Nuacht & Imeachtaí

Foilsíonn CCAO sraith de threoracha beochana ilteangacha so-úsáidte i leith Seirbhísí CCAO

28 Márta 2023

D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) inniu an chéad cheann i sraith de bheochaintí gearra chun cuidiú le húsáideoirí seirbhísí CCAO agus chun caidreamh níos comhchuí san ionad oibre a chur chun cinn ar bhonn ginearálta.

Clúdaíonn na beochaintí raon seirbhísí CCÁO lena n-áirítear:

  • An dóigh le gearán a dhéanamh leis an CCÁO agus An méid a tharlaíonn le linn Éisteacht Bhreithniúcháin
  • Dínit a chur chun cinn san Áit Oibre
  • Míniú ar Idirghabháil Réamhbhreithnúcháin
  • Míniú ar Sheirbhís Chomhairleach CCÁO

Tá na beochaintí, as Gaeilge, Béarla, Polainnis, Rómáinis, Rúisis, Spáinnis agus Úcráinis, ar fáil ar an workplacerelations.ie/wrc/en/what-we-do/wrc-videos/wrc-videos.html

Is iad na beochaintí an chéad chuid de shraith de bheochaintí atá mar chuid de chlár for-rochtana CCÁO chun feasacht a ardú ar sheirbhísí CCÁO.

Dúirt an Teachta Dála Neale Richmod, an tAire Stáit le Freagraí Speisialta as Gnóthaí Fostaíochta agus Gnó Miondíola, agus é ag caint faoin tionscnamh:

“Déanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre obair an-tábhachtach maidir le háiteanna oibre atá cothrom agus comhlíontach a sholáthar chomh maith le seirbhísí a chur ar fáil nach bhfuil leatromach do dhaoine ar fud na tíre. Beidh na beochaintí seo ina gcabhair ollmhór d’úsáideoirí seirbhísí CCÁO, atá neamhspleách, neamhchlaonta agus costéifeachtach.”

Dúirt Liam Kelly, Stiúrthóir Ginearálta CCÁO:

“Is iad na beochaintí gearra seo na cinn is déanaí i sraith tionscnamh atá ceaptha chun teagmháil a dhéanamh le daoine a bheadh in ann tairbhe a bhaint as seirbhísí an CCÁO, daoine a chur ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí agus faoi chosaint cearta oibrithe, fostóirí agus daoine eile sa Stát.”

Tá cúig oifig réigiúnacha ag an CCÁO, i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Inis agus Sligeach agus is é an misean atá aige seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar ar fud na hÉireann; seirbhís atá gasta soláimhsithe neamhspleách éifeachtach neamhchlaonta cost-éifeachtach. Soláthraíonn an CCÁO modhanna éagsúla chun díospóidí a réiteach, sásamh a bhaint amach agus forghníomhú éifeachtach a dhéanamh, agus feabhsaíonn sé caidreamh san ionad oibre, agus déantar é seo go léir saor ó tháille.

Cuidíonn na beochaintí ilteangacha le míniú a thabhairt, i dtéarmaí simplí, ar an dóigh a gcuidíonn an CCÁO le fostóirí agus fostaithe le saincheisteanna a bhaineann leis an obair.

Sa chéad bheochan ar Ghearán a Dhéanamh leis an CCÁO, leagadh amach an dóigh le gearán a dhéanamh trí úsáid a bhaint as Foirm Iarratais Gearán an CCÁO agus an méid ar cheart a bheith duit ag súil leis agus tú ag freastal ar Éisteacht Bhreithniúcháin de chuid an CCÁO.

Mínítear sa bheochan Dínit a chur chun cinn san Áit Oibre gur chóir go mbeadh  ionaid fostaíochta meáite ar a chinntiú go gcuirtear timpeallacht shábháilte ar fáil do gach oibrí, a bheadh saor ó gach cineál bulaíochta, ciapadh agus gnéaschiapadh.

