Nuacht & Imeachtaí

Seolann an Rialtas Gairm 4 den Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha

Déanann an Rialtas infheistíocht i dteicneolaíochtaí bunathraitheacha a athróidh margaí agus an bealach a oibrítear an gnó

Sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, T.D., inniu gairm 4 den Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (an CNTB).

Is aidhm an chiste comhoibriú a spreagadh idir an tionscal agus an earnáil taighde maidir le teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt agus a thráchtálú.

Rinne an Rialtas €235 milliún a leithdháileadh cheana féin ar 72 tionscadal rathúil a ceadaíodh faoi na trí ghairm den CNTB a rinneadh cheana féin. Cuimsítear sna tionscadail seo limistéir cosúil le heolaíochtaí beatha, feistí leighis, TFC, intleacht shaorga, déantúsaíocht agus inbhuanaitheacht chomhshaoil.

Le comhoibriú fiontraíochta a chur chun cinn, caithfidh gach tionscadal ar a laghad FBM agus fiontar amháin eile i gcuibhreannas ina bhfuil triúr comhpháirtithe tionscadail nó níos mó ag gach tionscadal. Spreagtar comhoibriú le hearnáil taighde na hÉireann. Caithfidh na comhpháirtithe go léir a bheith bunaithe in Éirinn agus caithfidh gur cliant le Fiontraíocht Éireann, Údarás Forbartha Tionscail na hÉireann nó Údarás na Gaeltachta, nó caithfidh gurb Eagraíocht Déanta Taighde incháilithe (EDT) a bheith iontu. 

Díríonn an ciste ar thionscadail taighde thionsclaíocha ar scála agus a imríonn tionchar. Is é an t-íosmhéid cistithe is féidir a iarraidh do thionscadail a mhairfidh a fhaide le trí bliana €1.5 milliún, agus caithfidh na comhpháirtithe fiontraíochta  cistiú comhfhreagrach a sholáthar. Tá an ciste iomaíoch agus déanfaidh painéal neamhspleách idirnáisiúnta saineolaithe measúnú air.

Nuair a bhí gairm 4 á sheoladh inniu, dúirt an Tánaiste:

“I rith na paindéime, thugamar cumas agus lúfaireacht as cuimse an phobail taighde agus an tionscail chun dul in oiriúint, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheadh dochreidte roimhe seo agus réitigh a aimsiú i gcás nár tháinig a leithéid aníos riamh roimhe seo. Is mian linn an tseiftiúlacht agus an tsamhlaíocht sin a spreagadh agus tacú leis tríd an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha.

“Tá na cuideachtaí atá ag oibriú ar thionscadail reatha an CNTB – agus tá breis agus 18 díobh ann go dtí seo – ar na cuideachtaí is ceannródaíche ina n-earnáil. Tá teorainneacha á mbrú acu. Tá athrú á chur chun cinn acu. Tá bealaí níos fearr agus níos éifeachtaí de ghnó a dhéanamh á gceapadh acu. Is iad siúd ár dtodhchaí, agus is mian linn leanúint le hinfheistiú iontu.

“Is minic gurb é athrú aeráide ceann de na dúshláin is mó atá roimh an nglúin seo agus leagadh béim mhór ar inbhuanaitheacht i dtionscadail roimhe seo an CNTB. Áirítear leo, mar shampla, teaschaidéal saor ó chuisneán agus córas ísealchostais ardfheidhmíochta cadhnra chliste sóidiam-iain a úsáideann ábhair agus próisis atá go hiomlán inbhuanaithe. Teastaíonn uainn a thabhairt faoi deara go bhfuil níos mó tionscadal a imríonn tionchair láidre, dhearfacha, aeráide, cosúil leo seo, ar bun. Leis seo a spreagadh, caithfear a léiriú ar na hiarratais go léir a ndintiúir inbhuanaitheachta agus caithfear a thabhairt le fios conas a chuirfidh an tionscadal leis na spriocanna sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a bheidh ag teacht aníos.

“Tacaíonn an Ciste seo leis an saghas smaointeoireachta nuálaí a theastaíonn uainn de réir mar a dhéanaimid atógáil agus athshlánú tar éis na paindéime. Táim ag tnúth leis an gcéad ghrúpa eile de thionscadail cheannródaíocha a dtabharfar fúthu a fheiceáil. Má bhíonn smaoineamh agat a cheapann tú a chabhródh linn aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin atá romhainn, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, téigh sa seans agus tabharfaidh an Rialtas tacaíocht 100% leat.”

Caithfidh tionscadail a bheith dírithe i dtreo tráchtálú i rith amfhráma idir trí agus seacht mbliana. Anuas air sin, caithfidh siad teacht le sé Limistéar Tosaíochta Taighde na hÉireann, is é sin TFC; Sláinte agus Folláine; Bia; Fuinneamh, Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht; Déantúsaíocht agus Ábhair; agus Seirbhísí Gnó agus Próisis.

Ina theannta sin, chuir an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, T.D., fáilte roimh chistiú an CNTB:

“Foinse uathúil cúnaimh é an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha do chuideachtaí agus institiúidí taighde atá gníomhach i dtaighde tionsclaíoch a fhorbairt. Cuireann sé cistiú substainteach ar fáil do chomhpháirtíochtaí laistigh den tionscal agus de na hearnálacha taighde a bhfuil smaoineamh acu, a chríochnaigh a dtaighde tionsclaíoch, agus ar mian leo anois táirge nó seirbhís tráchtála a dhéanamh de.

"Tá an cur chuige comhpháirtíochta, go háirithe idir na hearnálacha fiontraíochta agus taighde, ag cabhrú leis an gCiste a idirdhealú ó chistiú taighde eile. Is féidir le comhoibriú le hinstitiúidí taighde teacht a sholáthar d’fhiontair ar shaibhreas eolais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don rath a bhíonn ar a smaoineamh. Is iomaí áis iontach atá againn ar fud na hÉireann ina bhfuil taighdeoirí ardcháilithe i réimse disciplíní ar féidir leo iontaofacht taighde agus sármhaitheas anailíseach a chur i bhfeidhm le cabhrú leis na dúshláin a shárú a thagann chun solais i dtionscadail atá chomh mór sin.

"Cruthaíodh gur meicníocht áisiúil é an ciste cheana féin chun cabhrú leis an bpobal taighde – agus le cuideachtaí a d’eascair as ár n-ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais – lena saineolas a thaispeáint. Tá baint ag 90 foireann cheana féin ónár n-eagraíochtaí déanta taighde i dtionscadail an CNTB agus ba mhaith liom fiú níos mó díobh a thabhairt faoi deara i ngairm 4. Spreagfainn na fiontair go léir an cúnamh a fhiosrú is féidir leis na hinstitiúidí taighde a thairiscint chun cabhrú lena dtionscadal a fhorbairt.”

Dúirt Leo Clancy, POF Fhiontraíocht Éireann, a riarann an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha:

“Tá dúshláin ollmhóra tagtha roimh earnáil thionsclaíoch na hÉireann le blianta beaga anuas. Ba ghá d’fhiontair oiriúnú do bhealaí nua le gnó a dhéanamh agus réitigh uathúla a cheapadh lena chinntiú gur féidir leo a gcosa a thabhairt leo mar gheall ar na tionchair a d’imir Brexit agus an phaindéim. Is é meanma na fiontraíochta agus na nuálaíochta seo atáimid ag iarraidh a shaothrú tríd an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha.

Aithnítear FBManna nuálacha go domhanda mar cheann feadhna ar shuaitheadh a thabhairt isteach sa mhargadh agus creidim go bhfuil FBManna Éireannacha orthu siúd is fearr sa domhan. Tá baint lárnach ag na cuideachtaí iontacha seo leis an rath a bheith ar an gCiste agus is mian linn leanúint lena dtallann chruthaitheach agus a mbua sa nuálaíocht a chothú faoi ghairm 4.

Tugtar chun suntais agus moltar FBManna as bheith ar thús cadhnaíochta i 60 de na 72 tionscadal de chuid an CNTB a cistíodh go dtí seo. Gné thábhachtach sa leibhéal seo rannpháirtíochta é cumas cuideachtaí céimnitheacha comhoibriú nuálach a shainaithint agus a fhorbairt le comhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu agus comhlántacha.

Ba mhaith liom dá nglacfadh an earnáil fiontraíochta, atá faoi úinéireacht Éireannach, leis an ról ceannais i dtromlach na n-iarratas ar an CNTB arís i mbliana agus leanúint ag cur go mór le téarnamh geilleagrach na hÉireann, agus ár dtodhchaí a chruthú mar phríomhláthair don teicneolaíocht agus nuálaíocht.”

Is é an spriocdháta don iarratas 15.00 (am na hÉireann) an 10 Feabhra 2022.

Déanann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta bainistiú ar an ngairm ar chistiú agus déanann Fiontraíocht Éireann é a riar.

 

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha eolas mionsonraithe a fháil faoin gCiste agus ar an bpróiseas iarratais tríd an leathanach gréasáin enterprise.gov.ie/DTIF.

Ciste €500 milliún é an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (an CNTB) a bunaíodh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (an PFN) in 2018. Bainistíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an CNTB le tacaíocht riaracháin ó Fhiontraíocht Éireann. Is é cuspóir an Chiste comhoibriú idir bonn agus tionscal taighde den chéad scoth na hÉireann a chur chun cinn agus fiontair a éascú le dul san iomaíocht go díreach do chistiú chun tacú leis na teicneolaíochtaí seo a fhorbairt agus a ghlacadh. Is é an cuspóir tacú le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí agus feidhmchláir bhunathraitheacha a chur chun feidhme ar bhonn tráchtála.

Déanfaidh painéil saineolaithe idirnáisiúnta measúnú ar Iarratais Ghairm 4 ar an CNTB in aghaidh ceithre chritéar – cáilíocht na teicneolaíochta bunathraithí, sármhaitheas an chur chuige ar an iomlán, tionchar geilleagrach agus inbhuanaitheacht agus neart an chomhoibrithe.

