Nuacht & Imeachtaí

Cloch mhíle shuntasach bainte amach agus an ráta dífhostaíochta tite go 7.9% – Mary Mitchell O’Connor

An dífhostaíocht tite i ngach réigiún sa tír

24 Bealtaine 2016

Chuir an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh na figiúirí is déanaí ón Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlach de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh. Léiríonn na figiúirí sin gur thit an ráta dífhostaíochta go 7.9% do mhí Aibreáin agus gur thit an dífhostaíocht i ngach réigiún sa tír le bliain anuas. Tá 155,000 duine sa bhreis ag obair anois le hais mar a bhí sa bhliain 2012 nuair a seoladh an chéad Phlean Gníomhaíochta do Phoist.

Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh freisin go bhfuil fás láidir leanúnach ar an bhfostaíocht – tá 47,600 duine tar éis filleadh ar an obair le bliain anuas.

Tá fás tagtha ar an bhfostaíocht in 12 earnáil den gheilleagar as 14 cinn agus is i ngníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhísí bia agus i gcúrsaí tógála a bhí an méadú ba mhó.

Agus í ag caint inniu, dúirt an tAire Mary Mitchell O’Connor:

“Is cúis áthais agus misnigh dom figiúirí an lae inniu ón bPríomh-Oifig Staidrimh a léiríonn go bhfuil an ráta dífhostaíochta tite go 7.9%. Is rud an-dearfach freisin é gur thit an ráta dífhostaíochta i ngach réigiún den tír.

Ceann de na príomhthosaíochtaí atá agam agus mé ag tabhairt faoi mo ról nua ná cinnte a dhéanamh de go leanfaidh an treocht dhearfach seo ar aghaidh. Is é an dúshlán ná cinnte a dhéanamh de go gcoinneoimid an dul chun cinn seo ag imeacht ó tharla go dtéann cruthú post i bhfeidhm ar gach aon chontae.

Cé go léiríonn na figiúirí seo go bhfuil an ráta ag dul sa treo ceart, ní féidir linn bheith réchúiseach faoi; caithfimid coinneáil orainn ag obair i dtreo geilleagar inbhuanaithe a thógáil.

Tá mé ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go dtabharfaimid an tacaíocht cheart do ghnóthais bheaga ionas go spreagfaimid níos mó daoine chun a ngnóthas féin a bhunú agus go gcuirfimid ar a gcumas é sin a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, go gcruthófar poist ar fud na tíre. Cinnteoidh sé sin go mbainfidh gach réigiún tairbhe as na héifeachtaí iarmhartacha a bhíonn ag fás post ar an tsochaí.”

Críoch

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

An Phreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 01-6312200 nó ríomhphost press.office@djei.ie