Nuacht & Imeachtaí

Fáilte curtha ag an Aire Humphreys roimh chinneadh Chláraitheoir na gCuideachtaí síneadh ama a chur leis an socrú reatha i leith Tuairisceáin Bhliantúla

D’fhógair an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, inniu go bhfuil cinneadh déanta ag Cláraitheoir na gCuideachtaí síneadh ama a chur leis an socrú reatha i ndáil le tuairisceáin bhliantúla a chomhdú. D'fhógair an Cláraitheoir i mí an Mhárta go measfaí gach tuairisceán bliantúil a bhí le comhdú ag cuideachta ar bith idir an 18 Márta agus an 30 Meitheamh 2020 a bheith comhdaithe in am dá mbeadh gach gné den tuairisceán bliantúil comhlánaithe agus comhdaithe faoin 30 Meitheamh. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás, tá cinneadh déanta ag an gCláraitheoir síneadh ama breise a chur leis an socrú go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Tá cinneadh déanta ag an gCláraitheoir freisin síneadh ama go dtí an 31 Nollaig 2020 a chur leis an socrú i ndáil le haonáin (cumainn tionscail agus soláthair, cara-chumainn agus ceardchumainn) a gceanglaítear orthu comhdú le Clár na gCara-Chumann.

Agus í ag cur fáilte roimh an bhforbairt seo, dúirt an tAire Humphreys:

Cé go bhfuil cuideachtaí fós ag comhdú a dtuairisceán bliantúil, beidh deacrachtaí ag cuid acu fós de bharr COVID-19. Cuirim fáilte roimh an gcinneadh seo atá déanta ag an gCláraitheoir síneadh ama a chur leis na socruithe reatha. Aithnítear leis an gcinneadh seo na deacrachtaí atá ag gnóthais agus cuireann sé soiléire ar fáil do ghnóthais den sórt sin agus dá gcomhairleoirí gairmiúla i ndáil le hoibleagáidí um chomhdú.

Measfar oibleagáidí um chomhdú a bheith comhlíonta má bhíonn gach gné de na tuairisceáin ábhartha curtha isteach faoi na dátaí thuasluaite. Moltar d’aonáin, áfach, comhdú mar is gnách i gcaitheamh na tréimhse seo más féidir leo é sin a dhéanamh.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul ar www.cro.ie, ar chuntas Twitter na hOifige um Chlárú Cuideachtaí @CRO_ie nó ríomhphost a sheoladh chuig info@cro.ie

CRÍOCH 

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Is ar an Roinn atá an phríomhfhreagracht as beartas na hÉireann ar thrádáil dhomhanda agus ar infheistíocht isteach, agus tá sí freagrach as iomaíocht chóir sa mhargadh a chur chun cinn, agus as tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le: An Phreasoifig, An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.

Mura mian leat ríomhphoist a fháil a thuilleadh ó Phreasoifig na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, is féidir leat é sin a chur in iúl dúinn ach ríomhphost a chur chuig press.office@dbei.gov.ie