Nuacht & Imeachtaí

An tAire Dara Calleary ag freastal ar an gComhairle Iomaíochais

1 Nollaig 2022

Ag cruinniú inniu de Chomhairle Iomaíochais an AE sa Bhruiséil bhuail an tAire Stáit um Chur Chun Cinn Trádála, Rialáil Dhigiteach agus Cuideachta, Dara Calleary TD, lena chomh-Airí atá freagrach as an Margadh Inmheánach agus as an Tionscal. Rinne na Coimisinéirí Breton agus Reynders ionadaíocht ar an gCoimisiún Eorpach ag an gcruinniú a raibh Aire Tionscail agus Trádála na Seice mar chathaoirleach air thar ceann Uachtaránacht na Seice.

Chomhaontaigh na hAirí ar Chur Chuige Ginearálta maidir le comhaid thábhachtacha, lena n-áirítear Rialachán chun creat beart a bhunú chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú nó  “An tAcht um Shliseanna” atá thar a bheith tábhachtach d’Éirinn.

Agus é ag cur fáilte roimh na bearta seo, dúirt an tAire Calleary:

“Tacaím go mór le cuspóirí an togra chun cur ar chumas na hEorpa tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a hearnáil taighde, forbartha agus nuálaíochta, cur le cumas na hEorpa sliseanna leathsheoltóra a tháirgeadh, agus feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair.”

Agus é ag amharc chun tosaigh ar na chéad chéimeanna eile a bhaineann le próiseas reachtaíochta an AE, dúirt an tAire Calleary:

“Tá infheistíocht uaillmhianach ag teastáil le haghaidh moltaí uaillmhianacha agus tá Éire ag dúil le páirt a imirt san obair atá fós le déanamh”.

Chomhaontaigh na hAirí freisin ar Chur Chuige Ginearálta maidir le togra le haghaidh Rialacháin lena bhforáiltear do chosaint tásca geografacha do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíochta.