Bronnadh gradaim Bailte Slachtmhara Supervalu do Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir na bliana seo inniu, Dé hAoine an 6 Nollaig ag searmanas bronnta na nduaiseanna in Óstán Treacey's West County, Bóthar Luimnigh, Inis Co. an Chláir. Is é an tAire Stáit Pat Breen T.D., agus Michael Killoury, Bainisteoir Réigiúnach le Supervalu, atá ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas le fada, a bhronn na gradaim ar Bhuaiteoirí Ghradaim Bailte Slachtmhara SuperValu. Bhí Siobhán King ó Fáilte Ireland ar an stáitse i gcuideachta an Aire chomh maith.
Ag an searmanas, labhair an tAire Breen TD faoi scéim deontais a fógraíodh le gairid a chuirfidh ar chumas coistí Bailte Slachtmhara iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000. Dúirt an tAire Breen “Tá ríméad orm a bheith in ann freastal ar na gradaim thar ceann an Aire Ring agus cuirim fáilte freisin roimh an maoiniú deontais chun cuidiú le coistí ullmhú do chomórtas 2020.”
Dúirt an tAire Breen chomh maith "Le blianta fada, tá pobail ag obair go deonach le Bailte Slachtmhara chun áit a dhéanamh den tír seo a bhfuilimid go léir bródúil as. Tá an oiread measa agam ar na hoibrithe deonacha atá i láthair anseo anocht agus na hoibrithe eile ar fud na tíre, agus is aitheantas ón Rialtas í an scéim deontais seo ar an méid ollmhór a dhéanann bhur gcoistí gach bliain."
Dúirt an tAire Breen chomh maith: “Is iontach an rud é deis a bheith agam casadh le grúpaí Bailte Slachtmhara ó ar fud an Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir tráthnóna inniu. Níl sna gradaim seo ach beart beag den iarracht ar fad a dhéanann an t-iliomad oibrí deonacha atá mórtasach as a gcuid bailte agus a bhíonn ag obair gan stad lena gcuid comharsanachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht anois agus do na glúnta atá le teacht. Tugaimid aitheantas chomh maith do na grúpaí Bailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inniu ach atá chomh díograiseach céanna d'fheabhas a chur ar a gcuid comharsanachtaí féin gach bliain ach nach bhfuil aitheantas foirmeálta bainte amach acu air sin i gcomórtas na bliana seo. Maith sibh as an obair ar fad a dhéanann sibh agus tá súil againn go mbeidh sibh anseo in éineacht linn an bhliain seo chugainn”.
Ghabh an tAire Breen buíochas chomh maith le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara SuperValu. "Le 28 mbliana, tá an príomhurraitheoir, SuperValu páirteach sa gcomórtas seo ar bhonn áitiúil agus náisiúnta. Chuidigh SuperValu leis an gcomórtas a fhorbairt agus a fhás agus leanann de thiomantas ceart a léiriú a bheith ag tacú le pobail áitiúla agus d'oibrigh go dlúth le hoifigigh Roinne d'fhonn comórtas mór-ráchairte a dhéanamh dó sa lá atá inniu ann."
Dúirt Michael Killoury, Bainisteoir Réigiúnach SuperValu, “bliain mhór eile a bhí sa bhliain 2019 do Bhailte Slachtmhara SuperValu, mar gur ghlac an líon is mó coistí agus grúpaí páirt sa chomórtas i mbliana ná riamh. Tá clár na mBailte Slachtmhara fós ar an tionscnamh pobail agus inbhuanaithe is mó in Éirinn agus bíonn tionchar thar a bheith dearfach aige ar ár mbailte agus ar ár sráidbhailte ar fud na tíre".
Dúirt an tUasal Killoury chomh maith "Tá SuperValu thar a bheith mórtasach as a bheith ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas Bailte Slachtmhara le beagnach 30 bliain anois. I rith na tréimhse sin, tá an fás agus an t-athrú atá tagtha ar an gcomórtas go dtí leibhéal nárbh fhéidir le haon duine a mheas feicthe againn dúinn féin. Le blianta beaga anuas, tá béim níos mó á cur ag comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu de réir a chéile ar inbhuanaitheacht, bithéagsúlacht agus ar chaomhnú. Trí oibriú i gcomhar, táimid ag glacadh céimeanna tábhachtacha chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint anois agus amach anseo. Is féidir é seo ar fad a chur i gcrích tríd an tiomantas den scoth atá léirithe ag grúpaí Bailte Slachtmhara agus ag miondíoltóirí SuperValu ar fud na tíre. Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag an obair ar fad gan staonadh seo ar ár gcuid pobal".
Le blianta beaga anuas tá suim níos mó á léiriú i gcomórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu agus chuir an líon pobal is mó riamh isteach ar an gcomórtas in 2019. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus tá sé á eagrú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas ó 1992.
Is é Inis i gCo. an Chláir a bhuaigh an teideal réigiúnach agus tá liosta iomlán de bhuaiteoirí duaiseanna an lae inniu ceangailte leis seo.
