Nuacht & Imeachtaí

Scéim Tacaíocht Dhaonnúil Éigeandála oscailte ag an Tánaiste do ghnólachtaí beaga Chorcaí agus Loch Garman atá buailte ag tuilte le déanaí

24 Samhain 2022

Inniu d’oscail an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD, Scéim Tacaíocht Dhaonnúil Éigeandála do ghnólachtaí beaga, cumainn spóirt, eagraíochtaí pobail agus deonacha nach raibh ábalta árachas tuilte a aimsiú agus a bhí buailte le déanaí ag tuilte i gcathair Chorcaí, an ceantar máguaird agus i gCo Loch Garman.

Arsa an Tánaiste:

“Cuirfidh an Scéim seo cúnamh éigeandála ar fáil do ghnólachtaí i gCathair Chorcaí agus i gCo. Loch Garman nach raibh ábalta, ainneoin nach raibh locht orthu féin, teacht ar árachas a chabhródh leis an gcostas bail a chur ar an damáiste a rinne tuilte le déanaí.”

“Táimid ag obair go dian chun gnólachtaí a chur ar a mbonnaí arís. Ar aon dul le tarluithe aimsire a bhí ann roimhe seo, is í Cónaidm na Croise Deirge in Éirinn a dhéanfaidh íocaíochtaí faoin Scéim ar son na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.” 

Is é atá sa scéim ná íocaíocht dhaonnúil tacaíochta mar chabhair leis na costais a bhainfidh le háitribh gnólachtaí beaga, spóirt, eagraíochtaí deonacha agus pobail a shocrú arís sa bhail a bhí orthu roimh na tuilte, lena n-áirítear urláir a leagan síos arís, feistis a shocrú arís agus stoc a chur ar ais nuair is ábhartha sin. Ní chuirfidh an scéim ranníocaíocht ar fáil maidir le caillteanas saothraithe ná caillteanas na dea-thola ag an ngnólacht.

Tá an tacaíocht airgeadais seo dírithe ar ghnólachtaí beaga (20 fostaí ar a mhéad), cumainn spóirt agus eagraíochtaí pobail agus deonacha, agus beidh dhá chéim i gceist:

  1. Cuirfear tús láithreach leis an chéad chéim agus cuirfear ranníocaíocht €5,000 ar fáil, ag brath ar an damáiste a rinneadh. Táthar ag déanamh go mbeidh dóthain i gceist don chuid is mó díobh siúd a buaileadh. Tá rún againn íocaíochtaí a phróiseáil chomh tapa agus is féidir.
  2. Sa chás go ndearnadh díobháil shuntasach ar luach níos mó ná €5,000 d’áitribh, is féidir le gnólachtaí cur isteach ar thacaíocht airgeadais bhreise, tar éis measúnaithe ag Cumann na Croise Deirge. Ní chuirfear tacaíocht thar €20,000 ar fáil san iomlán don dá chéim.

Beidh foirmeacha iarratais ar thacaíocht ar fáil ó Chumann na Croise Deirge in Éirinn: www.redcross.ie 

CRÍOCH