Mínítear sa bheochan Idirghabháil Réamhbhreithniúcháin gur próiseas í an Idirghabháil Réamhbhreithniúcháin ina labhraíonn idirghabhálaí réamhcheaptha faoi cheisteanna gearáin leis an dá pháirtí, ina n-aonar nó le chéile, d'fhonn teacht ar chomhaontú atá inghlactha don dá thaobh. Soláthraítear leis an Idirghabháil Réamhbhreithniúcháin deis do pháirtithe cur chuige níos neamhfhoirmiúla agus neamhdhlíthiúil chun na saincheisteanna a réiteach sula dtéann an t-ábhar a fhad le hÉisteacht Bhreithniúcháin.

Leagtar amach sa bheochan deiridh an dóigh a soláthraíonn Seirbhís Chomhairleach an CCÁO raon seirbhísí d’fhostóirí agus d’fhostaithe d’fhonn an caidreamh san ionad oibre a fheabhsú. Áirítear leis seo Athbhreithnithe Comhairleacha, Cóid Chleachtais a Ullmhú, agus Forbairt Eolais agus Treoir ar dhea-chleachtas i gcaidreamh fostaithe.

Cuirfear beochaintí ghearra sa bhreis ar fáil sna míonna atá amach romhainn chun raon leathan d’faisnéis úsáideach a chlúdach a thabharfaidh cuidiú agus tacaíocht d’oibrithe agus fostóirí araon.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar An Láithreán Gréasáin um Chaidreamh san Áit Oibre

workplacerelations.ie/wrc/en/what-we-do/wrc-videos/wrc-videos.html

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Bunaíodh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) ar an 1 Deireadh Fómhair 2015. Is iad na príomhfheidhmeanna atá ag an CCÁO

  • Feabhsú an chaidrimh san ionad oibre a chur chun cinn, agus dea-chaidreamh san ionad oibre a chothabháil,
  • Comhlíonadh na reachtaíochta fostaíochta ábhartha a chur chun cinn agus a spreagadh,
  • Treoir a sholáthar maidir le comhlíonadh na gCód Cleachtais,
  • Athbhreithnithe a dhéanamh ar chaidreamh san ionad oibre ar bhonn ginearálta agus monatóireacht a dhéanamh orthu,
  • Taighde ábhartha a dhéanamh nó a choimisiúnú agus comhairle, faisnéis agus torthaí taighde a sholáthar do Chomhchoistí Saothair agus do Chomhchomhairlí Tionscail,
  • Comhairle a chur ar an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta ábhartha agus comhlíonadh na reachtaíochta sin, agus
  • Faisnéis a sholáthar don phobal maidir le reachtaíocht fostaíochta (seachas an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta)[2].

Tá cúig oifig réigiúnacha ag an CCÁO; Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh, Inis agus Sligeach agus tá foireann de bheagáinín os cionn 200 státseirbhíseach ann agus cuireann 44 Oifigeach Breithnithe eile atá ar conradh leis an obair chun cuidiú leis an tSeirbhís Breithniúcháin ar bhonn cás ar chás.  Tá ról ríthábhachtach ag an eagraíocht i sochaí na hÉireann agus sa gheilleagar i gcoitinne.

Is é an misean atá aige seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar ar fud na hÉireann; seirbhís atá gasta soláimhsithe neamhspleách éifeachtach neamhchlaonta agus cost-éifeachtach. Soláthraíonn an CCÁO modhanna éagsúla chun díospóidí a réiteach, sásamh a bhaint amach agus forghníomhú éifeachtach a dhéanamh, agus feabhsaíonn sé caidreamh san ionad oibre, agus déantar é seo go léir saor ó tháille.

Tá na nuashonruithe is déanaí ón CCÁO ar fáil ar Láithreán Gréasáin an CCÁO (www.workplacerelations.ie) agus ar chainéil shóisialta, Twitter (@WRC_IE) agus LinkedIn (linkedin.com/company/workplace-relations-commission/)

[2]Faisnéis faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta arna chur ar fáil ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas