Nuacht & Imeachtaí

Fógraíonn an tAire Humphreys Babhta Nua de na Scéimeanna Fionraí/Cuótaí Taraifí

1 Eanáir 2018

Tá an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta tar éis babhta nua de na scéimeanna fionraí/cuótaí taraifí a fhógairt inniu (1 Eanáir 2018) agus tá sí ag lorg iarratas ó dhéantóirí in earnáil na gceimiceán, in earnáil na micrileictreonaice agus in earnálacha gaolmhara.

Tugann an scéim fionraí taraifí deis do chuideachtaí den sórt sin amhábhair, comhpháirteanna nó táirgí idirmheánacha a iompórtáil ó lasmuigh den Aontas Eorpach saor ó tharaifí, mura féidir teacht ar an earra san Aontas Eorpach.

Tá an scéim cuótaí taraifí saincheaptha chun dul i ngleic le ganntanas ábhar riachtanach taobh istigh den Aontas Eorpach agus is féidir cur isteach uirthi ar an gcaoi chéanna leis an scéim fionraí.

Chuir an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys T.D., fáilte roimh an nglaoch nua agus dúirt sí: “Is maith is eol dom gur príomhchúis imní iad costais táirgthe do dhéantóirí Éireannacha agus iad ag feidhmiú sa mhargadh domhanda. Tugann na scéimeanna fionraí agus cuótaí taraifí deis iontach do ghnóthaí buntáiste iomaíochta a fháil toisc go laghdaíonn siad an costas a bhaineann le comhpháirteanna nach bhfuil ar fáil san AE a fháil. Molaim do gach déantóir Éireannach leas a bhaint as na scéimeanna seo má bhíonn riachtanas den sórt sin i gceist.”

Is é an dáta agus am deiridh le haghaidh an chéad bhabhta eile d’iarratais a bheith faighte ná 5.30pm Dé hAoine, 26 Eanáir 2018. Ba chóir iarratais a sheoladh ar an ríomhphost chuig tariffschemes@dbei.gov.ie agus iad a chur sa phost chuig an Roinn ag an seoladh thíos. Tabhair do d'aire, le do thoil, nach nglacfaidh an Roinn le hiarratais atá déanach nó nach bhfuil iomlán.

Má éiríonn le hiarratas, tiocfaidh fionraí na ndleachtanna i bhfeidhm 12 mhí i ndiaidh an t-iarratas a bheith déanta.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar an Scéim Fionraí nó Cuótaí Taraifí anseo: https://www.dbei.gov.ie/en/What-We-Do/Trade-Investment/EU-Tariff-Suspension-and-Quota-Scheme/

CRÍOCH

Chun níos mó eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: An Phreasoifig, An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 01-6312200 nó ríomhphost press.office@dbei.gov.ie

Is féidir iarratais a sheoladh chuig:

Finbarr Kiely, An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 01-6312472 nó ríomhphost: tariffschemes@dbei.gov.ie