Nuacht & Imeachtaí

An tÉileamh Is Mó Riamh ar Sheirbhísí Iasachtaí Mhicrea-Airgeadas Éireann in 2018

  • Fáilte curtha ag an Aire Pat Breen roimh an 4,800 post in Éirinn a fuair tacaíocht ón iasachtóir atá maoinithe ag an Rialtas ó bunaíodh é

Agus an tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, Pat Breen T.D., ag eisiúint thorthaí na bliana 2018 thug sé le fios gur tháinig méadú 9% ar an éileamh ar sheirbhísí Mhicrea-Airgeadas Éireann (MAÉ).

Bunaíodh an t-iasachtóir sin in 2012 chun Ciste Iasachta Mhicrea-Fhiontar an Rialtais a chur ar fáil agus thug siad luach €5.4m in iasachtaí in 2018 do 384 micreaghnó, agus sa chaoi sin thacaigh siad le 856 post breise.

Ciallaíonn torthaí na bliana 2018 go bhfuil tacaíocht curtha ar fáil ag MAÉ do chruthú 4,808 post ó bunaíodh é mar chuid den chéad Phlean Gníomhaíochta do Phoist a rinne an Rialtas. Baineadh é seo amach trí €28 milliún a sholáthar in iasachtaí faofa do 1,951 gnólacht.

Cúis áthais dúinn go léiríonn torthaí na bliana 2018 go bhfuil na hiasachtaí á dtabhairt níos cothroime sna réigiúin éagsúla i gcónaí agus gur faomhadh iasachtaí do ghnólachtaí i ngach ceann de na 26 contae.   Is i gcontaetha seachas Baile Átha Cliath a cuireadh 78% de na hiasachtaí go léir ar fáil.

Dúirt an tAire Breen agus é ag seoladh na dtorthaí ag oifigí MAÉ i gCluain Sceach, Baile Átha Cliath, “Tá ról an-tábhachtach ag Micrea-Airgeadas Éireann maidir le foinse maoinithe eile a sholáthar do mhicrifhiontair - idir shean agus nua - a d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu maoiniú a fháil ó sholáthraithe tráchtála. Léiriú ar luach leanúnach an tionscnaimh is ea an t-éileamh méadaithe atá ar a chuid seirbhísí. Is cruthúnas soiléir í feidhmíocht MAÉ go bhfuil toradh ar straitéis an Rialtais chun poist a chruthú trí thacú le gnólachtaí nuathionscanta agus le micrifhiontair."

Dúirt sé freisin: “Tá gach post a chruthaítear in Éirinn tábhachtach agus cuidíonn siad le geilleagar na gceantar go léir, idir uirbeach agus thuaithe. Cúis áthais faoi leith dom is ea a rá go bhfuil na hiasachtaí á scaipeadh ar fud na réigiún. Mholfainn do gach micrifhiontar a bhfuil maoiniú suas le €25,000 de dhíth orthu smaoineamh ar a bhfuil á thairiscint ag Micrea-Airgeadas Éireann. Is féidir sonraí a fháil go díreach ó Mhicrea-Airgeadas Éireann nó trí líonra na nOifigí Fiontair Áitiúla.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Mhicrea-Airgeadas Éireann, Garrett Stokes: Bunaíodh Micrea-Airgeadas Éireann in 2012, agus é mar aidhm lárnach aige tacú le gnólachtaí agus sa chaoi sin cabhrú chun poist a chruthú ar fud na hÉireann. Trí na gníomhaíochtaí seo cuirfimid feabhas ar shaol daoine agus ar phobail.”

“D'ainneoin an chaoi a bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar agus gur féidir maoiniú a fháil ó na bainc, tá éileamh mór fós ar iasachtaí ó Mhicrea-Airgeadas Éireann. Léirítear an t-éileamh seo sa líon is mó riamh de ghnólachtaí atá ag lorg tacaíochta ó Mhicrea-Airgeadas Éireann in 2018. Leagann an fás láidir leanúnach seo béim ar an ngá leanúnach atá le seirbhísí a sholáthraíonn MAÉ do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí beaga a bhfuil sé deacair orthu fós creidmheas a fháil ó na Bainc.” 

“Ó thosaíomar ag trádáil 6 bliana ó shin, tá iarratais faighte againn ó 4,465 gnólacht, agus tá iasachtaí ar fiú €28m iad san iomlán ceadaithe againn do 1,951 gnólacht. Chuireamar tacaíocht ar fáil do bheagnach 5,000 post i ngach contae in Éirinn trí na gníomhaíochtaí seo. Táimid ag fás agus ag forbairt agus táimid ag fáil níos mó ná 1,000 iarratas in aghaidh na bliana, agus trínár ngníomhaíochtaí iasachtaithe táimid ag tacú le thart faoi 1,000 post in aghaidh na bliana.” 

“Agus muid ag obair lenár gcomhpháirtithe, na hOifigí Fiontair Áitiúla, na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla agus na Bainc, táimid ag tnúth le tacú le níos mó gnólachtaí beaga ar fud na hÉireann in 2019.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi iasachtaí agus seirbhísí meantóireachta Mhicrea-Airgeadas Éireann, téigh chuig www.microfinanceireland.ie.                                                                                                                              

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

 

Maidir le Micrea-Airgeadas Éireann (MAÉ) www.microfinanceireland.ie: Is iasachtóir neamhbhrabúis é Micrea-Airgeadas Éireann a bunaíodh in 2012 chun Ciste Iasachta Micrea-Fhiontair an Rialtais a chur ar fáil. Baineann Micrea-Airgeadas Éireann tairbhe as ráthaíocht arna maoiniú ag Clár de chuid an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EASI).

Soláthraíonn Micrea-Airgeadas Éireann foinse mhalartach maoinithe do mhicrifhiontair * – idir nua agus reatha a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu maoiniú a fháil ó sholáthraithe tráchtála. Is éard a dhéanann sé sa deireadh thiar ná tacú le poist a chruthú nó a choinneáil. 

Cuireann MAÉ ceithre phacáiste iasachtaí ar leith ar fáil (idir €2,000 agus €25,000) do ghnólachtaí nuathionscanta nó do ghnólachtaí bunaithe ar mian leo iad féin a mhéadú, agus tá siad sin go léir gan táillí ná costais fholaithe. Bhain na cuideachtaí a fuair maoiniú in 2018 ó réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear Miondíol, Mórdhíol, Teicneolaíocht Faisnéise, Fáilteachas, Iompar, Seirbhísí Gairmiúla, Seirbhísí Sóisialta agus Tacaíochta, Tógáil agus na hEalaíona.

Cuireann MAÉ meantóireacht saineolach duine le duine ar fáil d'iarratasóirí ceadaithe trí Oifigí Fiontair Áitiúla, rud a mhéadaíonn an seans go mbeidh rath tráchtála ar ghnóthais bheaga, agus a chuidíonn le poist a chothú sa bhfadtéarma.

Is é 7.8% an ráta céatadánach bliantúil úis atá ag Micrea-Airgeadas Éireann. Laghdaítear é seo go ráta seasta 6.8% i gcás iarratas a fhaightear trí Oifigí Fiontair Áitiúla, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla agus Bainc.

Go dtí seo, cheadaigh MAÉ thart ar €28 milliún d’iasachtaí do 1,951 gnólacht, rud a thacaíonn le 4,808 post. 

* Is é an sainmhíniú a thugtar ar mhicrifhiontar ná aon ghnó a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí ann agus láimhdeachas bliantúil níos lú ná €2m.
 

CRÍOCH

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Tá sainchúram ar an Roinn freisin maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh a chinntiú, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chosaint.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, press.office@dbei.gov.ie nó (01) 631-2200.

Mura mian leat ríomhphoist a fháil ó Phreasoifig na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a thuilleadh, is féidir leat é sin a chur in iúl dúinn ach ríomhphost a chur chuig press.office@dbei.gov.ie