Nuacht & Imeachtaí

Tagann ceannairí na teicneolaíochta le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le haghaidh Comhdháil Éire Dhigiteach

Déantar cur síos sa Chomhdháil ar sheasamh na hÉireann mar mhol digiteach domhanda agus Eorpach

Cuireadh in iúl do cheannairí teicneolaíochta inniu go bhfuil Éire fós ina ceann scríbe láidir tarraingteach le haghaidh infheistíochta ón earnáil dhigiteach agus teicneolaíochta.

In aitheasc físe do Chomhdháil Éire Dhigiteach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dúirt an Taoiseach Micheál Martin, TD:

“Léiríonn an ócáid seo inniu go dtugaimid tosaíocht don aistriú digiteach in Éirinn. Is tábhachtaí ná riamh go gcinntímid gur féidir le fiontar agus an tsochaí níos leithne leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe mar gheall ar na dúshláin atá roimh ghnólachtaí agus an phobal sa gheilleagar reatha.

“Táimid airdeallach go háirithe ar na dúshláin atá roimh an earnáil teicneolaíochta agus déanfaimid ár ndícheall chun tacú leo siúd a bhfuil tionchar á imirt orthu. Tá Éire fós tiomanta do bheith ina ceannaire digiteach san Eoraip, agus níos faide i gcéin; chun ár gclaochlú digiteach féin a thiomáint; agus a chinntiú go bhfuil creat rialála na hÉireann in inmhe a páirt a ghlacadh.’

Agus an t-aitheasc tosaigh á tabhairt aige i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD:

“Tá an todhchaí digiteach. Tá athrú tagtha ar an domhan le fiche bliain anuas mar gheall ar an idirlíon, na meáin shóisialta, fóin chliste, aipeanna agus íocaíochtaí agus seirbhísí leictreonacha. Níl an claochlú seo ach ina thús. Níl ann ach blaiseadh den mhéid atá le teacht. Sna fiche bliain atá romhainn rachfar ar aghaidh le réaltacht fhíorúil agus mhéadaithe, intleacht shaorga agus róbataic a chruthóidh saol do-aitheanta i gcomparáid leis na saolta atá inniu againn.

“Is léiriú atá i gComhdháil an lae inniu ar uaillmhian agus fócas na hÉireann mar phríomh-mhol digiteach domhanda – áit iontach le haghaidh infheistíocht a dhéanamh ar bhonn leanúnach; ceannródaí digiteach; agus an áit a bhfuil cuid de na rialtóirí is tábhachtaí sa réimse digiteach san Eoraip.

“Tá an Chomhdháil seo ag tarlú ag am dúshlánach don earnáil teicneolaíochta. Mo chomhbhrón leo siúd go léir a fuair drochscéala le seachtainí beaga anuas. Cuideoidh an Rialtas leo siúd a bheidh thíos leis agus iad ag lorg fostaíochta eile nó deiseanna eile. Tá éileamh ard fós ar scileanna teicneolaíochta, margaíochta agus eile i ngeilleagar na hÉireann agus tá líon mór infheistíochtaí nua ó thar lear agus laistigh d’Éirinn ar an mbealach.

“Tá sé ríthábhachtach glacadh le teicneolaíochtaí digiteacha dár ndul chun cinn eacnamaíoch leanúnach agus chun freastal ar éilimh ár ndaoine i sochaí nua-aimseartha. Cuirfidh bonn fiontraíochta iomaíoch, nuálaíoch agus athléimneach poist agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán ar fáil do dhaoine le maireachtáil agus le dul chun cinn i ngach cuid den tír. Is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha ar go leor bealaí – lena n-áirítear tuiscint níos fearr a fháil ar a gcuid custaiméirí, a gcostais a laghdú agus a gcuid táirgí a fheabhsú.”

