16 Eanáir 2026
Rinne an Chomhairle Chomhairleach ar IS, ar comhairle neamhspleách í, moltaí don Rialtas maidir le cruthú agus scaipeadh poiblí líomhanta íomhánna dlúthphearsanta gan toiliú arna nginiúint ag IS, lena n-áirítear ábhar faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí (“ADÚGL”).
I dTuarascáil a cuireadh isteach an tseachtain seo chuig Niamh Smyth, an tAire um Chur Chun na Trádála, Intleacht Shaorga agus Bunathrú Digiteach, thug an Chomhairle rabhadh go mbíonn córais IS á n-úsáid ag roinnt úsáideoirí chun íomhánna pearsanta a chruthú de dhaoine a roinntear láithreach agus go huathoibríoch ar ardáin a d’fhéadfadh nach mbeadh a fhios acu go bhféadfadh go mbeadh na gníomhaíochtaí sin mídhleathach. Chun aghaidh a thabhairt air sin, molann an Chomhairle Chomhairleach ar IS don Rialtas feachtas eolais a rith atá cosúil leis an bhfeachtas rathúil maidir le híomhánna dlúthphearsanta a roinnt, chun feasacht a chothú i measc an phobail.
Dúirt an tAire Smyth:
“Táim fíorbhuíoch as obair agus saineolas na Comhairle Comhairlí ar IS. Déanfaimid a gcuid moltaí a mheas go mion agus oibreoimid le raon leathan páirtithe leasmhara orthu agus muid ag déanamh dul chun cinn lenár gcuid oibre sa réimse tábhachtach seo.”
Is é ról na Comhairle Comhairlí ar IS comhairle shaineolach neamhspleách a chur ar fáil ar an mbeartas ar intleacht shaorga, agus béim faoi leith curtha ar mhuinín an phobail a chothú agus forbairt agus úsáid IS iontaofa atá dírithe ar an duine a chur chun cinn. Bunaíodh an Chomhairle i mí Eanáir 2024, agus tá sí déanta suas de phríomh-shaineolaithe ón saol acadúil, ón ngnó, ón dlí, ó réimsí na slándála, na n-eolaíochtaí sóisialta, na heacnamaíochta, agus ón tsochaí shibhialta. Is ar bhonn deonach a sheirbheálann na baill.
Tá an Chomhairle Chomhairleach ar IS den tuairim;
- Tá dlí na hÉireann dianseasmhach go leor chun aghaidh a thabhairt ar roinnt íomhánna dlúthphearsanta arna nginiúint ag IS gan toiliú agus táirgeadh agus/nó roinnt ábhar arna ghiniúint ag IS faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí. Cibé acu go ngintear nó ngach ngintear ag an IS iad, tá na gníomhartha sin mídhleathach in Éirinn.
- Is í an fhreagairt is éifeachtaí ná cur chuige comhoiriúnaithe ar fud an AE. Ní thugtar aghaidh in Acht an AE ar IS ar úsáid teicneolaíochtaí IS ar an mbealach sin. Ba cheart cosc a chur ar ghiniúint íomhánna dlúthphearsanta gan chead agus ÁFDÚL ar fud an AE, mar chleachtas coiscthe de bhun Airteagal 5 d’Acht an AE ar IS.
Tá an chomhairle ar fáil anseo An Chomhairle Chomhairleach ar Intleacht Shaorga (IS): Foilseacháin
CRÍOCH