Nuacht & Imeachtaí

Seolann an Rialtas Scéim €330m chun cuidiú le FBManna, feirmeoirí agus iascairí freagairt don Bhreatimeacht

Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta oscailte d’iarratais ón lá inniu ar aghaidh

Oscailte do FBManna, feirmeoirí agus iascairí

Iasachtaí ar chostas íseal idir €25,000 agus €1.5 milliún ar fail

Sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Airgeadais Paschal Donohoe TD  scéim nua €330m inniu chun cabhrú le FBManna, feirmeoirí agus iascairí freagairt do thionchair leanúnacha an Bhreatimeachta.

Tagann Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeacht (BILS) i gcomharbacht ar an Scéim Iasachta Breatimeachta agus soláthraíonn sí iasachtaí ar chostas íseal do ghnólachtaí incháilithe a bhfuil tionchar ar an mBreatimeacht orthu. Tá an Scéim nua oscailte freisin do ghnólachtaí sna hearnálacha talmhaíochta agus bia mara príomhúla agus tá na hiasachtaí faoin scéim ar feadh téarmaí suas le sé bliana. Is í Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI) a sholáthraíonn an scéim trí iasachtóirí rannpháirteacha.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD:

“Chuir an Breatimeacht agus an phaindéim isteach go mór ar go leor gnólachtaí, go háirithe iad siúd inár dtionscal agraibhia. Rinne an Rialtas, trí na hiasachtaí agus na deontais éagsúla a chuireamar ar fáil, iarracht cuidiú le tionchair an dá rud a mhaolú.

“Tugann Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta nua seo rochtain dóibh ar iasachtaí ar chostas íseal idir €25,000 agus €1.5m. Is féidir na hiasachtaí seo a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua, uasghrádú riachtanach nó athruithe ar an ngnó, nó fiú baill foirne nua a earcú. Is féidir é a úsáid freisin chun cabhrú le leachtacht nó, i gcásanna áirithe, athmhaoiniú a dhéanamh ar iasachtaí atá ann cheana. Tá súil go gcabhróidh an Scéim seo le gnólachtaí atá fós ag oiriúnú do thimpeallacht trádála i ndiaidh an Bhreatimeachta."

Mar fhreagairt ar aiseolas faoin Scéim Iasachta Breatimeachta roimhe seo, glacadh céimeanna chun an próiseas iarratais a shimpliú, agus tá an t-iasachtú ar fáil anois ar feadh téarmaí níos faide, ar aon dul leis an iasachtú a tairgeadh faoi Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:

“Cuideoidh an Scéim Iasachta leis an earnáil agraibhia dul i gcoinne éifeachtaí an Bhreatimeachta, a leanfaidh ag titim amach sna seachtainí agus na míonna amach romhainn. Táim sásta leis na feabhsuithe ar an Scéim roimhe seo agus go n-éascóidh tacaíocht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara infhaighteacht na Scéime d’fheirmeoirí agus d’iascairí chomh maith le cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí bia. Tá a fhios againn go léir go raibh drochthionchar eacnamaíoch ag aistarraingt na RA as an AE  ar an earnáil agraibhia agus tá an Rialtas tiomanta i gcónaí tacaíochtaí iomchuí a sholáthar do gach duine san earnáil."

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe TD:

“Tá an Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár n-earnáil FBM atá ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán Covid-19 agus an Bhreatimeachta araon. In éineacht le Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19, soláthróidh Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta téarmaí iasachta níos faide suas le 6 bliana don earnáil FBM lena n-áirítear táirgeoirí príomhúla a mbíonn deacrachtaí acu i gcónaí dul i dtaithí ar an mBreatimeacht. Fáiltím go háirithe go mbeidh BILS ar fáil ní amháin ó bhainc mhiondíola ach ó Chomhair Chreidmheasa roghnaithe ar fud na tíre chomh maith."

Dúirt June Butler, POF SBCI:

“Tacóidh Scéim Iasachta Tionchair na Breatimeachta (BILS) nua feabhsaithe le FBManna ar fud na hÉireann agus iad ag déileáil le dúshláin an Bhreatimeachta. Tá ríméad ar an SBCI go gcuirfidh an scéim seo go mór lena raon roghanna airgeadais a thacaíonn le FBManna agus go gcuideoidh sí le níos mó FBManna rochtain a fháil ar airgeadas solúbtha ar chostas íseal. Cruthóidh an bhliain atá romhainn dúshláin nua do go leor FBManna in Éirinn de réir mar a thugann na RA rialuithe teorann isteach, agus achair ama d’earnálacha áirithe scaipthe anois ar fud 2022. Nuair a bheidh siad i bhfeidhm, beidh tionchar faoi leith ag na rialuithe seo ar phríomh-earnálacha inár ngeilleagar, amhail talmhaíocht phríomhúil, bia mara agus bia agus deoch, agus tá BILS deartha againn chun téarmaí níos leithne a thairiscint a rachaidh chun leasa go mór do FBManna sna hearnálacha seo agus in earnálacha eile."

