Nuacht & Imeachtaí

Cuireann Aire de Nais fáilte roimh na figiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh a dhearbhaíonn líon na ndaoine dífhostaithe is ísle ón 2009

Ráta dífhostaíochta 9.7% do Mhí an Mheithimh 2015

30ú Meitheamh 2015

Tá an tAire Gnó agus Fostaíochta, Gearailt de Nais TD, tar éis fáilte a chur roimh na figiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh a thaispeánann go bhfuil líon na ndaoine dífhostaithe ag a leibhéal is ísle ón 2009. Dearbhaíonn figiúirí a foilsíodh inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh gurb é 9.7% an ráta i Mí an Mheithimh.

Bhí laghdeú de 500 ar líon na ndaoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir, i Mí an Mheithimh i gcomparáid leis an mí roimhe. Cé gurb ionann iad an figiúr céatadáin agus an figiúr athbhreithnithe do Mhí na Bealtaine, is titim suntasach í ón tréimhse chéanna anuraidh, nuair ba ea 11.4% an ráta dífhostaíochta.

Dúirt an tAire de Nais, "Tá breis agus 35,900 níos mó daoine ag obair anois i gcomparáid le Mí an Mheithimh anuraidh. Is dea-scéal é sin do na daoine féin, dá dteaghlach agus dá gcomhphobal níos leithne. É sin ráite, tá a lán fós le déanamh chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine atá ag lorg poist ar phost faoin 2018."

"Taispeánann na figiúirí céatadáin, a bhí dearbhaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu, go dtéann an tasc i ndeacracht de réir mar a dhírímid ar sprioc na lánfhostaíochta. Ní chuirfidh sé sin as dúinn agus leanfaidh mo Roinn féin, tríd an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Post, agus Roinn an Tánaiste trí Pathways to Work, ag obair gan stad chun a chinntiú go gcruthóimid an timpeallacht cheart maidir le cruthú post agus ionas go dtabharfaimid na scileanna, an oiliúint agus na deiseanna oideachais mar is ceart do dhaoine dífhostaithe chun leas a bhaint as na poist sin."

Is ionann na figiúirí a foilsíodh inniu agus an dara tacar d'fhigiúirí maidir le Dífhostaíocht Mhíosúil ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus taispeánann sé gurb é 208,100 líon na ndaoine dífhostaithe i Mí an Mheithimh.

Taispeánann siad chomh maith go raibh titim bheag ar líon na bhfear atá dífhostaithe go 10.8% ,fad is a fhanann líon na mban atá dífhostaithe mar a bhí sé ag 8.3%.

Lean an tAire de Nais, "Inné sheol mise agus comhghleacaithe an Rialtais an Plean Gníomhaíochta Réigiúnach le haghaidh Post do Lár na Tíre, agus is ionann é sin agus an chéad cheann as sraithe de 8 bplean réigiúnacha a bhfuil sé mar sprioc acu cruthú post ar fud na hÉireann a mhéadú go sunstasach. Creidim go gcabhróidh na pleananna sin, a bhaineann leas as láidreachtaí gach réigiún agus atá dírithe ar chomhoibriú a fheabhsú idir ár ngníomhaireachtaí, údaráis áitiúla agus an earnáil phríobháideach, cabhróidh sé le poist ard-chaighdeáin a chinntiú ar fud fad na tíre."

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Deirdre Grant 01 6312227 nó 086 0484279