Nuacht & Imeachtaí

Fáiltíonn an tAire Burke roimh thograí an Aontais chun rómhaorlathas a laghdú agus na hoibleagáidí ar ghnó a shimpliú i ndáil le hinbhuanaitheacht chorparáideach

31 Márta 2025

D’fháiltigh an tAire Fiontair, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, roimh thograí ón gCoimisiún Eorpach chun athruithe suntasacha a thabhairt isteach ar na ceanglais atá ar chuideachtaí tuairisc a thabhairt ar chúrsaí inbhuanaitheachta corparáidí.

Le tograí an Choimisiúin, bainfear tuairim is 80% de chuideachtaí ó raon feidhme na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (TTCI), agus díreofar na hoibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta ar na cuideachtaí is mó ar dóichí go mbeidh an tionchar is mó acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. I gcás cuideachtaí móra, arb iad an príomhchatagóir atá faoi raon feidhme TTCI faoi láthair, chuirfeadh togra Omnibus srian ar chur i bhfeidhm na gceanglas do na cuideachtaí sin amháin a bhfuil 1,000 fostaí acu, i gcomparáid le 250 fostaí faoin dlí atá i bhfeidhm faoi láthair. Áiritheofar freisin leis na hathruithe atá beartaithe nach gcuirfidh ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta ar chuideachtaí móra ualach ar chuideachtaí níos lú ina slabhraí luacha. Ina theannta sin, leis an togra ‘Stad an Clog’ chuirfí siar freisin na ceanglais maidir le tuairisciú ar feadh dhá bhliain do chuideachtaí atá faoi raon feidhme TTCI faoi láthair agus a gceanglaítear orthu tuairisciú den chéad uair in 2026 nó in 2027.

Go luath, beidh an tAire Burke ag leasú reachtaíocht na hÉireann atá ann faoi láthair lena rialaítear TTCI chun raon feidhme na gcuideachtaí cumhdaithe a shoiléiriú agus a laghdú a thuilleadh, agus dhírigh an tAire freisin ar thogra Stad an Clog de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm go tapa mar aon leis na hathruithe atá beartaithe ag Omnibus i gcoitinne, a luaithe a ghlacfar iad ar leibhéal an Aontais agus, ar an gcaoi sin, cinnteacht a sholáthar do ghnó ar gach leibhéal in Éirinn.

Déanfar na leasuithe atá beartaithe ar an Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil le hinbhuanaitheacht chorparáideach a bhí le teacht i bhfeidhm faoi Iúil 2026, a chur siar ar feadh bliana agus laghdófar go suntasach leo na ceanglais chomhlíonta ar ghnóthais lena mbaineann.

Dúirt an tAire Burke:

“Cé go raibh bunús maith le croíphrionsabal chóras tuairiscithe inbhuanaitheachta corparáidigh bunaidh an Aontais i gcomhthéacs Chomhaontú Glas an Aontais, bhí leibhéal an ualaigh riaracháin a bhain leis an TTCI bunaidh iomarcach, do chuideachtaí móra agus go háirithe do chuideachtaí beaga agus meánmhéide.

Tacaím go láidir leis an gclár oibre um shimpliú agus laghdú ualaigh atá á stiúradh ag Uachtarán von der Leyen ar leibhéal na hEorpa, chun iomaíochas gnólachtaí san Aontais a uasmhéadú sa timpeallacht trádála dhomhanda atá ag athrú. Ar ndóigh, cabhróidh na hathruithe beartaithe seo go mór le fiontraíocht in Éirinn, agus go háirithe lenár gcuid FBManna.

Beidh mé ag tacú le hathruithe beartaithe an Choimisiúin ar leibhéal an Aontais, agus beidh mé ag moladh go gcomhaontófar iad a luaithe is féidir, chun an chinnteacht dhlíthiúil atá ag teastáil a thabhairt do ghnólachtaí, agus ionas gur féidir liom tosaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na n-athruithe a luaithe is féidir in Éirinn.”

Nótaí d’eagarthóirí

Ba í Treoir (AE) 2022/2464 maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (TTCI) freagairt an Aontais ar athchóiriú domhanda tuairiscithe cuideachtaí chun cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a áireamh. Tháinig sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2023 agus eascraíonn sé as an gComhaontú Glas don Eoraip agus as Plean Gníomhaíochta an Aontais chun Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú. Ba é aidhm TTCI rialacha an Aontais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta ag cuideachtaí a chomhchuibhiú agus é sin a chur ar an mbonn céanna le tuairisciú airgeadais, agus rochtain á tabhairt d’infheisteoirí agus do pháirtithe leasmhara eile ar fhaisnéis chun rioscaí infheistíochta a eascraíonn as athrú aeráide agus saincheisteanna inbhuanaitheachta eile a mheasúnú.

Trasuíodh TTCI, in am, in Éirinn an 5 Iúil 2024 le IR Uimh 336/2024 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach) 2024. Bhí gá le líon beag leasuithe soiléirithe teicniúla, agus shínigh an tAire ionstraim leasaitheach ghairid an 1 Deireadh Fómhair 2024, IR Uimh 498/2024.

Leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (AE) 2024/1760, cuirtear oibleagáidí dlíthiúla ar chuideachtaí faoina raon feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhíobhálacha ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine a eascraíonn as a n-oibríochtaí. Ní mór do chuideachtaí dícheall cuí maidir le cearta daonna agus an comhshaol a dhéanamh chun tionchair dhíobhálacha iarbhír nó ionchasacha a shainaithint agus chun méid na dtionchar sin a chosc / a mhaolú / íoslaghdú. Ceanglaítear ar chuideachtaí plean aistrithe aeráide a ghlacadh freisin. Tá éifeacht le tabhairt don Treoir faoi láthair ar leibhéal na mBallstát faoi mhí Iúil 2026.

CRÍOCH