Nuacht & Imeachtaí

Síníonn an tAire Nash Ordú lena gCuirtear an tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, chun feidhme

13 Aibreán 2016

Shínigh Ged Nash, an tAire a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Gnó agus Fostaíocht, ‘an tOrdú fán Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 (Lá Ceaptha), 2016’, inniu. Is ordú é lena dtabharfar éifeacht dhlíthiúil d’fhorálacha an Achta um Chonarthaí Foirgníochta, 2013.

Luaitear san Ordú gurb é an ‘25 Iúil 2016 atá ceaptha de bhun alt 12(2) den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 (Uimh. 34 de 2013), agus go mbeidh feidhm ag an Acht maidir le conarthaí foirgníochta a rachfar isteach iontu tar éis an dáta sin.’

Dúirt an tAire Nash: “Is lá tábhachtach é sin san fhéilire imeachtaí roimh chur chun feidhme na reachtaíochta tábhachtaí sin agus tá ríméad orm bheith in ann an tOrdú seo a dhéanamh. Leis an reachtaíocht, bunathrófar an tírdhreach ina n-oibríonn an earnáil foirgníochta in Éirinn chun feabhais.”

Dúirt an tAire: “Mar thoradh ar na hathruithe ar an dóigh a ndréachtófar conarthaí foirgníochta is infheidhme, cinnteofar go ndéanfar íocaíocht le fochonraitheoirí ag eatraimh rialta le linn shaolré an chonartha agus, ina theannta sin, foráiltear leis an reachtaíocht do sheirbhís breithnithe reachtúil ina dtugtar teidlíocht do pháirtithe atá páirteach i ndíospóid íocaíochta i leith féachaint leis an ábhar a réiteach trí bhreithniú. Tarlóidh sé sin laistigh de thréimhse ghairid - is é 28 lá an tréimhse a shamhlaítear san Acht.”

Tá sé beartaithe gur sna seachtainí le teacht a fhoilseofar an Cód Cleachtais a bhaineann le breithnithe a dhéanamh.

CRÍOCH

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis an bPreasoifig ag 01 631 2200 nó ag press.office@djei.ie

Nóta faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013

Foráiltear leis an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, faoi réir roinnt eisceachtaí, d’fhorálacha íosta nua conartha maidir le socruithe íocaíochta idir na páirtithe i gconradh foirgníochta. Sa chás gurb amhlaidh a thagann díospóidí íocaíochta aníos idir na páirtithe i gconradh foirgníochta, beidh an ceart ag an dá pháirtí chun an díospóid íocaíochta a tharchur lena breithniú, rud a chuirfear i gcrích laistigh de thréimhse shocraithe. Sa chás nach féidir leis na páirtithe teacht ar chomhaontú faoin duine a bheith ina bhreithneoir, is é Cathaoirleach Phainéal Aireachta na mBreithneoirí a cheapfaidh breithneoir ón bPainéal sin chuig an díospóid.