Nuacht & Imeachtaí

Fáilte curtha ag an Aire Trádála, Fostaíochta agus Gnó, Pat Breen TD, roimh fhoilsiú na Tuarascála ar Dhul chun Cinn ó Microfinance Ireland

  • Tacaíonn maoiniú d’iasachtaí micrea-airgeadais le níos mó ná 3,300 post
  • Tugtar 79% de na hiasachtaí do mhionfhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath

23 Samhain 2017

Chuir an tAire Trádála, Fostaíochta agus Gnó, Pat Breen TD, fáilte inniu roimh fhoilsiú thuarascáil Microfinance Ireland do R3, 2017. Léirítear sa tuarascáil is déanaí gur ceadaíodh €21m d’iasachtaí go dtí seo faoin gCiste Iasachta do Mhionfhiontair, rud a thacaigh le 3,336 post sna cuideachtaí a fuair na hiasachtaí. Déanann an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta páirtmhaoiniú ar an gCiste Iasachta do Mhionfhiontair.

Is éard a bhí le rá ag an Aire Breen faoin Tuarascáil, “Tá Microfinance Ireland ar an bhfód le 5 bliana anois agus tá sé ag tabhairt tacaíocht fós do mhionfhiontair ar fud na tíre trí na cineálacha éagsúla iasachtaí a chuireann sé ar fáil. Is fiú a thabhairt faoi deara freisin gur do mhionfhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a thugtar beagnach 80% d’iasachtaí Microfinance Ireland, rud atá ag tacú le sprioc an Rialtais 135,000 post a chruthú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath faoin mbliain 2020. Tréaslaím an dea-obair leanúnach seo le Garrett Stokes, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Microfinance Ireland, agus lena fhoireann.

Nóta d’Eagarthóirí

Microfinance Ireland Progress Report

Bhunaigh an Rialtas Ciste Iasachta do Mhionfhiontair in 2012 tríd an Acht um an gCiste Iasachta do Mhionfhiontair, 2012 agus corpraíodh Microfinance Ireland (MFI) i mí Lúnasa 2012 mar fhochuideachta de chuid an Fhorais Airgeadais Shóisialta chun an Ciste a oibriú.

Is é an fáth ar bunaíodh Ciste dá leithéid agus an fáth ar bunaíodh MFI ná go raibh sé ag dul an-dian ar mhionfhiontair go háirithe teacht ar airgead. Bhí na bainc fós ag diúltú iasachtaí sa spás micrea-airgeadais (i.e. iasachtaí suas le €25,000) ag an am sin.

Tá MFI cúig bliana ar an bhfód agus tá ag éirí go han-mhaith leis. Cé nár éirigh chomh maith leis an gcomhlacht agus a bhíothas ag súil leis ag an tús, rud a dtagraítear dó i dTuarascáil um Athbhreithniú ar MFI 2015 arna déanamh ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tá méadú suntasach tagtha ar na leibhéil ghníomhaíochta le dhá bhliain anuas. Go dtí seo, chruthaigh nó chothaigh MFI 3,336 post agus cheadaigh sé €21m d’iasachtaí. Tugadh 79% de na hiasachtaí do mhionfhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Is do thionscnóirí mná a tugadh 26% de na hiasachtaí a ceadaíodh.

 

CRÍOCH

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.