D’fhógair an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, cistiú €28.2 milliún inniu do thrí thionscadal breise faoi Ghlaoch 7 den Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (CNTB).
Agus é ag fógairt na dtionscadal inniu, dúirt an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke:
“Is deimhniú breise é an infheistíocht €28.2 milliún seo i dtrí thionscadal spleodracha eile faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha de ghealltanas leanúnach an Rialtais chun tacú le comhlachtaí agus institiúidí taighde atá ag briseadh talamh nua tríd an taighde agus nuálaíocht. Ní hamháin go dtacaíonn an infheistíocht mhór seo le gníomhaíocht T&F de réir tionscail, ach freisin cruthófar fostaíocht agus cuirfear teicneolaíochtaí ar fáil a dhéanfaidh torthaí sláinte a fheabhsú, beatha daoine a shábháil agus ár dtodhchaí a mhúnlú leis na blianta fada amach romhainn.
“Is é an tionscadal N-LIfT i gcóir leighis ailse an deontas is mó faoi CNTB go dtí seo ar luach €12 milliún san iomlán, agus is cruthúnas é go bhfuil an Rialtas réidh agus toilteanach cistiú a thabhairt don nuálaíocht ar scála mór a bhfuil fíorchumas aici an todhchaí a athmhúnlú.
“Agus an cistiú seo san áireamh, bronnadh €422 milliún ar 110 tionscadal CNTB rathúil le seacht mbliana anuas. Tá an infheistíocht seo, mar aon leis na táirgí agus seirbhísí a eascróidh aisti, ríthábhachtach d’fhonn ár rath eacnamaíoch a chothú agus leanúint de bheith ag cruthú fostaíochta agus ag caomhnú ár n-iomaíochas idirnáisiúnta.”
Chuir James Lawless, TD, Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta, agus Eolaíochta leis:
“Is léir go bhfuil an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha ina chrann taca thar a bheith tábhachtach dár n-earnáil taighde. Tá na comhshaothair seo idir an earnáil fiontair agus an earnáil taighde ag sábháil beathaí agus ag feabhsú torthaí sláinte. Leis an gcistiú atá ar fáil, cumasaítear comhlachtaí agus institiúidí taighde ar fud na tíre céimithe ardleibhéil a earcú chun teacht ag obair ar a dteicneolaíochtaí ceannródaíocha. Tá teacht go héasca ag céimithe taighde ar sholáthar seasta deiseanna fostaíochta agus deis acu a mac-fhiontair féin a fhorbairt fiú. Tá an Ciste ag cabhrú le meon fiontraíoch a chothú inár n-institiúidí tríú leibhéal a thiontaíonn eolas ina réitigh, rud a dhéanann saolta a fheabhsú, nuálaíocht a spreagadh agus dul chun cinn agus rath a chinntiú ó thaobh na heacnamaíochta agus na sochaí de ar deireadh.”
Soláthraíodh an deontas is mó go dtí seo faoi CNTB, ar luach €12 milliún beagnach, don tionscadal spleodrach N-LIfT, a bhfuil sé mar aidhm aige frithsheasmhacht chóir leighis in aghaidh siada aibithe nó siada meiteastáiseacha soladacha nach bhfreagraíonn do theiripe a thuilleadh a shárú. Cuirfidh an cuibhreannas LIfT BioSciences, Hooke Bio agus Ollscoil na Gaillimhe an t-ardán N-LIfT chun cinn chun an chéad tástáil de theiripe IMAN ar dhaoine a sheoladh, agus díreofar ar shiada aibithe soladacha atá frithsheasmhach in aghaidh cóir leighis. D’fhéadfaí go ndéanfaidh an tionscadal fíorthábhachtach seo go leor beathaí a shábháil.
Tugadh deontas do thionscadal eile - Ventripump - ar luach €9.3 milliún, a bhfuil sé mar aidhm aige ardán cuimsitheach feistí leighis a fhorbairt chun cóir leighis a chur ar shuaitheadh cardaigineach. Seo é an chéad nuálaíocht shuntasach i margadh a bhfuil na rátaí báis fós ró-ard le blianta fada anuas. Déanfaidh an cuibhreannas CardiacBooster, Integer Holdings agus Fire1 Ventripump a fhorbairt agus a dheimhniú mar an gcaighdeán is airde sonraíochta chun cóir leighis a chur ar shuaitheadh cardaigineach. Tá an-ghealladh faoin tionscadal seo maidir le torthaí sláinte a fheabhsú agus cailliúint beatha a chosc.
Tugadh deontas €6.9 milliún don tríú tionscadal - MIMRAD 5D - lena gcruthófar torthaí tiomána níos sábháilte do chách. Forbróidh an cuibhreannas Provizio Teoranta, Robert Bosch Ireland Teoranta agus Ollscoil Luimnigh dearadh radair íomháineachais dhlúith chost-éifeachtúil lena dtabharfar aireachtáil IS Provizio, trasghlacadóir den chéad ghlúin eile de chuid Bosch agus saineolas OL ar chumasc braiteoirí d’Ardchórais Cúnta Tiománaí (ACCT) agus é mar aidhm aige bás agus taismeach ar bhóithre a chosc trí líon na n-imbhuailtí ar bhóithre nó a thromchúisí atá siad a laghdú.
