Nuacht & Imeachtaí

Nochtadh Straitéis Nua an Aontais Eorpaigh um Thurasóireacht Inbhuanaithe agus Cruinniú Mullaigh Airí Turasóireachta an Aontais Eorpaigh á Óstáil ag Uachtaránacht na hÉireann

4 Samhain 2026

Déanfaidh an Coimisinéir Eorpach um Iompar agus Turasóireacht Inbhuanaithe, Apostolos Tzitzikostas, Straitéis an Aontais um Thurasóireacht Inbhuanaithe a foilsíodh le déanaí a chur i láthair ag Cruinniú Mullaigh Airí Turasóireachta an Aontais Eorpaigh sa Mhuileann gCearr amárach, an 5 Samhain. Is é an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD, a bheidh ina óstach ar an gcruinniú mullaigh mar chuid de chlár Uachtaránacht na hÉireann.

Cloch mhíle thábhachtach is ea foilsiú na Straitéise d’earnáil turasóireachta na hEorpa agus tagann sé roimh chruinniú ardleibhéil d’airí turasóireachta agus d’ard-oifigigh ó gach cearn den Aontas Eorpach chun todhchaí thurasóireacht na hEorpa a phlé. Tá an Straitéis ceaptha chun iomaíochas, inbhuanaitheacht agus athléimneacht éiceachóras turasóireachta na hEorpa a neartú agus léirítear léi an t-aitheantas atá ag méadú don turasóireacht mar spreagthóir straitéiseach don fhás eacnamaíoch, don fhostaíocht agus don fhorbairt réigiúnach ar fud an Aontais. Agus é ag cur fáilte roimh fhoilsiú na Straitéise agus roimh chuairt an Choimisinéara, dúirt an tAire Burke:

"Cuirim fáilte mhór roimh ghlacadh Straitéis an Aontais Eorpaigh um Thurasóireacht Inbhuanaithe, arb ionann í agus garsprioc thábhachtach do bheartas turasóireachta san Eoraip. Tacaíonn an turasóireacht leis na milliúin post, spreagann sí gníomhaíocht eacnamaíoch i bpobail uirbeacha agus tuaithe araon agus tá ról ríthábhachtach aici i gcúrsaí iomaíochais idirnáisiúnta na hEorpa. Léirítear le foilsiú na Straitéise seo tiomantas athnuaite ar an leibhéal Eorpach chun a áirithiú go mbeidh an turasóireacht inbhuanaithe, nuálach, athléimneach agus in ann tairbhí a sholáthar do phobail áitiúla agus do chuairteoirí araon.

Tacaíonn an turasóireacht le breis agus 270,000 post ar fud na hÉireann agus is bunchloch í de go leor geilleagar réigiúnach agus tuaithe. Le foilsiú Straitéis an Aontais um Thurasóireacht Inbhuanaithe tugtar deis thábhachtach chun forbairt na hearnála amach anseo a mhúnlú, rud a áirithíonn go mbeidh sí iomaíoch, athléimneach agus inbhuanaithe i gcónaí.

Tá áthas ar leith orm fáilte a chur roimh an gCoimisinéir, roimh mo chomhghleacaithe aireachta agus roimh thoscaireachtaí sinsearacha ó gach cearn den Aontas Eorpach go dtí an Muileann gCearr don phlé thábhachtach seo."

Dúirt an Coimisinéir um Iompar agus Turasóireacht Inbhuanaithe, Apostolos Tzitzikostas:

“Tá an turasóireacht ar cheann de na sócmhainní straitéiseacha eacnamaíocha is mó atá san Eoraip. Spreagann sí fás agus nuálaíocht, cruthaíonn sí na milliúin post agus tacaíonn sí le gnólachtaí agus le pobail i ngach cearn den Eoraip, agus tá FBManna i gcroílár neart agus iomaíochas na hearnála. Le Straitéis an Aontais um Thurasóireacht Inbhuanaithe, tá an t-aitheantas agus an áit ar chlár oibre beartais an Aontais atá tuillte ag an turasóireacht á dtabhairt againn di, agus ag an am céanna tá gnólachtaí, cinn scríbe agus údaráis phoiblí á dtabhairt le chéile againn i dtaca le fís choiteann chun turasóireacht na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos athléimní, lena áirithiú go mbainfidh gnólachtaí, pobail áitiúla agus saoránaigh ar fud na hEorpa tairbhe aisti.”

