Nuacht & Imeachtaí

Athdhearbhaíonn an tAire English tiomantas na hÉireann do Chláir Ghníomhaireachta Spáis na hEorpa le hinfheistíocht de bhreis is €125 milliún go dtí 2027, ag tacú le leathnú breise a dhéanamh ar thionscal gníomhach spáis na hÉireann

23 Samhain 2022

 D’fhreastail an tAire Stáit do Ghnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English TD, ar chruinniú tríbhliantúil de chuid Chomhairle Aireachta ESA, CM22 i bPáras. Rinne an CM22 comhaontú faoi bheartais agus straitéisí ESA as seo amach agus rinne cinntí maidir le hinfheistíocht na mBallstát i gcláir spáis sna blianta atá le teacht.

Le linn CM22, dheimhnigh an tAire English infheistíocht na hÉireann i gCláir Éigeantacha an ESA ina gcuimsítear Clár Eolaíoch ESA agus Buiséad Ginearálta ESA agus roinnt Clár Roghnach de chuid an ESA. 

Bhí cinntí infheistíochta na hÉireann ag CM22 á dtreorú ag an Straitéis Spáis Náisiúnta d’Fhiontraíocht 2019-2025. Tá sé mar aidhm ag an straitéis náisiúnta tionscal spás-ghníomhach atá láidir agus inbhuanaithe go heacnamaíoch a fhorbairt in Éirinn. De réir na straitéise, rinne Éire infheistíocht i gCláir Roghnacha as a nginfear deiseanna gnó atá inbhuanaithe ó thaobh tráchtála de, lena n-áirítear deiseanna sa mhargadh Spáis Nua atá ag teacht chun cinn agus in aistriú teicneolaíochta, agus is féidir leo siúd tacú le cuideachtaí leathnú isteach in ingir mhargaí iolracha. Leanfaidh Éire ag déanamh infheistíochta i go leor de chláir spáis ESA amach anseo ag CM22 lena n-áirítear PRODEX, Eitilt Spáis Daonna agus Taiscéalaíocht Róbataic, Breathnú ar an Domhan, Loingseoireacht, Teileachumarsáid agus Feidhmchláir Chomhtháite, Teicneolaíocht agus Iompar Spáis. 

Agus é ag labhairt ag cruinniú Aireachta ESA i bPáras, is é a dúirt an tAire English: 

“Is tráth spreagúil é seo d’Éirinn agus muid ag ullmhú chun ár gcéad satailít náisiúnta, EIRSAT-1, a láinseáil go luath in 2023, satailít a thóg foireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath trí chlár Fly Your Satellite! de chuid ESA. I bhfianaise eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht atá léirithe tríd an chéad Satailít dár gcuid a láinseáil, is amhlaidh gur tráthúil a chur in iúl dár saoránaigh, dár mic léinn agus dár bhfiontair na fáthanna a bhfuil infheistíocht i dteicneolaíocht agus i ngníomhaíocht Spáis, trínár mballraíocht in ESA, chomh tábhachtach sin agus an dóigh ar féidir léi a bheith mar chatalaíoch le haghaidh tuilleadh fáis sa gheilleagar.” 

Meastar go bhfásfaidh tionscal an spáis tráchtála go dtí thart ar $1 trilliún USD faoi 2040. Tá tionscal spáis-ghníomhach ilúsáideach agus oiriúnaitheach na hÉireann in áit mhaith chun sciar suntasach den mhargadh fáis seo a fháil agus tá go leor fiontar dúchasach cheana féin ag leathnú isteach ann go gasta. D’fhás líon na gcuideachta Éireannacha a bhfuil conarthaí ESA acu ó 70 in 2019 go 97 in 2022. Is méadú é seo de 39% thar thréimhse 4 bliana.  Is mar gheall ar an infheistíocht bhreise seo atá geallta inniu i gcláir spáis straitéiseacha ESA a bheidh cuideachtaí agus taighdeoirí Éireannacha nuálacha in ann na deiseanna atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar domhanda seo a thapú. 

