Os cionn 546,763 post i gcliantchuideachtaí de chuid gníomhaireachtaí Rialtais in 2024, méadú 7,030 post ar 2023
18 Feabhra 2025
D’fhoilsigh an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta Peter Burke inniu dhá shuirbhé ar gheilleagar na hÉireann, a léiríonn neart agus athléimneacht leanúnach na tionsclaíochta in Éirinn in aghaidh na ndúshlán a bhaineann le hathruithe eacnamaíocha agus polaitiúla domhanda.
Aimsítear sa Suirbhé Bliantúil Fostaíochta 2024 go bhfuil poist i gcliantchuideachtaí de chuid Fiontraíocht Éireann, an GFT agus Údarás na Gaeltachta, ag an leibhéal is airde riamh anois, le breis agus 546,763 post, ar méadú 1.3% é sin ar fhigiúirí 2023.
Léirítear sa Suirbhé Bliantúil Gnó um Thionchar Eacnamaíoch 2023 fás láidir ar dhíolacháin, onnmhairí, caiteachas breisluacha agus caiteachas díreach i ngeilleagar na hÉireann do chuideachtaí Éireannacha agus do chuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach araon in 2023.
Dúirt an tAire:
“Léiríonn na torthaí seo neart agus athléimneacht ár margadh saothair agus ár dtionscal in Éirinn, in ainneoin na ndúshlán a bhaineann le hathruithe domhanda ó thaobh an gheilleagair agus na polaitíochta de.
“In 2024, bhí fás fostaíochta i ngnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach láidir gach áit, lena n-áirítear sna hearnálacha tógála, seirbhísí gnó, agus bia agus deoch. Tá méadú 2.3% eile tagtha ar iomlán na bpost buan lánaimseartha i measc cuideachtaí faoi úinéireacht Éireannach i mbliana, agus fás tagtha ar chuideachtaí faoi úinéireacht Éireannach ó thaobh fostaíochta de gach bliain le deich mbliana anuas.
“I measc gnólachtaí faoi úinéireacht eachtrach, chiallaigh fás fostaíochta in earnálacha Ceimiceán, Seirbhísí Gnó agus Feistí Leighis gur choinníomar 300,000 ról ar fud na hinfheistíochta dírí eachtraí, agus cuireadh 2,237 ról breise leis i mbliana. Tá díolacháin agus onnmhairí ag fás go láidir i gcónaí, agus ceannaíonn na cuideachtaí sin earraí agus seirbhísí sa gheilleagar áitiúil.
“Tá beartas fiontraíochta an Rialtais ag obair agus tá tionchar suntasach aige ar leibhéil fostaíochta agus ar an tsochaí i gcoitinne. Coinneoidh mo Roinn géarfhócas ar phoist, ag tacú go gníomhach le gnólachtaí Éireannacha agus ag dreasú na ngnólachtaí sin, agus ag an am céanna ag infheistiú chun poist nua a thabhairt go hÉirinn”
Príomhthorthaí Shuirbhé Bliantúil Fostaíochta 2024:
- Tháinig méadú 0.3% ar fhostaíocht i ngnólachtaí IDC ó 2023, le 1,064 post breise san iomlán.
- I ngnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach, tháinig méadú 2.7% ar fhostaíocht, méadú 5,966 post san iomlán ó 2023.
- I measc gnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach fuair an earnáil fuinnimh, uisce, dramhaíola agus tógála an chuid is mó post agus ina dhiaidh sin seirbhísí gnó le +1,444 agus +995 post lánaimseartha faoi seach.
- I measc gnólachtaí faoi úinéireacht eachtrach fuair ceimiceáin agus seirbhísí gnó an chuid is mó post le +1,307 agus +879 post lánaimseartha faoi seach.
- Bhí an fás fostaíochta is láidre idir 2015-2024 i réigiún Bhaile Átha Cliath le méadú 69.4% (+82,129), agus san Iardheisceart ina dhiaidh sin (suas 44.5%, +24,233 post lánaimseartha). D’fhás gach réigiún fostaíocht thar an tréimhse deich mbliana.
Príomhthorthaí Shuirbhé Bliantúil Gnó um Thionchar Eacnamaíoch 2023:
- B’ionann na díolacháin iomlána agus €509.7 billiún in 2023, is é sin méadú 6.8% ar phraghsanna reatha ar fhigiúr na bliana roimhe sin de €477.2 billiún.
- B’ionann onnmhairí iomlána in 2023 agus €459.4 billiún, méadú 7.0% ar an mbliain roimhe sin de €429.4 billiún, agus 92.4% de na honnmhairí sin ó fhiontair faoi úinéireacht eachtrach.
- Tá méadú tagtha ar bhreisluach (díolacháin lúide costais ábhar agus seirbhísí) le linn na sraitheanna ama sin freisin agus in 2023 b’ionann é agus €206.2 billiún, suas 6.4% ar an mbliain roimhe sin agus 43.5% den mhéadú sin inchurtha i leith na hearnála seirbhísí TF faoi úinéireacht eachtrach.
- Tá méadú 4.8% tagtha ar chaiteachas díreach i ngeilleagar na hÉireann (párolla, ábhair Éireannacha, Seirbhísí Éireannacha) le linn 2022 go €78.5 billiún in 2023. Ba é leibhéal an chaiteachais dhírigh i ngeilleagar na hÉireann ag cliantchuideachtaí faoi úinéireacht eachtrach ná €40.9 billiún agus €37.5 billiún do chliantchuideachtaí faoi úinéireacht Éireannach.
Comhordaíonn an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta na suirbhéanna seo ar chliantchuideachtaí na ngníomhaireachtaí forbartha fiontraíochta (Fiontraíocht Éireann, GFT Éireann agus Údarás na Gaeltachta). Cuirtear na torthaí i láthair de réir úinéireachta cuideachtaí de ó thaobh gnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach agus gnólachtaí faoi úinéireacht eachtrach de.
Áirítear ar na táscairí a bhailítear díolacháin agus onnmhairí bliantúla agus costais phárolla, ábhair agus seirbhísí. Déantar sonraí a bhailítear in 2023 agus 2024 a chumasc le torthaí suirbhéanna roimhe seo chun sonraí treochta a sholáthar agus tá táscairí ar fáil de réir úinéireachta agus earnála agus úsáideann na gníomhaireachtaí iad ina dtuarascálacha bliantúla agus ina ráitis ag deireadh na bliana.
Tá tús curtha ag gníomhaireachtaí le suirbhéanna ar chliantchuideachtaí do Shuirbhé Bliantúil Gnó um Thionchar Eacnamaíoch 2024 agus táthar ag súil leis na torthaí ar fad go luath in 2026.
CRÍOCH