Nuacht & Imeachtaí

An tAire Halligan an-sásta le rath leanúnach na hÉireann maidir le maoiniú AE a fháil do Thaighde agus Nuálaíocht

• Maoiniú €386 milliún san iomlán ón AE bronnta ar Éirinn • Áirítear leis 82 deontas aonair, ar fiú níos mó ná €1 mhilliún an ceann iad, a bronnadh ar chomhlachtaí agus ar Institiúidí Ardoideachais

11 Aibreán 2017

Léirigh an tAire Stáit d’Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan T.D., a shásamh mór inniu (11 Aibreán 2017) maidir leis na torthaí rathúla is deireanaí i dtaca le maoiniú do chomhlachtaí Éireannacha trí chlár iomaíochta Horizon 2020.

Bronnadh maoiniú AE ar fiú €386 milliún san iomlán é ar thaighdeoirí agus ar chomhlachtaí in Éirinn trí chlár Horizon 2020 idir 2014 agus Feabhra 2017. Bronnadh €221 milliún ar Institiúidí Ardoideachais, figiúr arb ionann é agus 57% den iomlán, agus bronnadh €126 milliún, 33%, ar chomhlachtaí. Fuair gnólachtaí beaga agus meánmhéide €78 milliún den airgead a tugadh do chomhlachtaí.

Go dtí seo, tá breis agus €1 mhilliún an ceann bronnta ar 82 rannpháirtí aonair (comhlachtaí agus taighdeoirí).

Is san fhochlár Gníomhartha Marie Skłodowska-Curie is mó a bhí rath ar chomhlachtaí agus ar thaighdeoirí na hÉireann. Is clár é a thacaíonn le hoiliúint agus le soghluaisteacht taighdeoirí. Tá €70 milliún faighte ag Éirinn tríd an gclár sin, arb ionann é agus 3.1% den bhuiséad AE atá geallta go dtí seo. Ina dhiaidh sin, is iad an clár Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide agus clár Chomhairle Taighde na hEorpa na cláir is mó ar éirigh le taighdeoirí na hÉireann iontu: fuarthas €62 milliún agus €49 milliún, faoi seach, tríothu.

Mar gheall ar na torthaí seo, tá an dóchúlacht ann go mbainfidh Éire a sprioc amach chun maoiniú AE €1.25 billiún a fháil thar ré Horizon 2020.

Arsa an tAire Halligan, “Tá lúcháir orm go bhfuil ag éirí le comhlachtaí agus le hinstitiúidí ardoideachais na hÉireann i gcomórtais oscailte lena bpiaraí ar fud an AE chun maoiniú AE a fháil. Léiriú atá ann ar fheabhas an taighde atá á dhéanamh in Éirinn.”

Ar sé freisin, “Tá Taighde agus Nuálaíocht ag croílár straitéis fiontraíochta an Rialtais chun poist nua inmharthana a chruthú. Tá an nuálaíocht ríthábhachtach le go n-éireoidh le comhlachtaí sna margaí idirnáisiúnta. Chuir an Rialtas €761 milliún ar fáil le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta in 2016 agus tá mé iontach sásta go bhfuil an infheistíocht náisiúnta seo á ghiaráil chun maoiniú a fháil ón AE.”

Dúirt an tOllamh Mark Ferguson, Ard-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta an Rialtais, "Tréaslaím a rath le lucht faighte maoiniú AE trí Horizon 2020. Molaim go láidir do thaighdeoirí eile cur isteach an athuair ar na cláir taighde thábhachtacha iomaíochta seo de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, nó iarratas a chur isteach den chéad uair. Cuireann na nithe seo a leanas go háirithe áthas orm: taighdeoirí Éireannacha a bheith ar thús cadhnaíochta i dtionscail áirithe agus i gcúrsaí léinn agus maoiniú a bheith á bhronnadh orthu le haghaidh mórthionscadal; ionaid taighde de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann a bheith ag comhoibriú lena chéile chun mórmhaoiniú a fháil trí chlár Marie Skłodowska-Curie; agus an feabhas suntasach ar thorthaí na hÉireann ag Comhairle Taighde na hEorpa. Cuireann an maoiniú Eorpach, a fhaightear mar thoradh ar chomórtas, leis na hinfheistíochtaí a dhéantar ar leibhéal náisiúnta. Nuair a fhaightear an maoiniú AE, is féidir na hinfheistíochtaí a ghiaráil."

Arsa an Dr Imelda Lambkin, Stiúrthóir Náisiúnta Horizon 2020, “Léiríonn na torthaí is deireanaí féith cheannaireachta na hÉireann, atá ag forás i gcónaí, ó thaobh comhthionscadail taighde, forbartha agus nuálaíochta de. Tá tionscadail nua ann i réimsí mar Ghnó Agraibhia, Fuinneamh, Leictreonaic agus Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide. Ar na comhlachtaí rathúla tá OPENHYDRO GROUP, EIRECOMPOSITES TEORANTA agus SCHWUNDGRAD ENERGIE sa réimse Modhanna Meara Nuálaíochta. Bhí rath ar TEAGASC, ar OLLSCOIL LUIMNIGH agus ar CHOLÁISTE NA hOLLSCOILE, CORCAIGH i gcláir pháirtmhaoinithe chun an chéad ghlúin eile de cheannairí taighde a fhorbairt.”

CRÍOCH

Tá tuilleadh eolais le fáil ach dul i dteagmháil leis an bPreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Guthán: 6312200. Ríomhphost: press.office@djei.ie

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Is Clár Creata de chuid an AE le haghaidh taighde agus nuálaíochta é Horizon 2020. Maireann a ré ó 2014 go 2020 agus is é €75 billiún an buiséad iomlán a bhaineann leis. Tá Fiontraíocht Éireann i mbun an líonra náisiúnta tacaíochta le haghaidh Horizon 2020; cuidíonn sé le comhlachtaí agus leis an lucht léinn iarratais a chur isteach ar mhaoiniú faoin gclár.

 

Is ionann an maoiniú atá faighte go dtí seo, €386 milliún, agus 1.70% den bhuiséad AE atá geallta go dtí seo, mar atá €22.7 billiún. Tá sé mar sprioc náisiúnta ag Éirinn €1.25 billiún i maoiniú AE a fháil; is ionann é sin agus 1.67% de bhuiséad foriomlán H2020.