gcéad chruinniú den Fhóram Comhairleach um Chostas Gnó, agus éisteacht go díreach leis na daoine a reáchtálann gnólachtaí, a fhostaíonn ár saoránaigh agus a choinníonn ár ngeilleagar láidir. Creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deis ag ár rialtóirí, ár Ranna Rialtais agus ár gcinnteoirí éiteacht go díreach leis an bpríomhchohórt seo, na daoine atá ar an líne tosaigh nuair a chuirimid polasaí agus rialacháin i bhfeidhm.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uasal Kevin Foley, iar-Chathaoirleach na Cúirte Oibreachais, agus leis an Uasal Ronan Byrne, Bainisteoir Ginearálta Óstán Bloomfield, as glacadh leis na róil mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach, faoi seach. Baineann an Fóram seo le cothromaíocht agus le léiriú a dhéanamh ar gach earnáil den ghnó, agus le cinntiú go gcloistear gach guth sa phlé tábhachtach seo.
“Tar éis ár gcruinniú tosaigh, díreoidh gach seisiún ina dhiaidh sin ar théama ar leith, amhail táillí ceadúnaithe, bonneagair nó rialála, agus tabharfar cuireadh do na rialtóirí ábhartha a bheith i láthair agus freagairt. Is é an sprioc ná spás a chruthú inar féidir le gnólachtaí labhairt go díreach le cinnteoirí faoi thionchar fíordhomhanda na rialacha agus na gcostas—and réimsí a aithint chun athruithe praiticiúla a dhéanamh.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Cuimsíonn an grúpa ionadaithe ó:
- Comhlachas Tráchtála Mheiriceá (AmCham)
- Chambers Ireland
- Cuntasóirí Cairte na hÉireann
- Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC)
- Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann
- Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA)
- Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann (ISME)
- Institiúid Cánach na hÉireann
- Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann (ITIC)
- Feabhas Miondíola Éireann
- Cumainn Ghnólachtaí Beaga (SFA)
- An Banc Ceannais
- Coimisiún na Meán
- An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg)
- An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU)
- An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
- An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
- Eirgrid
- Fiontraíocht Éireann
- An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC)
- Líonraí BSL
- Fáilte Ireland
- Líonraí Gáis Éireann
- An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
- GFT Éireann
- Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ)
- Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
- Seachadadh Seirbhíse Inimirce