Dúirt an tAire English freisin, 

“Anuraidh fuair 14 chuideachta Éireannacha conradh ón ESA den chéad uair, agus rinne beagnach leath acu sin i ndiaidh dóibh ag obair lenár nIonad Goir Gnó de chuid ESA roimhe seo. Léiríonn sé seo an ról tábhachtach a bhíonn ag infheistíocht in ESA maidir le cur le fás thionscal spásghníomhach na hÉireann.

Beidh sé ríthábhachtach don tír an fás sin a fhorbairt agus muid ag iarraidh, cosúil le tíortha eile, déileáil le dúshláin agus tionchair an athraithe aeráide, an ghéarchéim fuinnimh, tionchar buan na paindéime, agus tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin. 

“Aithníonn Rialtas na hÉireann an acmhainneacht a chuireann gníomhaíochtaí spáis, teicneolaíochtaí agus sonraí spás-díorthaithe ar fáil chun cur ar ár gcumas dul i ngleic leis na dúshláin seo anois agus amach anseo. Léiríonn an maoiniú de €125m a fógraíodh don ESA inniu thar na 5 bliana amach romhainn go bhfuilimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár bhfiontair agus dár n-eagraíochtaí taighde chun dul i ngleic leis na saincheisteanna suntasacha beartais poiblí seo. Cuirfidh an infheistíocht deiseanna ar fáil freisin d’fhiontair Éireannacha a gcumas a mhéadú agus a fhorbairt, agus ar an dóigh sin poist reatha a choinneáil agus poist nua a chruthú.” 

Tá infheistíocht an Rialtais in ESA mar chuid de straitéis níos leithne do thionscal na hÉireann agus saoráidí taighde chun rochtain a fháil ar dheiseanna chun cumais spáis a fhorbairt faoi Horizon Europe agus faoi chláir T&F eile de chuid an Aontais Eorpaigh. 

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí 

Gníomhaireacht Spáis na hEorpa agus CM22 

Eagraíocht idir-rialtasach is ea ESA, a bunaíodh i 1975, agus tá sé mar mhisean aici forbairt chumas spáis na hEorpa a mhúnlú agus a chinntiú go mbaineann saoránaigh na hEorpa agus an domhain leas as infheistíocht sa spás. Forbraíonn ESA na lainseálaithe, na spásárthaí agus na háiseanna talún atá ag teastáil chun an Eoraip a choinneáil ar thús cadhnaíochta i ngníomhaíochtaí spáis domhanda. Ar na saolta seo lainseálann sé satailítí chun breathnóireacht a dhéanamh ar an Domhan, don loingseoireacht, don teileachumarsáid agus don réalteolaíocht, seolann sé taiscéalaithe chuig na hachair is faide i gcéin den Ghrianchóras agus comhoibríonn sé i dtaiscéalaíocht an duine ar an spás. Déantar infheistíocht na mBallstát in ESA ar bhonn toraidh gheografaigh, rud a chiallaíonn go bhfuil an méid a infheistíonn Ballstát in ESA ar cóimhéid leis an méid a fhaigheann a thionscal náisiúnta ar ais i gconarthaí. 

Reáchtálann ESA Cruinniú den Chomhairle Aireachta beagnach gach trí bliana a thugann deis do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le cláir agus straitéisí na Gníomhaireachta don todhchaí.

Tuilleadh eolais maidir leis an ESA

Tuilleadh eolais maidir le CM22

Ballraíocht na hÉireann den ESA

Mar gheall ar bhallraíocht den ESA cuirtear rochtain ar fáil do ghnólachtaí na hÉireann ar eagraíocht forbartha teicneolaíochta ar luach breis agus €5 billiún in aghaidh na bliana, agus níl a chomhionann de seo áit ar bith taobh amuigh de NASA mar aon le rochtain a bhfuil an-fheabhas tagtha air ar chliaint spáis institiúideacha Domhanda agus Eorpacha, príomhchonraitheoirí agus slabhraí soláthair i gcúrsaí teicneolaíochta.

