Nuacht & Imeachtaí

Foilsíonn an tAire Higgins Lámhleabhar Eolais nuashonraithe d’fhostaithe a bhfuil iomarcaíochtaí comhchoiteanna i ndán dóibh

13 Lúnasa 2024

D’fhoilsigh an tAire Stáit do Ghnó, Fostaíocht agus Miondíol, Emer Higgins TD, leagan nuashonraithe inniu den Lámhleabhar Eolais: Na Cearta agus na Réitigh atá ar fáil d’Fhostaithe a bhfuil Cás Iomarcaíochta Comhchoitinne i nDán Dóibh.

Foilsíodh an Lámhleabhar Eolais den chéad uair in 2021 mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais maidir le hIomarcaíochtaí Comhchoiteanna i ndiaidh Dócmhainneachta. Soláthraítear sa Lámhleabhar Eolais eolas soiléir intuigthe d’fhostaithe a bhfuil cás iomarcaíochta comhchoitinne i ndán dóibh i ndiaidh dócmhainneachta cuideachta.

Léirítear sa Lámhleabhar Eolais nuashonraithe na hathruithe ar rialacha iomarcaíochta comhchoitinne a tugadh isteach san Acht Fostaíochta (Iomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus Forálacha Ilghnéitheacha) agus Cuideachtaí (Leasú), 2024. Ghabh éifeacht leis na hathruithe sin ón 1 Iúil 2024. Foráiltear leo go ndéanfar cineál cúiteamh nua ar fhostaithe sa chás go gcuireann a bhfostóir ar iomarcaíocht iad roimh dheireadh na tréimhse fógra 30 lá atá leagtha amach sa dlí. Feabhsaíonn siad freisin teidlíochtaí fostaithe ar eolas, mar chreidiúnaithe faoi dhlí na gcuideachtaí agus mar oibrithe araon, i gcás dócmhainneachta a bhfostóra. 

Dúirt an tAire Higgins:

“Is achmhainn úsáideach é an Lámhleabhar Eolais d’fhostaithe ó foilsíodh in 2021 é. Léiríonn an Lámhleabhar nuashonraithe seo na hathruithe reachtaíochta a rinneamar le déanaí chun cearta fostaithe a fheabhsú tuilleadh agus iomarcaíochtaí comhchoiteanna i ndán dóibh.

“Tá fórsa saothair na hÉireann ag éirí níos éagsúlaí agus níos ilteangaí. Tá sé fíorthábhachtach gur féidir linn cabhrú le gach fostaí a gcearta a thuiscint agus iomarcaíochtaí comhchoiteanna i ndán dóibh. Sin an fáth gur fhoilsíomar achoimre nua i dTeanga Shimplí foilsithe, atá ar fáil in ocht dteanga éagsúla.

“Molaim d’aon duine a bhféadfadh iomarcaíochtaí comhchoiteanna bheith i ndán dóibh an Lámhleabhar Eolais a sheiceáil chun teacht ar eolas soiléir intuigthe faoina gcearta.” 

Nótaí don Eagarthóir

Tugadh na leasuithe seo a leanas isteach san Acht Fostaíochta (Iomarcaíochtaí Comhchoiteanna agus Forálacha Ilghnéitheacha) agus Cuideachtaí (Leasú) 2024.

Leasaíodh an tAcht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977, a rialaíonn rialacha iomarcaíochta comhchoitinn chun:

  1. An díolúine a bhaint ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt maidir le iomarcaíochtaí comhchoiteanna de bharr dhócmhainneacht an fhostóra. Is éard is brí leis sin ná go bhfuil gach iomarcaíocht chomhchoiteann faoi réir tréimhse fógartha 30 lá sula ngabhann éifeacht leo, lena n-áirítear cás a bhíonn an fostóir dócmhainneach.
  2. Foráil a dhéanamh go bhféadfaidh fostaithe cúiteamh a lorg ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) i gcás ina gcuireann a bhfostóir ar iomarcaíocht iad sula gcríochnaíonn an tréimhse fógartha 30 lá. Baineann an t-athrú seo le iomarcaíocht chomhchoiteann, ní hamháin na cinn sin a mbíonn dócmhainneacht ina gcúis leo. Tá sé sin sa bhreis ar an gceart reatha atá ag fostaithe gearán a dhéanamh leis an WRC má theipeann ar a bhfostóir dul i gcomhairle lena n-ionadaithe nó faisnéis a sholáthar dóibh.
  3. Acht 1977 a ailíniú le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), trí fhoráil a dhéanamh go sainráite nach mór do leachtaitheoir nó ceapaí comhchosúil oibleagáidí an fhostóra a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil an próiseas iomarcaíochta comhchoitinne á bhainistiú acu i gcás dócmhainneachta.
  4. Foráil a dhéanamh, i gcás ina bhfuil leachtaitheoir nó ceapaí comhchosúil ag bainistiú an phróisis iomarcaíochta comhchoitinne i gcás dócmhainneachta agus go dteipeann orthu a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Acht, féadfaidh an Coimisiún iad a ionchúiseamh, le fíneáil uasta ar chiontú de €5,000.
  5. Nuashonrú a dhéanamh ar na modhanna trína bhféadfaidh fostóirí fógra a thabhairt don Aire faoi iomarcaíochtaí comhchoiteanna atá beartaithe.

Leasaíodh Acht na gCuideachtaí 2014, a thacaíonn le creat téarnaimh agus dócmhainneachta corparáidí nua-aimseartha agus solúbtha na hÉireann, chun:

  1. Feabhas a chur ar cháilíocht agus ar scaipeadh faisnéise ar oibrithe mar chreidiúnaithe, amhail cinntiú de go bhfuil teacht acu, laistigh de thréimhse réasúnta, ar Ráiteas Gnóthaí na cuideachta a chomhdaítear leis an gcúirt agus lena chinntiú go gcuireann an leachtaitheoir sealadach in iúl dóibh faoina c(h)eapachán, go míníonn sé/sí an próiseas leachtaithe agus go dtugann sé/sí cuireadh dóibh faisnéis ábhartha a sholáthar.
  2. Cinntiú de go bhfuil teacht níos fearr ag creidiúnaithe ar réitigh ar sheachaint idirbheartaíochta. 

Tá achoimre i dTeanga Shimplí ar an Lámhleabhar Eolais ar fáil sna teangacha seo a leanas: Béarla, Gaeilge, Fraincis, Spáinnis, Araibis, Portaingéilis, Polainnis agus Rómáinis.