Is é Cruinniú Airí Turasóireachta an Aontais Eorpaigh buaicphointe shraith imeachtaí turasóireachta a eagraíodh faoi Uachtaránacht na hÉireann. Tháinig oifigigh shinseareacha turasóireachta ó gach cearn den Aontas Eorpach le chéile i mBaile Átha Cliath an 3 Samhain le haghaidh cruinniú de chuid na nArd-Stiúrthóirí Turasóireachta, agus tiocfaidh lucht ceaptha beartas, gníomhaireachtaí turasóireachta, ionadaithe ón tionscal agus páirtithe leasmhara le chéile sa Mhuileann gCearr an 4 Samhain don 25ú Fóram Turasóireachta Eorpach.

Is é téama Fhóram na bliana seo "Todhchaí Níos Fearr don Turasóireacht a Chruthú: Baint as an Nuálaíocht, as an bhFiontraíocht agus as an Digitiú". Díreofar sna pléití a bheidh ar siúl thar na trí lá ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimh thurasóireacht na hEorpa, lena n-áirítear iomaíochas, inbhuanaitheacht, forbairt scileanna, nuálaíocht, claochlú digiteach agus infheistíocht.

Tá an tAontas Eorpach fós ar an gceann scríbe turasóireachta is mó ar domhan, agus cuirtear fáilte roimh bheagnach 600 milliún cuairteoir idirnáisiúnta gach bliain. Cuireann an turasóireacht thart ar 11 % d’oll-bhreisluach an Aontais Eorpaigh ar fáil agus tacaíonn sí le breis agus 20 milliún post ar fud na hEorpa, agus is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide cnámh droma na hearnála.

Tá sé i gceist leis an Straitéis nua cuidiú lena áirithiú go mbeidh earnáil turasóireachta na hEorpa fós iomaíoch agus í ag freagairt do mhór-dúshláin agus do mhór-dheiseanna. Díreofar an phlé ag Cruinniú Mullaigh na nAirí ar an dóigh ar féidir uaillmhianta na Straitéise a aistriú go bearta praiticiúla lena dtacaítear le gnólachtaí turasóireachta, lena neartaítear geilleagair áitiúla, lena gcosnaítear cinn scríbe agus lena bhfeabhsaítear athléimneacht na hearnála.

Agus na himeachtaí seo á n-óstáil faoi Uachtaránacht na hÉireann, tugann an deis dúinn chun an phlé a mhúnlú maidir le todhchaí thurasóireacht na hEorpa agus, ag an am céanna, taispeántar á bhfuil le tairiscint ag turasóireacht na hÉireann agus a tiomantas d’earnáil turasóireachta atá inbhuanaithe, nuálach agus iomaíoch.

Nótaí d’Eagarthóirí

Straitéis an Aontais um Thurasóireacht Inbhuanaithe dírítear ar cheithre phríomhthosaíocht:

  • Iomaíochas éiceachóras turasóireachta na hEorpa a neartú trí thacaíocht a thabhairt do FBManna, don nuálaíocht, don digitiú agus d’fhorbairt scileanna;
  • Inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta a chur chun cinn agus athléimneacht i leith dúshláin amach anseo á cothú ag an am céanna;
  • Comhar idirnáisiúnta a fheabhsú agus an Eoraip a chur chun cinn mar an ceann scríbe turasóireachta is mó tábhacht ar domhan; agus
  • Feabhas a chur ar an rialachas, ar an gcomhordú infheistíochta agus ar an gcomhar ar gach leibhéal rialtais agus san earnáil turasóireachta.

CRÍOCH