Tá ról ríthábhachtach ag ESA maidir le clár láidir Spás na hEorpa agus tionscal spáis a fhorbairt agus bhí baint mhór aige i bhforbairt na n-acmhainní speisialaithe, an-nuálaíocha, tionsclaíochta atá in earnáil spáis na hÉireann. ESA: 

  • Tugann sé tacaíocht shuntasach infheistíochta caipitil do RDI inchuideachta agus tríú leibhéal i dteicneolaíochtaí spáis ceannródaíocha le haghaidh saothrú tráchtála sna margaí domhanda spáis agus neamhspáis don earnáil FBM agus MNC.
  • Tugann sé tacaíocht do straitéis Fhiontraíocht Éireann agus IDA Éireann maidir le tacú le gnólachtaí nuathionscanta ardacmhainne, scálaithe cuideachtaí, chomh maith le hinfheistíocht dhíreach eachtrach.
  • Tugann sé tacaíocht tosaíochta do nuálaíocht teicneolaíochta agus aistriú teicneolaíochta a mbíonn easpórtálacha, díolacháin agus fostaíocht ó thionscal na hÉireann mar thoradh orthu.
  • Soláthraíonn sé ardán chun leas iomlán a bhaint as deiseanna an mhargaidh spáis dhomhanda agus chun an toradh airgeadais agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais na hÉireann le buiséid chláir spáis an AE a uasmhéadú.
  • Cuireann sé go díreach le Caiteachas Gnó ar T&F agus Caiteachas Ardoideachais ar T&F, leis na méadrachtaí agus na spriocanna go léir sa Straitéis Náisiúnta Spáis d’Fhiontraíocht 2019-2025, Tionchar 2030, Fiontraíocht 2025 agus Straitéisí FÉ agus IDA. 

An Straitéis Spáis Náisiúnta don Fhiontraíocht 2019-2025

  • D’fhoilsigh an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an Straitéis Spáis Náisiúnta don Fhiontraíocht 2019-2025 i mí an Mheithimh 2019. Leagtar amach sa straitéis fís na hÉireann maidir le fiontraíocht spáis - tionscal a fhorbairt atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus atá ag méadú ó thaobh spáis de agus tacaíocht a thabhairt dó, ag cur poist atá ar ardchaighdeáin ar fáil do gheilleagar na todhchaí. Tá tuilleadh eolais faoin straitéis ar fáil anseo: Seolann an tAire Halligan an chéad Straitéis Spáis Náisiúnta d’Fhiontraíocht 2019-2025 na hÉireann

Fiontraíocht Éireann agus ESA

Déanann Fiontraíocht Éireann comhordú ar rannpháirtíocht tionscail agus taighde na hÉireann i gcláir an ESA i gcomhar leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Is é an cuspóir atá le ballraíocht na hÉireann in ESA ná páirt a ghlacadh i gcláir spáis na hEorpa le fócas ar éascú do chuideachtaí nuálacha Éireannacha forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí spáis ceannródaíocha agus leas tráchtála a bhaint as a rannpháirtíocht ESA i margaí domhanda spáis agus neamhspáis, as a dtiocfaidh méadú ar dhíolacháin easpórtálacha agus fostaíochta.

Clúdaíonn rannpháirtíocht thionsclaíoch agus thaighde na hÉireann in ESA raon earnálacha agus réimsí teicneolaíochta lena n-áirítear bogearraí, innealtóireacht mheicniúil bheacht, teileachumarsáid, leictreonaic, optaileictreonaic, agus ardábhair lena n-áirítear trealamh, seirbhísí agus feidhmchláir úsáideora deiridh. 

Tuilleadh eolais faoi Fiontraíocht Éireann agus ESA