Scrúdaíodh sa Chomhdháil ardleibhéil, aon-lae Éire Dhigiteach an deis uathúil a thugann Éire mar cheannródaí digiteach tosaigh san Eoraip agus an dóigh ar féidir le hÉirinn an cuntas teiste láidir digiteach atá aici a uasmhéadú, trí chuideachtaí teicneolaíochta domhanda ceannródaíocha, gnólachtaí nuathionscanta nuálaíocha agus rialála gaolmhara a bheith i láthair agus riachtanais rialála a ghabhann leis

 Agus í labhairt ag an gComhdháil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD:

“Ní féidir go leor a rá faoi na deiseanna a chuireann teicneolaíochtaí digiteacha ar fáil d’earnáil chruthaitheach agus d’aschur cultúrtha na hÉireann. Cuireann seasamh na hÉireann mar mhol digiteach na deiseanna seo chun cinn agus tá an Rialtas seo tiomanta chun iad seo a bhaint amach agus tacú le cruthaitheacht agus nuálaíocht.

“Tá dualgas ar Éirinn freisin creat rialála nua-aimseartha agus láidir a sholáthar agus acmhainní a chur ar fáil dó chun a chinntiú go gcoinnítear daoine, go háirithe leanaí, sábháilte ar líne. Táimid ag tiomáint an chláir oibre sin go láidir leis an mBille um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meán agus tá súil agam go mbeidh sé achtaithe faoi dheireadh na bliana agus fágfaidh sé sin go mbeifear in ann rialtóir nua a bhunú, Coimisiún na Meán. Trínár Straitéis Dhigiteach Náisiúnta, tá Éire tiomanta do chreat rialála digiteach cothromaithe a sholáthar a chuideoidh le cultúr dinimiciúil, cruthaitheach agus nuálaíoch ar líne a chothú agus a choinneáil.”

Agus an Chomhdháil a thabhairt chun críche aige, dúirt an tAire Stáit um Rialáil Cuideachta, Cur Chun Cinn Digiteach agus Trádála, Dara Calleary, TD.:

“Má táimid chun na deiseanna a thugann teicneolaíochtaí nua agus an geilleagar digiteach a thapú, caithfimid a chinntiú go bhfuil na creataí rialála cearta i bhfeidhm. Aithníonn Éire an ról uathúil atá againn maidir le cuid de na gnólachtaí teicneolaíochta domhanda is mó ar domhan a rialú. Glacaimid ár n-oibleagáidí an-dáiríre, agus táimid tiomanta do chreat rialála comhleanúnach, éifeachtach, nua-aimseartha, le hacmhainní maith.”

Nótaí le haghaidh eagarthóirí

Is léir ó Chomhdháil Éire Dhigiteach gur mhian le hÉirinn a bheith mar cheannaire digiteach ag croílár forbairtí digiteacha san Eoraip agus ar fud an domhain. Is léir fosta tiomantas an Rialtais chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas na struchtúr digiteach agus rialála, agus chun soiléireacht, comhleanúnachas agus comhoibriú níos fearr a chur chun tosaigh maidir le gnéithe digiteacha in Éirinn.

Chomh maith le hionadaithe ón Rialtas agus Gníomhaireachtaí Stáit, bhí ceannairí sinsearacha i gcúrsaí teicneolaíochta, cuideachtaí Éireannacha atá chun tosaigh i gcúrsaí digiteacha, ionadaíocht ón tsochaí shibhialta, meithleacha smaointe agus ceannairí i gcúrsaí smaointeoireachta digití i measc na ndaoine a bhí i láthair.

Díríodh an chéad cheann de dhá phlé painéil ar ról na rialála sa gheilleagar Sonraí agus díríodh an plé sa dara painéal ar Intleacht Shaorga agus scrúdaíodh na deiseanna a chuireann an teicneolaíocht fhorleathan seo ar fáil – nuálaíocht agus rialáil a chothromú, agus cur chuige eiticiúil daonna-lárnach á leanúint ag an am céanna.

Tar éis Chomhdháil Éire Dhigiteach tarlóidh imeachtaí breise bunaithe ar an ngeilleagar digiteach arna n-eagrú ag IDA Ireland agus an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha i mí na Nollag agus Eanáir.