Nuacht & Imeachtaí

Dlí nua chun séisíní fostaithe a chosaint le tabhairt isteach ón 1 Nollaig

31 Deireadh Fómhair 2022 

  • Cearta maidir le séisíní a íoc le fostaithe le tabhairt isteach de réir dlí

  • Tuilleadh soiléireachta do chustaiméirí

  • Riachtanais nua ar fhostóirí ina léirítear go soiléir a bpolasaí ar shéisíní agus táillí seirbhísí

  • Ní mór aon táille ar a dtugtar ‘táille seirbhíse’ a dháileadh ar an bhfoireann amhail is dá mba shéisín nó aisce é a fhaightear trí mheán leictreonach  

D’fhógair an Tánaiste agus Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD, inniu go dtiocfaidh an tAcht um Íoc Pá (Leasú) (Séisíní agus Aiscí) 2022 i bhfeidhm ar an 1 Nollaig.

Beidh tréimhse ceithre seachtaine idir seo agus an 1 Nollaig chun go leor ama a thabhairt d’fhostóirí ullmhú do na hathruithe de réir am dlí, athruithe ar cuireadh in iúl iad in am maith roimhe seo. 

Agus é ag cur fáilte roimh an Acht nua, arsa an Tánaiste:

“Is féidir le séisíní a bheith ina gcuid shuntasach de ghlanphá fostaí agus rachaidh na hathruithe seo píosa maith chun a chinntiú go dtabharfar na séisíní seo do na daoine a thuill iad.  Is céim dhearfach é an dlí nua seo chun cearta agus teidlíochtaí oibrithe ar phá níos ísle a fheabhsú chomh maith le trédhearcacht a sholáthar do chustaiméirí. Cé go gcaitheann bunús fostóirí go cothrom lena bhfoireann, cuideoidh sé seo le deireadh a chur le droch-chleachtais agus tabharfar muinín do chustaiméirí go bhfuil na séisíní a thugann siad á n-íoc leis an bhfoireann.”

Tugann an dlí nua teidlíocht dhlíthiúil d’fhostaithe séisíní agus aiscí a fháil a íoctar i bhfoirm leictreonach agus ceanglaítear go n-íocfaí na séisíní agus na haiscí sin le hoibrithe ar bhealach atá cothrom in cibé imthosca a bheidh i gceist. Ní mór aon táille ar a dtugtar ‘táille seirbhíse’, nó aon rud eile a chuirfeadh in iúl do chustaiméir gur táille seirbhíse é, a dháileadh ar an bhfoireann  amhail is dá mba shéisín nó aisce é a fhaightear trí mheán leictreonach. 

Beidh dáileadh cothrom séisíní ag brath ar an gcomhthéacs, ag cur san áireamh nithe amhail sinsearacht nó taithí an fhostaí, luach na ndíolachán a ghineann siad, líon na n-uaireanta a oibríodh, agus mar sin de. 

Ceanglaítear ar an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta de réir an Achta athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht tar éis di a bheith i bhfeidhm ar feadh bliana. Dá bhrí sin, beidh an tAire in ann measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart, agus cinneadh a dhéanamh faoi cé acu atá nó nach bhfuil bearta eile riachtanach.  

Is tríd an dlí seo a chuirtear le cearta eile oibrithe atá le tabhairt isteach ag an Rialtas, lena n-áirítear Pá Breoiteachta Reachtúil, Saoire Phoiblí nua i bhFeabhra, agus Ceart chun Cianobair a Iarraidh atá ag teacht agus an bogadh i dtreor Pá Maireachtála Náisiúnta.  

Nótaí d'Eagarthóirí 

  1. Tá an tOrdú um Thosach Feidhme don Acht um Íoc Pá (Leasú) (Séisíní agus Aiscí) 2022 sínithe anois ina dhlí ag an Tánaiste. Tá Rialacháin sínithe aige freisin chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Achta a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Nollaig. 
  2. Forordaítear sna Rialacháin um Íoc Pá (Feidhm Ailt 4B go 4F) 2022 na réimsí seirbhíse sa gheilleagar lena mbeidh feidhm ag an Acht. Is iad na príomhearnálacha lena mbainfidh an tAcht turasóireacht, fáilteachas, gruagaireacht, tacsaithe agus seirbhísí seachadta. Meallann na hearnálacha seo céatadán suntasach de dhaoine óga, mic léinn, mná, agus oibrithe imirceacha ar minic nach é an Béarla an chéad teanga acu. D’fhéadfadh sé go gcuirfí leis an liosta seo amach anseo má thagann réimsí nua chun cinn sa gheilleagar le himeacht ama ina bhfuil tabhairt séisíní go forleathan ann. 
  3. Forálann na Rialacháin um Íoc Pá (Fógra Taispeána) 2022 d’fhógra séisíní agus aiscí a thaispeáint. Ceanglófar ar gach fostóir faisnéis a thaispeáint faoin mbealach a roinntear nó a ndáiltear séisíní nó aiscí agus táillí éigeantacha ar fhostaithe. Ní mór na nithe seo a leanas a lua leis an eolas atá le taispeáint: 
  • cé acu a thugtar nó nach dtugtar séisíní nó aiscí d'fhostaithe agus idir fhostaithe,
  • sna cásanna ina dtugtar séisíní nó aiscí d’fhostaithe, an bealach a ndáiltear iad agus na méideanna a dháiltear,
  • cé acu a thugtar nó nach dtugtar amach táillí sainordaitheacha, nó aon chuid díobh, d’fhostaithe, agus má thugtar, an bealach a ndáiltear iad agus na méideanna a dháiltear, agus
  • cibé faisnéis eile nó faisnéis bhreise a fhorordófar le Rialachán. 

Beidh fostóir a sháróidh na hoibleagáidí taispeána seo ciontach i gcion agus gearrfar, má chiontaítear go hachomair, fíneáil Aicme C air.