CRÍOCH
Teagmháil:
Preasoifig na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail
076-1006843 / 087-1734633
Gradaim do Réigiún an Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir
An Lárionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn – urraithe ag Supervalu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Inis | An Clár | An Lárionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn |
Gradam do Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir 2019 – urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Buaiteoir | Contae | Duais |
Inis | An Clár | Gradam Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir |
Bonnbhuaiteoir Réigiún an Deiscirt agus an Iarthair Láir 2019 – urraithe ag SuperValu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Baile an Chollaigh | Corcaigh | Bonn Óir |
Cloich na Coillte | Corcaigh | Bonn Óir |
Cóbh | Corcaigh | Bonn Óir |
Inis | Corcaigh | Bonn Óir |
Neidín | Ciarraí | Bonn Óir |
Cill Airne | Ciarraí | Bonn Óir |
Cill Rois | An Clár | Bonn Óir |
Lios Tuathail | Ciarraí | Bonn Óir |
Trá Lí | Ciarraí | Bonn Óir |
Eochaill | Corcaigh | Bonn Óir |
Áth Dara | Luimneach | Bonn Airgid |
Beanntraí | Corcaigh | Bonn Airgid |
Carraig Uí Leighin | Corcaigh | Bonn Airgid |
Cúil an Ghabhann | Corcaigh | Bonn Airgid |
Cionn tSáile | Corcaigh | Bonn Airgid |
Ros Ó gCairbre | Corcaigh | Bonn Airgid |
An Sciobairín | Corcaigh | Bonn Airgid |
Ard Pádraig | Luimneach | Bonn Cré-umha |
Béal an Dá Chab | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Baile na Caillí | An Clár | Bonn Cré-umha |
Baile Uí Bheacháin | An Clár | Bonn Cré-umha |
Droichead na Bandan | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Caisleán Uí Chonaill | Luimneach | Bonn Cré-umha |
Baile Chaisleáin an Róistigh | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Na hAoraí | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
An Gallbhaile | Luimneach | Bonn Cré-umha |
Cill Briotáin | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
An Chois | Ciarraí | Bonn Cré-umha |
Cathair Luimnigh | Luimneach | Bonn Cré-umha |
Lios Leamháin | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Maigh Chromtha | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Sráid an Mhuilinn | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Baile Uí Bheoláin | An Clár | Bonn Cré-umha |
An Caisleán Nua | Luimneach | Bonn Cré-umha |
An Caladh | Ciarraí | Bonn Cré-umha |
Cuinche | An Clár | Bonn Cré-umha |
Ráth an Bharraigh | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
An tSnaidhm | Ciarraí | Bonn Cré-umha |
Tigh Molaige | Corcaigh | Bonn Cré-umha |
Gradaim Chontae – urraithe ag Supervalu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Inis | An Clár | Gradam Contae |
Cill Rois | An Clár | Molta go hArd |
Baile na Caillí | An Clár | Molta |
Rinn na Spáinneach | An Clár | Endeavour * |
Cúil an Ghabhann | Corcaigh Thuaidh | Gradam Contae |
Baile Chaisleáin an Róistigh | Corcaigh Thuaidh | Molta go hArd |
Cill Uird | Corcaigh Thuaidh | Molta |
Ceann Toirc | Corcaigh Thuaidh | Endeavour * |
Baile an Chollaigh | Corcaigh Theas | Gradam Contae |
Cóbh | Corcaigh Theas | Molta go hArd |
Cill Briotáin | Corcaigh Theas | Molta |
Ros Mhic Eoghain | Corcaigh Theas | Endeavour * |
Cloich na Coillte | Corcaigh Thiar | Gradam Contae |
Ros Ó gCairbre | Corcaigh Thiar | Molta go hArd |
Ráth an Bharraigh | Corcaigh Thiar | Molta |
Achadh Eochaille | Corcaigh Thiar | Endeavour * |
Lios Tuathail | Ciarraí | Gradam Contae |
Cill Airne | Ciarraí | Molta go hArd |
Neidín | Ciarraí | Molta |
An Tóchar | Ciarraí | Endeavour * |
Áth Dara | Luimneach | Gradam Contae |
An Gallbhaile | Luimneach | Molta go hArd |
Ard Pádraig | Luimneach | Molta |
Béal Átha Grean | Luimneach | Endeavour * |
- Is iad buaiteoirí an Gradam Endeavour na hiontrálaithe i ngach contae a rinne an dul chun cinn is mó ar scór na bliana 2018*
Gradaim Speisialta
Gradaim Scoile – urraithe ag Supervalu
Buaiteoir | Contae | Duais |
Scoileanna Náisiúnta Inse & Gasóga Inse | Inis | Buaiteoir Réigiúnach |
Gradam na Forbartha Inmharthana – urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
Buaiteoir | Contae | Duais |
An Gleanntán | Corcaigh | Tríú hÁit |
An Gradam Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Cáilíochta Aeir – urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
Buaiteoir | Contae | Duais |
Coláiste Pobail Oileáin Chiarraí | Ciarraí | Comhbhuaiteoir Ghradam na hÓige |
Cora Finne | An Clár | Comhbhuaiteoir Ghradam na hÓige |
Inis | An Clár | Buaiteoir Baile/Ionad Uirbeach Mór |
Gradam Pobal agus Uiscí – urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil
Buaiteoir | Contae | Duais |
Cill Rois | An Clár | Molta go hArd |
Cumann Caomhnaithe an Mhachaire | Ciarraí | Buaiteoir Réigiúnach |
Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil – urraithe ag na hÚdaráis Áitiúla
Buaiteoir | Contae | Duais |
An tSnaidhm | Ciarraí | Buaiteoir Réigiúnach na Catagóire Baile Beag |
Inis | An Clár | Buaiteoir Réigiúnach Chatagóir na mBailte Móra |
Gradam do Chosc ar Dhramhaíl - urraithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Buaiteoir | Contae | Duais |
Tionscadal Zero Waste Bhailte Slachtmhara Chóbh | Corcaigh | Molta go hArd |
Gradam na nOileán - urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Buaiteoir | Contae | Duais |
Inis Arcáin | Corcaigh | Molta go hArd |
An tOileán Mór | Corcaigh | Buaiteoir Náisiúnta |
Gradam Oidhreachta – Urraithe ag Comhairle Oidhreachta na hÉireann
Buaiteoir | Contae | Duais |
Inis Díomáin | An Clár | Buaiteoir Náisiúnta |