Dúirt Christian Kettel Thomsen, Leas-Uachtarán an Bhainc Eorpaí Infheistíochta:

“Tá dúshláin nach bhfacthas riamh cheana ag cuideachtaí ar fud na hÉireann mar thoradh ar an mBreatimeacht agus ar phaindéim COVID-19. Tá Grúpa Banc Infheistíochta na hEorpa tiomanta do thacaíocht spriocdhírithe a thacaíonn le gnóthaí na hÉireann rochtain a fháil ar mhaoiniú agus infheistíocht i ndeiseanna nua gnó. Cinnteoidh Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta €330 milliún gur féidir le gnóthaí, talmhaíocht agus iascaireacht brúnna nua a shárú. Táim ag tnúth le tuilleadh tacaíochta ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón gCiste Eorpach Infheistíochta do ghnó tosaíochta, gníomhú ar son na haeráide, infheistíocht dhigiteach agus straitéiseach a phlé le hAirí na hÉireann i mBaile Átha Cliath níos déanaí an mhí seo."

Faigheann Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta tacaíocht ó ráthaíocht tríd an gCiste Ráthaíochta Eorpach (EGF), atá á cur i bhfeidhm ag an gCiste Eorpach Infheistíochta (EIF) thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh. Is é Banc na hÉireann an chéad cheann de na hiasachtóirí rannpháirteacha, le bainc agus comhair chreidmheasa eile le hoscailt d’iarratais sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt Francesca McDonagh, POF Ghrúpa Bhanc na hÉireann:

“Tá sé mar thosaíocht ag Banc na hÉireann tacú le gnóthaí tríd an mBreatimeacht. Tá an-áthas orainn Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta a thairiscint láithreach do chustaiméirí nua agus do chustaiméirí atá ann cheana chun leanúint den tacaíocht sin. Mar phríomh-iasachtóir d’earnáil agraibhia na hÉireann táimid ag tnúth leis an scéim a thairiscint do ghnóthaí talmhaíochta agus bia mara ar fud na tíre."

Nótaí don Eagarthóir

Soláthróidh Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta iasachtaí ar chostas íseal do ghnóthaí Éireannacha a bhfuil tionchar ag an mBreatimeacht orthu, lena n-áirítear iad siúd sna príomhearnálacha talmhaíochta agus bia mara. Cuireann an scéim ciste suas le €330m ar fáil do ghnóthaí incháilithe a bhfuil suas le 499 fostaí iontu.

Gnéithe iasachta:

  • Iasachtaí idir €25,000 agus €1.5m
  • Téarmaí iasachta ó 1-6 bliana
  • Iasachtaí suas le €500,000 ar fáil neamhurraithe

Is féidir iasachtaí a úsáid le haghaidh:

  • Leachtacht/Caipiteal Oibre
  • Árachas
  • Athmhaoiniú 100% ar iasachtaí reatha na Scéime Iasachta Breatimeachta
  • Athmhaoiniú creidmheasa gearrthéarmach atá ann cheana, suas le huasmhéid 30% den iasacht nua

Gnóthaí atá incháilithe don scéim:

Tá an scéim seo ar fáil do FBManna incháilithe agus do ghnóthaí beaga meánchaipitlithe, lena n-áirítear príomhtháirgeoirí (gnóthaí atá ag gabháil d’fheirmeoireacht agus d’iascaireacht), a bunaíodh in Éirinn.

Caithfidh go raibh drochthionchar 15% ar a laghad ar ghnóthaí i láimhdeachas nó brabús iarbhír nó réamh-mheasta mar gheall ar thionchar an Bhreatimeachta.

Beidh iasachtaí a sholáthraítear faoin scéim níos ísle ná mar a bhíonn ar fáil de ghnáth ar iasachtaí comhchosúla sa mhargadh agus athróidh siad de réir an iasachtóra. Roinnfear iasachtóirí atá rannpháirteach sa scéim ina dhá chohórt. Ar an gcéad dul síos, beidh rátaí úis athraitheach, ach beidh siad caidhpeáilte ag uasráta tosaigh de 3.7% d’iasachtaí faoi bhun €250,000 agus 2.75% d’iasachtaí €250,000 nó os a chionn. Maidir le hiasachtaí ó na hiasachtóirí eile, beidh lascaine 1% ar a laghad i gcoibhneas lena rátaí caighdeánacha ag teastáil le haghaidh iasachtaí faoi BILS.

Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19

Bliain ó seoladh í, tá éileamh gan fasach ó ghnóthaí a raibh tionchar ag COVID-19 orthu ar Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19 agus ceadaíodh níos mó ná 7,300 iasacht le luach níos mó ná €500m. Cuimsíonn rannpháirtithe na scéime seo 19 Comhar Creidmheasa agus seacht n-iasachtóir neamhbhainc, ag cur éagsúlacht agus leathadh réigiúnach leis na hiasachtaí atá ar fáil.

Le chéile, cuideoidh Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta agus Scéim Ráthaíochta Creidmheasa Covid-19 le gnó na hÉireann a athshlánú agus oiriúnú mar fhreagairt ar an mBreatimeacht agus COVID araon.

CRÍOCH