Nuacht & Imeachtaí

Feidhmíocht fhíor-dhaingean easpórtála in 2013 – an tAire Bruton

An 14 Feabhra 2014

Dúirt an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, an tUasal Richard Bruton, T.D., inniu (Dé hAoine) go dtugann figiúirí easpórtála earraí na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) feidhmíocht fhíor-dhaingean le fios i measc easpórtálaithe na hÉireann agus aird ar an méid atá ag tarlú sna margaí domhanda.

Thug figiúirí an CSO le fios go raibh méadú 14% tagtha ar easpórtálacha i Nollaig 2013 i gcomparáid le Nollaig 2012. Nuair a chuirtear Nollaig 2012 i gcomparáid le Nollaig 2013, bhí méadú 43% tagtha ar easpórtálacha táirgí Leighis agus Cógaisíochta aníos go dtí €1.53 billiún, tháinig méadú 15.7% ar easpórtálacha bia agus ainmhithe beo aníos go dtí €817 milliún agus tháinig méadú 27% ar threalamh Innealra agus Iompair aníos go dtí €1.020 billiún.

Cé gur tháinig laghdú 5% anuas go dtí €86.9 billiún ar easpórtálacha earraí na hÉireann i gcomparáid leis na leibhéil ab airde a baineadh amach in 2012, baineann go leor de seo leis na hathruithe a bhfuiltear an-fheasach orthu a bhí ag tarlú san earnáil cheimic chógaisíochta.

Is é SAM margadh singil easpórtála is mó na hÉireann go fóill agus tháinig méadú aníos go dtí €18.4 billiún ar na heaspórtálacha ann in 2013. Léiríonn fás leanúnach na n-easpórtálacha chuig SAM iomaíocht bhunúsach an gheilleagair sa trádáil idirnáisiúnta.

Anuas air sin, tháinig méadú, chomh maith, ar easpórtálacha chuig na príomh-spriocthíortha: an Bhrasaíl, an India, an Araib Shádach agus an Rúis in 2013 i gcomparáid le 2012. Tháinig méadú 6% orthu seo aníos go dtí €1.8 billiún agus léiríonn siad na hinfheistíochtaí a rinneadh i bhforbairt an mhargaidh a rinne gníomhaireachtaí fiontair na Roinne agus Fiontraíocht Éireann, go háirithe. Tháinig méadú 9% ar na heaspórtálacha chuig Singeapór, chomh maith leis sin, go dtí €560 milliún. Léiríonn seo tábhacht gheilleagair bheaga na hÁise a bhaineann lenár gclár foriomlán easpórtála agus an aird mhéadaithe atá á tabhairt ar ár láithreacht a mhéadú ar fud mhórcheantar na hÁise, ina bhfuil Singeapór mar phríomhthairseach.

Lean an earnáil Agraibhia le feidhmíocht mhaith a thaispeáint agus tháinig méadú 8% ar easpórtálacha bia agus ainmhithe beo agus tháinig méadú mór 15% ar easpórtálacha táirgí déirí. Léiríonn an fheidhmíocht seo cáilíocht agus iomaíocht ár n-earnála gnó talmhaíochta agus cumas na hearnála chun tacú le fostaíocht a bhaineann le cúrsaí easpórtála ar fud na réigiún.

Dúirt an tAire Bruton, agus é ag labhairt tar éis dó filleadh óna chéad chomh-mhisean trádála riamh le hAirí na RA agus Thuaisceart Éireann go dtí Singeapór mar chuid de mhisean 4 lá Fhiontraíocht Éireann chuig an Áise Thoir Theas:

“Léiríonn na figiúirí easpórtála earraí le haghaidh 2013 feidhmíocht fhíor-dhaingean agus aird ar an méid atá ag tarlú san earnáil cheimic chógaisíochta, tugann na figiúirí an-dearfach le haghaidh na Nollag roinnt cúiseanna lena chreidiúint go bhfuil an treocht ag gluaiseacht sa treo ceart arís. Tháinig méadú de bhreis ar 12,000 ar fhostaíocht i gcuideachtaí easpórtála le linn 2013, a léiríonn feidhmíocht an-láidir bhunúsach ag na cuideachtaí easpórtála in ainneoin na ndeacrachtaí, agus leanann an earnáil seirbhísí le feidhmíocht an-láidir a léiriú.”

“An tseachtain seo i Singeapór agus sa Mhalaeisia, chonaic mé arís eile an obair dhochreidte atá á déanamh ag cuideachtaí Éireannacha sna margaí domhanda, agus a ndíolacháin a mhéadú agus breis post a chruthú ar ais in Éirinn dá bharr. Táim cinnte deimhin de gur féidir linn breis fáis a thabhairt faoi deara inár n-easpórtálacha, má fhaighimid na tacaíochtaí cearta ón Rialtas, chun cabhrú linn na poist a theastaíonn uainn a chruthú".