Nuacht & Imeachtaí

Tabhairt isteach pá maireachtála náisiúnta le fógairt ag an Tánaiste

16 Samhain 2022

Céim thábhachtach i dtreo deireadh a chur le fostaíocht ar phá íseal

Agus é ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo chun téarmaí agus coinníollacha a fheabhsú le haghaidh oibrithe, d’fhógair an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD go dtabharfar isteach pá maireachtála náisiúnta le haghaidh fostaithe. De réir mar atá aontaithe ag an Rialtas, is ag 60% den mheántuarastal in aghaidh na huaire a bheidh an pá náisiúnta maireachtála de réir na moltaí ón gCoimisiún um Phá Íseal. Tabharfar isteach é thar thréimhse ceithre bliana agus beidh sé i bhfeidhm faoi 2026, agus ag an bpointe sin beidh sé ann in áit an Phá Íosta Náisiúnta. 

Is é an chéad chéim a ghlacfar i dtreo pá maireachtála a réiteach ná an méadú 80 cent ar an bPá Maireachtála Náisiúnta ón 1 Eanáir 2023 go €11.30 san uair. Ina dhiaidh sin cuirfear leis an bPá Maireachtála Náisiúnta diaidh ar ndiaidh go dtí gur ionann é agus 60% den mheánphá in aghaidh na huaire. In 2023, meastar gurbh ionann 60% den mheánphá agus €13.10 san uair, a bheag nó a mhór. 

In 2021 bhí 164,000 duine ag saothrú an Íosphá Náisiúnta. Is féidir leis na hoibrithe seo go léir a bheith ag súil le hardú ar a bpá anois agus táthar ag súil go mbainfidh a thuilleadh daoine leas as méaduithe iarmhartacha. 

Léiríonn taighde a rinne Ollscoil Mhá Nuad thar ceann an Choimisiúin um Pá Íseal gur féidir le híosráta pá socraithe ag 60% den mheánphá in aghaidh na huaire pá oibrithe a ardú gan aon drochthionchar ar uaireanta oibrithe agus fostaíochta.

Nuair a bheidh an pá maireachtála náisiúnta tagtha i bhfeidhm in 2026, faoi réir measúnú ar thionchar an athraithe, tabharfaidh an Coimisiún um Pá Íseal comhairle maidir leis na praiticiúlachtaí a bhaineann leis an spriocráta tairsí a mhéadú de réir a chéile i dtreo 66% den mheánphá in aghaidh na huaire. 

Arsa an Tánaiste: 

“Mar thoradh ar an bpaindéim ní mór dúinn téarmaí agus coinníollacha oibrithe a fheabhsú. Bainfidh na mílte oibrí ar fud na tíre atá ar íosphá, beag beann ar an bpost, earnáil ná áit ina n-oibríonn siad, leas as an méadú seo. Ar a bharr sin, bainfidh go leor fostaithe eile leas as na méaduithe iarmhartacha a bheidh mar thoradh ar na hathruithe. 

“Céim chun tosaigh dúinn is ea pá maireachtála a thabhairt isteach chun deireadh a chur le fostaíocht ar phá íseal do gach oibrí agus cuirfear i bhfeidhm é de réir a chéile thar thréimhse ceithre bliana. Nuair a bhíonn sé i bhfeidhm, fiosróidh an Coimisiún um Pá Íseal an mbeimid in ann an pá maireachtála a mhéadú arís go dtí 66% den mheántuarastal in aghaidh na huaire. 

“Rinneadh taighde agus comhairliúchán forleathan - lena n-áirítear le grúpaí ionadaíochta fostóirí agus oibrithe, ceardchumainn agus an pobal - chun a chinntiú go dtabharfaimid isteach an pá maireachtála ar bhealach a rachaidh chun tairbhe d'oibrithe agus a bheidh ar acmhainn gnólachtaí ag an am céanna. Is tábhachtach an chothromaíocht cheart a fháil.” 

Tá tabhairt isteach pá maireachtála in Éirinn bunaithe ar thuarascáil an Choimisiúin um Pá Íseal agus ar mholtaí ar an bPá Maireachtála agus ar thaighde cúlra a rinne Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le torthaí comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh i rith an tsamhraidh. Tá tuarascáil an Choimisiúin agus an tuarascáil taighde a ghabhann léi ar fáil ag gov.ie – Publications from the Low Pay Commission.

Nótaí

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Pá Íseal a bunaíodh faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta (Coimisiún um Pá Íseal), 2015 agus cuimsíonn sé líon comhionann d'ionadaithe fostóirí, ionadaithe fostaithe, agus saineolaithe neamhspleácha.

Tuilleadh eolais maidir le bogadh i dtreo pá maireachtála náisiúnta:

  • beidh pá Maireachtála socraithe ag 60% den mheánphá
  • beidh an t-íosphá náisiúnta i bhfeidhm go dtí go mbainfear amach an pá maireachtála 60% in 2026, ach méadóidh sé thar na blianta mar is gnách, agus laghdófar an bearta idir é agus an pá maireachtála náisiúnta
  • ó 2026, ní bheidh íosphá náisiúnta againn a thuilleadh, is é an pá maireachtála náisiúnta a bheidh mar íosphá agus beidh sé éigeantach do gach fostóir

Rinne an Coimisiún 18 moladh maidir le dul i dtreo pá maireachtála. Is iad seo a leanas na príomh-mholtaí:

  • cur chuige tairsí seasta a ghlacadh chun pá maireachtála a ríomh (seachas Íoschaighdeán Bunriachtanach Maireachtála / cur chuige “ciseán earraí”) agus an tairseach sheasta a shocrú ag 60% den phá meánach sa gheilleagar
  • dul ar aghaidh go pá maireachtála de 60% den mheánphá ar fud an gheilleagair trí choigeartú de réir a chéile ar an íosphá thar thréimhse nach faide ná 5 bliana
  • tar éis 60% den spriocphá meánach a bhaint amach, faoi réir measúnú ar thionchar an dul chun cinn go dtí an 60%, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bpraiticiúlacht eacnamaíoch a bhaineann leis an spriocráta tairsí a mhéadú de réir a chéile i dtreo 66% den mheánphá
  • déantar machnamh ar an dóigh ar féidir tacaíocht a thabhairt d’fhostóirí a bhfuil líon suntasach fostaithe ar phá íseal acu agus iad ag dul de réir a chéile i dtreo pá maireachtála
  • breithniú ar an tionchar a bheadh ag aistriú go ráta pá maireachtála ar ghlanpá catagóirí éagsúla oibrithe chun a chinntiú go bhfaigheann oibrithe ar phá íseal méadú réasúnta ar an nglanphá
  • bheadh rogha ag LPC meicníochtaí coigeartaithe a úsáid chun dul chun cinn i dtreo 60% den mheánphá in aghaidh na huaire a dheifriú nó a mhoilliú mar fhreagra ar aon imthosca sonracha a mbíonn tionchar suntasach acu ar dhálaí eacnamaíocha