 

Tugtar cuntas ar shamplaí de thionscadail a cistíodh roimhe seo thíos:

TRIDENT – Ollscoil Luimnigh (OL); Cuideachta Neamhtheoranta idirnáisiúnta Gléasanna Analógacha; mSemicon Teoranta; ICERGi Ltd; Glantreo Ltd; TisaLabs Ltd; Smart M Power Company Ltd; tá Institiúid Náisiúnta Tyndall ag comhoibriú ar chóras ísealchostais ardfheidhmíochta cadhnra chliste sóidiam-iain a úsáideann ábhair agus próisis atá go hiomlán inbhuanaithe.

SPREAG – Endowave Ltd; Quadrant Scientific Ltd; agus tá cataitéar eisídithe micreathoinne cliste agus íosionrach á fhorbairt ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) chun coir leighis a chur ar ailse scamhóg.

EmboSure – Tá cóireáil úrnua agus bhunathraitheach á forbairt ag CrannMed Ltd; Innovative Catheter Solutions Ltd; Cuideachta Neamhtheoranta Creganna; agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TUD) chun cóir leighis a chur ar oisté-airtríteas ainsealach glúine, a sholáthraíonn tairbhí drámatúla péine agus soghluaisteachta d’othair.

E-Crop – Forbróidh Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (UCD); e-Seed Crop Technology Solutions Ltd; SeqBiome Ltd; Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR; agus an Chuideachta Origin Enterprises Public Ltd teicneolaíochtaí nuálacha talmhaíochta leis na huirlisí a sholáthar d’fheirmeoirí agus do thionscail chomhairleacha talmhaíochta a theastaíonn chun monatóireacht a dhéanamh ar shláinte bharr agus é a fheabhsú.

Tá Deciphex Ltd; OncoAssure Ltd; agus Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (UCD) dírithe faoin tionscadal iPATH-CAN ar chumhachta na hintleachta saorga a shaothrú le harduirlisí diagnóiseacha a fhorbairt leis na hothair siúd ailse chíche agus phróstataigh a shainaithint a bhfuil galar luathchéime orthu agus nach gá dóibh tabhairt faoi chóireáil dhian.

PerPETual – Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain (ITBÁL); AvonCourt Pacáistiú Ltd; Novel Plast Teoranta; agus Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (OÉC) ag oibriú ar thionscadal leis an tionscal plaistice a bhunathrú tríd an méid ábhar íon ónar baineadh peitriliam a úsáidtear a laghdú go mór agus ábhar athchúrsáilte TPE mar acmhainn luachmhar agus ar féidir é a úsáid arís agus arís eile.

Túr Rialúcháin A-EYE – Tá Evercam Ltd; GagaMuller Technology Ltd; agus Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TUD) ag oibriú ar thúr rialúcháin d’fhorbróirí agus conraitheoirí a oibríonn láithreáin tógála mhóra agus chasta a chuireann infheictheacht iomlán ar fáil den tionscadal agus a chumasaíonn an chumarsáid amhairc is nádúrtha.

Nextgen Heat – Tá Exergyn Ltd; Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; agus Fort Wayne Metals Ireland Ltd ag comhoibriú ar theaschaidéal saor ó chuisneán a chumasaíonn aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin, a chuireann bealach inacmhainne inbhuanaithe ar fáil chun foirgnimh a théamh, agus a dhéanann ár gcóras fuinnimh a dhícharbónú i gcomhthráth.

TRANSPIRE – Tá Corlytics Ltd; CeADAR UCD; agus Singlepoint Solutions Ltd ag comhoibriú ar thionscadal a thugann saineolas daonna agus intleacht shaorga le chéile le dlíthe agus rialúcháin a soiléiriú agus a dhéanann níos éasca é gnó a dhéanamh agus tomhaltóirí á gcosaint.

S-BREW – tá NVP Energy Ltd; Ashleigh Environmental Ltd; agus the Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) ag comhoibriú ar thionscadal le fuíolluisce a thiontú ón tionscal agraibhia go dtí uisce glan, trí theicneolaíocht díleáite anaeróbaigh ísealteochta uathúil faoi phaitinn a úsáid le fotháirgí orgánacha a bhriseadh síos le fuinneamh in-athnuaite a chruthú i bhfoirm bithgháis, agus dramhaíl á híoslaghdú i gcomhthráth.

Nex – Tá Davra Networks, Danalto, Intel, agus DCU ag comhoibriú ar thionscadal le córas cianmhonatóireachta othar iontaofa, infhíoraithe agus slán ó cheann go ceann a sholáthar a bhfuil sonraí saibhre, nascacht inacmhainne agus iontaofa, foghlaim mheaisín agus iomláine shonraí ag a chroílár aige.

E-BAMBI – Déanfaidh an comhoibriú seo le hIonad Taighde SEAM, Schivo Medical, Graph Treatments Ltd, Stryker, agus ITBÁC comhábhair mhiotalacha bhithábhara a dhéantúsaítear ar bhonn breiseánach (i.e., cló 3-D) a fhorbairt.

CRÍOCH