Nuacht & Imeachtaí

Preaseisiúint le haghaidh Suirbhé Bliantúil Fostaíochta 2020 agus Suirbhé Bliantúil Gnó um Thionchar Eacnamaíoch 2019

Suirbhé Bliantúil Fostaíochta 2020:

  • B’ionann líon na bpost i gcuideachtaí a bhí tacaithe ag Fiontraíocht Éireann, ÚFT agus Údarás na Gaeltachta agus 485,903 in 2020, an leibhéal b’airde riamh, arb ionann é sin agus aon trian den fhostaíocht iomlán gnó in Éirinn.

  • Tháinig méadú 1.7% ar iomlán na fostaíochta i gcliantchuideachtaí gníomhaireachtaí ó 2019, arb é sin méadú 7,453 ar phoist.

Suirbhé Bliantúil Gnó um Thionchar Eacnamaíoch 2019:

  • Le linn 2019, taispeánadh fás láidir le díolacháin, easpórtálacha, breisluach, agus caiteachas díreach i ngeilleagar na hÉireann do chuideachtaí Éireannacha agus do chuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach.

  • Chuir gníomhaireachtaí tús le suirbhé ar chliantchuideachtaí le haghaidh 2020 agus táthar ag súil leis na torthaí i dtús 2022.

20 Aibrn 2021 Bhí 269,208 duine fostaithe i gcuideachtaí a bhí tacaithe ag gníomhaireachtaí faoi úinéireacht eachtrach agus ag gníomhaireachtaí Éireannacha in 2020. Tá méadú 3.5% tagtha ar an bhfostaíochtaí i ngnóthas faoi úinéireacht eachtrach ó 2019, le 9,017 post breise. I ngnóthais Éireannacha, tháinig laghdú 0.7% ar an bhfostaíocht, arb é sin laghdú 1,564 ó 2019.

De réir na hearnála, i measc cuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach, bhí na hearnálacha ba mhó fás i seirbhísí. Tháinig méadú ó 32.0% go 38.2% ar fhostaíocht sna Seirbhísí TFC idir 2011-2020, agus anois tá sé giota maith os cionn triain den fhostaíocht iomlán faoi úinéireacht eachtrach sa tír. Tháinig méadú beag ó 13.6% go 17.0% ar Sheirbhísí Gnó, Airgeadais agus Seirbhísí Eile. Tháinig laghdú ó 5.4% go 3.1% ar Bhia, Deochanna agus Tobac. I measc gnóthais Éireannacha, tháinig méadú ó 18.9% go 20.3% ar Sheirbhísí Gnó, Airgeadais agus Seirbhísí Eile d’fhostaíocht lánaimseartha agus tháinig méadú ó 12.4% go 14.1% ar sheirbhísí TFC.

Dá réir sin, ag 34.3%, mhéadaigh na hearnálacha Seirbhísí a sciar go dtí díreach os cionn aon trian. I measc gnóthais Éireannacha tháinig laghdú ó 68.7% go 65.7% ar an Tionscal iomlán agus tháinig laghdú ó 25.2% go 22.9% ar Bhia, Deochanna agus Tobac.

circle1circle2

In 2019, taispeánadh fás láidir le díolacháin, easpórtálacha, breisluach, agus caiteachas díreach i ngeilleagar na hÉireann do chuideachtaí Éireannacha agus do chuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach.

Taifeadadh fás ar an bhfostaíocht i ngach ceann de na hocht réigiún idir 2011-2020 cé go raibh difríochtaí idir na réigiúin. Bhí os cionn 61% den fhostaíocht lánaimseartha i gcuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach i réigiún Bhaile Átha Cliath (44.0%) agus i réigiúin an Iardheiscirt (17.3%). Is iad na réigiúin ina raibh an fás ba mhó ar an bhfostaíocht ó 2011 i leith Baile Átha Cliath ag 80.5% agus an Meán-Iarthar ag 66.8%. Le haghaidh gnóthais Éireannacha, bhí 46.4% den fhostaíocht lánaimseartha i réigiún Bhaile Átha Cliath (32.5%) agus i réigiún an Iardheiscirt (14.1%). Bhí an fás is airde ar an bhfostaíocht i réigiún an Mheán-Iarthair agus i réigiún Bhaile Átha Cliath ó 2011, le fás 55.3% agus 52.5% faoi seach.

Thuairiscigh cliantchuideachtaí gníomhaireachtaí méadú ar dhíolacháin agus ar easpórtálacha in 2019 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.  Leanann sé sin treocht shuntasach suas i dtorthaí i ndiaidh an chúlaithe sa gheilleagar in 2009.

graph1

  • Ba é €315.3 billiún méid iomlán na ndíolachán in 2019, rud a léiríonn méadú 9.9% ar na praghsanna reatha i gcomparáid le figiúr €286.9 billiún an bhliain roimhe sin.
  • Ba é €282.9 billiún méid iomlán na n-easpórtálacha in 2019, méadú 10.4% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin de €256.5 billiún, agus 91.4% de na heaspórtálacha sin ó fhiontair faoi úinéireacht eachtrach. 
  • Tháinig méadú ar an mbreisluach (díolacháin lúide costais na n-ábhar agus seirbhísí) chomh maith thar an amshraith sin agus in 2019 b’ionann é agus €116.1 billiún, méadú 15.2% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin agus 87.0% den mhéadú sin ag teacht as earnáil na seirbhísí TF faoi úinéireacht eachtrach.
  • Tá méadú tagtha ar an gCaiteachas Díreach i nGeilleagar na hÉireann (Párolla, Ábhair Éireannacha, Seirbhísí Éireannacha) thar 2018 ó 8.0% go €54.3 billiún in 2019. B’ionann leibhéal an chaiteachais dhírigh i ngeilleagar na hÉireann faoi úinéireacht cliantchuideachtaí eachtracha agus €27.3 billiún agus €26.9 billiún do chliantchuideachtaí Éireannacha.
  • B’ionann an costas ar oiliúint in aghaidh an duine fostaithe in 2019 agus €518, méadú beag ó €509 in 2018. Chaith gnóthais Éireannacha €537 ar oiliúint in aghaidh an duine fostaithe agus chaith gnóthais eachtracha €479 ar oiliúint in aghaidh an duine fostaithe in 2019.

 

Dúirt an Tánaiste Varadkar:

“Léirítear sna torthaí ón suirbhé seo gur léirigh ár ngníomhaireachtaí – Fiontraíocht Éireann, ÚFT agus Údarás na Gaeltachta, athléimneacht iontach agus na dúshláin ollmhóra a bhí le sárú acu le linn 2020. Bhí tionchar millteanach ag an bpaindéim ar na céadta mílte oibrithe. Bhí an tionchar sin díréireach agus éagórach, áfach, agus cailleadh go leor leor post i roinnt earnálacha amhail miondíol, fáilteachas, turasóireacht agus siamsaíocht, agus bhí cosaint mheasartha ag cuid de na hearnálacha agus d’fhás cuid díobh fiú, mar a léirítear sna figiúir seo. Leanfaidh an Rialtas le cuidiú leis na gnólachtaí sin a bhfuil deacracht acu, agus déanfaimid sé le hinfheistíocht a dhéanamh chomh maith i bpoist úra a thabhairt go hÉirinn trínár ngníomhaireachtaí.”

Comhordaíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta suirbhéanna sin chliantchuideachtaí na ngníomhaireachtaí forbartha fiontar (Fiontraíocht Éireann, ÚFT Éireann agus Údarás na Gaeltachta). Tá na torthaí á léiriú de réir úinéireacht cuideachta i gcomhthéacs gnóthais Éireannacha agus gnóthas faoi úinéireacht eachtrach.

Áirítear ar na táscairí a bailíodh díolacháin bhliantúla agus easpórtálacha agus párolla, agus costais ábhar agus seirbhísí. Tá sonraí a bailíodh in 2019 agus 2020 cónasctha le torthaí ó shuirbhéanna roimhe sin chun sonraí treochta a sholáthar agus tá táscairí ar fáil de réir úinéireachta agus earnála agus baineann na gníomhaireachtaí úsáid astu ina dtuarascálacha bliantúla agus ina ráitis ag deireadh na bliana.

Nótaí do na hEagarthóirí

Tá tuarascáil an tSuirbhé Bhliantúil Gnó um Thionchar Eacnamaíoch ar fáil ag Annual Business Survey of Economic Impact 2019

Tá tuarascáil an tSuirbhé Bhliantúil Fostaíochta ar fáil ag Annual Employment Survey 2020