Nuacht & Imeachtaí

Foilsíonn an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre Tuarascáil Bhliantúil 2017

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a dhara tuarascáil bhliantúil do bhliain iomlán inniu.

Ag labhairt dó ag an bhfoilsiú, chuir an tUasal Pat Breen TD, an tAire Trádála, Fostaíochta, Gnó, Margadh Aonair an AE don Ábhar Digiteach, agus Cosaint Sonraí fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh soláthar seirbhíse i rith na tréimhse. “Is tógáil croí dom a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú 25% tagtha ar líon éisteachtaí na Seirbhíse Breithniúcháin i gcomparáid le líon na bliana 2016, agus i gcásanna ina bhfaightear aighneachtaí go tráthúil agus nach n-iarrtar go gcuirfí iad ar athló, gur féidir le gearánaithe a bheith ag súil go ndéileálfar lena gcásanna laistigh de 6 mhí. Is éacht iontach é sin agus léiríonn sé an dul chun cinn a rinneadh ó ceapadh an Coimisiún. Ba mhinic a bhíodh ar dhaoine fanacht suas le dhá bhliain roimhe sin”.

Leag an tAire Breen béim ar an chaoi go bhfuarthas beagnach €2m i bpá neamhíoctha d'fhostaithe i rith na bliana. "Tá ag éirí go maith leis an ngeilleagar agus táimid ag gluaiseacht i dtreo lánfhostaíochta, rud ar féidir linn fáilte a chur roimhe. Ach ní mór dúinn a chinntiú go n-íoctar an méid atá dlite dóibh leis na daoine atá ag obair agus tá ról lárnach ag an gCoimisiún sa chás sin".

Mar fhocal scoir, mhol an tAire an Coimisiún as an obair atá déanta acu chun cabhrú le cobhsaíocht a chinntiú maidir le caidreamh tionsclaíoch nuair atá an geilleagar ag feabhsú. “Aon uair a bhíonn athrú ar siúl, is cuma más athrú chun feabhais nó athrú chun donais é, déanfaidh daoine iarracht cur lena gcumas margála. Chuidigh an Coimisiún chun deimhin a dhéanamh de gur reáchtáladh na comhráite sin ar bhealach cairdiúil agus gan dul i mbun gníomhaíochta, agus nuair a tharla sé sin, áitíodh ar na páirtithe filleadh ar an seomra agus tosú ag caint arís.”

Ghabh an tUasal Oonagh Buckley, Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin, buíochas leis an Aire agus leis an Roinn as an tacaíocht a fuarthas le linn na tréimhse. “Bhí dúshláin dhiana le sárú ag an gCoimisiún le blianta beaga anuas nuair a bhíomar ag tabhairt isteach bealaí nua oibre - go seachtrach lenár bpáirtithe leasmhara agus go hinmheánach lenár bhfoireann - agus méadú ag teacht i rith an ama ar an éileamh ar ár seirbhísí. Bhí tacaíocht an Aire agus na Roinne ríthábhachtach ó thaobh an rath a bhí ar ár gcuid oibre go dtí seo".

Dúirt an tUasal Buckley freisin “Rinneamar suirbhé forleathan a choimisiúnú go déanach anuraidh ar úsáideoirí ár seirbhísí uile agus léiríonn an t-aiseolas a fuarthas go bhfuilimid ar an mbóthar ceart agus go bhfuil rátaí sástachta agus muiníneacha an-arda ann maidir lenár seirbhísí. Mar sin féin, léirigh siad réimsí ina gcaithfimid a bheith ag obair níos déine agus táimid ag díriú orthu siúd i mbliana".

CRÍOCH

 

NÓTA DON EAGARTHÓIRAn Coimisiún um Chaidreamh san Áit OibreBunaíodh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ar an 1 Deireadh Fómhair 2015.

Is iad príomhfheidhmeanna an Choimisiúin ná:

  • Feabhas a chur ar chaidreamh san áit oibre, agus caidreamh maith san áit oibre a chothabháil,
  • Comhlíonadh na reachtaíochta fostaíochta ábhartha a chur chun cinn agus a spreagadh,
  • Treoracha a sholáthar maidir le comhlíonadh na gCód Cleachtais,
  • Athbhreithnithe a dhéanamh ar fhorbairtí maidir le caidreamh san ionad oibre agus monatóireacht ghinearálta a dhéanamh orthu,
  • Taighde ábhartha a dhéanamh nó a choimisiúnú agus comhairle, faisnéis agus torthaí taighde a chur ar fáil do Chomhchoistí Oibreachais agus do Chomhchomhairlí Tionscail,
  • Comhairle a thabhairt don Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le cur i bhfeidhm agus comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha, agus
  • Faisnéis a sholáthar don phobal maidir leis an reachtaíocht fostaíochta (seachas an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta).

 

Ós rud é go bhfuil beagnach 200 duine ag obair don Choimisiún agus speisialachais éagsúla acu agus go bhfuil oifigí an Choimisiúin i mBaile Átha Cliath, Ceatharlach, Sionainn, Corcaigh agus Sligeach, agus bunáiteanna oibríochta aige chun cruinnithe a éisteacht i go leor contaetha eile mar sin is é misean an an Coimisiún

  • seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar ar fud na hÉireann, atá
  • tapa, éasca le húsáid, neamhspleách, éifeachtach, neamhchlaonta agus éifeachtach ó thaobh costas de,
  • a chuireann modhanna athraitheacha ar fáil maidir le réiteach díospóide, sásamh agus forfheidhmiú éifeachtach, agus
  • a fheabhsaíonn caidreamh san ionad oibre go ginearálta,

agus a chuireann iad sin go léir ar fáil saor in aisce.  

 

Príomh-Mhéadrachtaí Feidhmíochta do 2017Gníomhaíocht an Coimisiún 2017

Fuarthas 14,001 Ghearán Shonracha

Fuarthas 7,300 Comhad Gearáin lena mbreithniú (méadú 6%)

Reáchtáladh 4,370 Éisteacht Breithnithe (méadú 24%) agus eisíodh 2,247 gCinneadh Breithniúchán (méadú 82%)

Próiseáladh 92% de na Gearáin um Breithniúcháin i níos lú ná 6 mhí[1]

An Cineál GearáinAr na gearáin ar leith a fuarthas:

  • Bhain 27% acu le saincheisteanna Pá,
  • Bhain 14% acu le Dífhostú Éagórach,
  • Bhain 13% acu le hAm Oibre,
  • Bhain 11% acu le hIdirdhealú/Comhionannas,
  • Bhain 11% acu le Díospóidí Trádála/saincheisteanna maidir le caidreamh tionsclaíoch (CT),
  • Bhain 8% acu le Téarmaí agus Coinníollacha Fostaíochta

Críochnaíodh 4,750 cigireacht

Líon na bhFostaithe ar bhain na Cigireachtaí leo 99,000 (méadú 24,000)

Aisghabháil Pá Neamhíoctha €1.8m (méadú 8%)

Breathnaíodh ar an Láithreán Gréasáin 1.65m uair (méadú 8%)

Laghdaíodh líon na nGearán um Breithniúchán a bhí ann go 295 atá "Ar Láimh"

Reáchtáladh 2,234 Chruinniú Éascaithe Idir-réitigh agus Díospóide

Réitíodh 84% ​​de na Díospóidí Comhchoiteanna

Dúblaíodh líon na nIdirghabhálacha Duine le Duine i gcomparáid le líon na bliana 2016

Déileáladh le 52,001 fhiosrúchán a cuireadh ar an líne fhaisnéise