Dúirt Jenny Melia, POF, Fiontraíocht Éireann:
“Is é an sprioc leis an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha ná infheistiú i smaointe nuálacha agus comhpháirtíocht uaillmhianacha a bhfuil cumas acu fíorthionchar a bheith acu – ar ár ngeilleagar agus ár sochaí. Léiríonn na trí thionscadal a fógraíodh inniu an uaillmhian sin, agus fionnachtana ann maidir le cóir leighis ailse, cúram cairdiach agus sábháilteacht ar bhóithre a d’fhéadfadh beathaí a shábháil agus margaí domhanda a athrú ó bhonn.
“Trí CNTB, táimid ag tacú le comhlachtaí dinimiciúla Éireannacha chun maoin intleachtúil nua a fhorbairt agus nuálaíocht den scoth a scálú. Tá an múnla comhoibríoch ag cabhrú chun tallann T&F a fhréamhú i réigiúin ar fud na tíre agus bunchlocha láidre a fhorbairt le haghaidh fáis sa todhchaí. Is údar mór bróid d’Fhiontraíocht Éireann é ról lárnach a ghlacadh maidir le soláthar an chláir seo, a leanfaidh de bheith ag cur deiseanna claochlaitheacha ar fáil don fhiontraíocht na hÉireann.”
Dúnadh Glaoch 7 CNTB an 30 Aibreán 2025 agus tá seiceálacha cáilitheachta agus próisis mheastóireachta ar bun ar an gcuid eile de na hiarratais a fuarthas. Fógrófar Glaoch CNTB eile níos déanaí i mbliana.
Nóta d’Eagarthóirí
Is ciste €500 milliún é an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha a bunaíodh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) in 2018. Déanann an Roinn Fiontar, Turasóireachta, Fostaíochta CNTB a bhainistiú agus tacaíocht riaracháin acu ó Fhiontraíocht Éireann.
Is é cúspóir an Chiste comhar a spreagadh idir an bonn taighde den scoth in Éirinn agus an earnáil tionsclaíochta, mar aon le gnóthais a chumasú chun dul in iomaíocht go díreach le haghaidh cistiú chun tacú le forbairt agus glacadh na dteicneolaíochtaí seo. Is é is aidhm dó tacú le hinfheistíocht i bhforbairt agus soláthar teicneolaíochtaí agus feidhmchláir bhunathraitheacha ar bhonn tráchtála.
Déanann painéil saineolaithe idirnáisiúnta iarratais ar Ghlaoch 7 CNTB a mheasúnú i leith ceithre chritéar – cáilíocht na teicneolaíochta bunathraithí, feabhas an chur chuige fhoriomláin, tionchar eacnamaíoch agus inmharthanacht, agus láidreacht an chomhair.
Go dtí seo, leithdháileadh €393 milliún ina iomláine ar 107 tionscadal a bhfuil 404 comhpháirtí ag baint leo thar sheacht nGlaoch CNTB. Agus na trí thionscadal seo san áireamh, beidh luach an chistithe iomláin €422 milliún thar 110 tionscadal. Ón €28.2 milliún cistiú a bheidh á bhronnadh, tabharfar thart ar €22 milliún do chomhpháirtithe tionscadail lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Is féidir le hiarrthóirí féideartha eolas sonraithe faoin gCiste agus faoin bpróiseas iarratais a fháil trí enterprise.gov.ie/DTIF.
Sonraí maidir le Deontas Ghlaoch 7 den Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (CNTB)
Cur Síos an Tionscadail | Baill an Chuibhreannais | Réimse Taighde Tosaíochta | Suíomh Réigiúnach | Deontas CNTB Iomlán |
N-LIfT: Leocaicít Neodraifil-bhunaithe Teiripe Insilte do Shiada Soladacha ag úsáid Alfa-Neodraifilí Imdhíonmhodhnacha (IMANanna) | 1. LIfT BioSciences 2. HookeBio 3. Ollscoil na Gaillimhe | Sláinte agus Folláine | Gaillimh agus an Clár | €11.9m |
Ventripump: Ventrimpump a fhorbairt agus a dheimhniú mar an gcaighdeán is airde sonraíochta maidir le cóir leighis do shuaitheadh cardaigineach. | 1. CardiacBooster Teo 2. Foundry Innovation & Research 1 Teo, TA Fire1 3. Integer Holdings Teo, TA Brivant | Sláinte agus Folláine | Gaillimh agus Baile Átha Cliath | €9.3m |
MIMRAD 5D: Lena dtugtar le chéile aeróg Bogearraí-Shainithe RADAR SoC agus MIMSO den chéad ghlúin eile agus aireachtáil 5D chun torthaí tiomána níos sábháilte a sholáthar do chách. | 1. Provizio Teoranta 2. Robert Bosch Ireland Teoranta 3. Ollscoil Luimnigh | TFC | An Clár, Baile Átha Cliatha agus Luimneach | €6.9m |
CRÍOCH