Nuacht & Imeachtaí

Téann an tAire John Halligan chun na Brasaíle chun straitéisí Trádála, Turasóireachta agus Infheistíochta na hÉireann a chur chun cinn

13 Márta 2017

Tá an tAire Stáit d’Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan T.D., sa Bhrasaíl an tseachtain seo ar mhisean Lá Fhéile Pádraig a bhfuil sé mar aidhm leis straitéisí Trádála, Turasóireachta agus Infheistíochta na hÉireann a chur chun cinn.

I gcaitheamh na cuairte a mhairfidh ar feadh seachtaine, buailfidh an tAire Halligan le príomhcheannairí Oideachais agus Taighde & Forbartha mar aon le lucht gnó sinsearach in Brasília, Rio de Janeiro agus São Paulo. Príomhghné den turas is ea Éire a chur chun cinn mar cheann scríbe le haghaidh oideachais agus cur chuige na tíre i leith nuálaíocht eacnamaíochta a chur i láthair, chomh maith le hÉire a chur chun cinn mar cheann scríbe le haghaidh turasóireachta agus infheistíochta, bualadh leis an bpobal Éireannach agus tuiscint níos fearr ar sheasamh na hÉireann i leith Brexit a chur chun cinn.

Mar chuid de chuairt an Aire Halligan tabharfaidh sé cuairt ar Aireacht Oideachais, Aireacht Airgeadais agus Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Brasaíle, chomh maith le bualadh le Gilberto Kassab, Aire Teicneolaíochta, Nuálaíochta agus Cumarsáide na Brasaíle. Buailfidh sé le hoifigigh de chuid Education Ireland freisin ag aonach idirnáisiúnta earcaíochta mac léinn chun plé a dhéanamh ar dheiseanna do mhic léinn ón mBrasaíl chun staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht, ar an teicneolaíocht, ar an innealtóireacht, ar an matamaitic agus ar thionscail chruthaitheacha in ollscoileanna na hÉireann. Tá níos mó ná 3,000 mac léinn STEM ón mBrasaíl tar éis staidéar a dhéanamh in 22 institiúid ardoideachais de chuid na hÉireann faoin gclár Eolaíocht gan Teorainn.

“Bíonn tóir ag mic léinn na Brasaíle ar Éirinn toisc go n-éiríonn thar cionn leis na mic léinn a thagann go hÉirinn agus toisc go scaipeann siad an scéal sin go dtí a gcomh-mhic léinn, a dteaghlaigh, a gcoláistí agus a n-ollscoileanna”, arsa an tAire Halligan.

Mar chuid dá chuairt buailfidh an tAire Halligan le cuideachtaí Éireannacha atá ag méadú sa Bhrasaíl, an soláthraí seirbhíse teileachumarsáide Openet ina measc. Rachaidh sé go Vila Prudente freisin, comharsanacht in oirthear São Paulo, áit a bhfuil an tAth. Patrick Clarke, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ag obair le níos mó ná 40 bliain. Tabharfaidh an tAire cuairt ar theach an pharóiste, a athchóiríodh le déanaí, chun bualadh leis an Ath. Clarke agus leis an Uas. Mick Foody as Sligeach agus déanfaidh sé turas an cheantair mórthimpeall, Ceantar Tréadach Naomh Íosaf an tOibrí, chun féachaint ar thionchar na hoibre atá déanta ag misinéirí na hÉireann.

Dé Céadaoin, tabharfaidh an tAire Halligan spreagaitheasc ag comhdháil ar Nuálaíocht i Sochaithe atá ag Athrú go Tapa ag TechPark Ollscoil Fheidearálach Rio de Janeiro agus seimineár ar an tionchar a bheidh ag Brexit ar Éirinn. Ina theannta sin, seolfaidh sé Gníomhaíochtaí Acadúla 2017 Chathaoir an Léinn Éireannaigh W.B. Yeats ag Ollscoil São Paulo, sula nglacfaidh sé páirt i bPlé Comhstádais ar Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht i nDámh na hEacnamaíochta san Ollscoil.

Oíche Déardaoin, freastalóidh an tAire Halligan ar ‘Ghlasú’ bliantúil dhealbh Chríost an Slánaitheoir mar chuid den tionscnamh glas domhanda, agus é mar aidhm feasacht a mhéadú agus naisc thurasóireachta le hÉirinn a fheabhsú. Sula n-imeoidh sé Dé Domhnaigh, seolfaidh an tAire Halligan go hoifigiúil Féile Shráid Phádraig ar Avenida Paulista cáiliúil São Paulo.

I rith an turais ar fad, beidh sé ag bualadh le baill den phobal Éireannach agus le hinfheisteoirí a bhfuil suim acu in Éirinn ag sraith fáiltithe, fáiltiú ag áras cónaithe oifigiúil ambasadóir na hÉireann, Brian Glynn, ina measc.

“Tá caidreamh déthaobhach dearfach tairbheach ag an mBrasaíl le hÉirinn”, arsa an tAire Halligan. “Tá comhpháirtíochtaí táirgiúla cruthaithe ag ár ngnóthaí, baineann ár mic léinn leas as malartuithe oideachais, agus tá ár gcultúir beo ar shráideanna agus i bpobail an dá thír. Cuirtear fáilte roimh thurasóirí na Brasaíle ar fud an oileáin gach bliain, agus cuirtear fáilte roimh thurasóirí na hÉireann in Rio de Janeiro agus, go háirithe, ag dealbh Chríost an Slánaitheoir. Tá na naisc láidir i réimse an oideachais, na heolaíochta agus na nuálaíochta agus níl aon amhras orm ach go n-éireoidh siad níos láidre amach anseo.”

CRÍOCH

Chun eolas breise a fháil, téigh i dteagmháil le Michelle Clancy, Comhairleoir Speisialta don Aire Halligan, guthán 087 8216524, r-phost michelle.clancy@djei.ie.

Nóta d’Eagarthóirí:

  • B'fhiú €509 milliún trádáil iomlán na Brasaíle in earraí le hÉirinn in 2016 agus b’fhiú €228 milliún earraí easpórtála na hÉireann chuig an mBreasaíl. Táirgí leighis agus cógaisíochta, mar aon le ríomhairí agus páirteanna de ríomhairí, a bhí i dtromlach na n-earraí a d’easpórtáil Éire. Aerárthaigh agus páirteanna a bhí i bhformhór na n-earraí a iompórtáladh agus b’ionann iad agus dhá thrian de na hearraí iompórtála ar fad.
  • In 2015, an bhliain dheireanach a bhfuil figiúirí ar fáil lena haghaidh, b’fhiú €1,023 milliún an trádáil i seirbhísí, suas ó €735 milliún in 2014. B’fhiú €919 milliún na heaspórtálacha agus b’fhiú €104 milliún na hiompórtálacha.