Nuacht & Imeachtaí

Treisíonn an Sainghrúpa ar Luach Domhanda agus Slabhraí Soláthair (GVCanna) agus ar thábhacht oscailteachta na hÉireann do thrádáil agus d’infheistíocht, chomh maith leis an ngá atá ann do chuideachtaí slabhraí soláthair athléimneacha a thógáil

7 Samhain 2024 

Sheol an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke TD, tuarascáil an tSainghrúpa ar Luach Domhanda agus Slabhraí Soláthair. Comhlíonann an tuarascáil ceann de na príomh-mholtaí atá inár Straitéis Trádála agus Infheistíochta 2022-2026: Luach d’Éireann, Luachanna don Domhan, a aithníonn an gá le measúnú saineolaíoch ar ionchais do Shlabhraí Luacha Domhanda, chomh maith leis na deiseanna agus na rioscaí atá ann d’Éirinn.

Tá rath na hÉireann i ndíolachán chuig margaí domhanda bunaithe ar a haclaíocht agus solúbthacht i bhfianaise cúinsí domhanda atá ag athrú. Le blianta anuas, d’éirigh le fiontair Éireannacha leas a bhaint as na láidreachtaí seo agus iad a oiriúnú chun buntáiste a bhaint as athruithe sa gheilleagar domhanda, de réir mar a tháinig samhlacha nua gnó chun cinn agus mar a d’fhorbair earnálacha atá ann cheana. Tá Infheistíocht Dhíreach Eachtrach tar éis Éire a nascadh go láidir le slabhraí luach domhanda, rud a chuir tacaíocht ar fáil do chuideachtaí Éireannacha chun rochtain a fháil ar GVCanna, ag spreagadh fáis i dtáirgiúlacht agus i nuálaíocht.

Nuair a foilsíodh an tuarascáil, leag an tAire béim ar an méid seo a leanas,

“Le bliain anuas, sháraigh trádáil iomlán na hÉireann aon trilliún euro, agus tháinig fás láidir i dtáirgí déantúsaíochta agus seirbhísí araon. Deimhníonn an Tuarascáil Shaineolaíoch go bhfuil bonn trádála na hÉireann fréamhaithe go docht san eacnamaíocht dhomhanda, áit a mbaintear úsáid shuntasach as ionchuir earraí agus seirbhísí ó mhargaí eachtracha in ár n-onnmhairí, agus ina theannta sin, cruthaítear breisluach suntasach go háitiúil. Mar thoradh air sin, soláthraíonn go leor dár n-onnmhairí ionchuir thábhachtacha do pháirtithe trádála eile, a úsáidtear chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh.”

Lean an tAire ar aghaidh ag rá,

“Tá mo Roinn ag dul chun cinn anois chun na moltaí maidir le beartas ón Sainghrúpa, atá á dtacú ag an gComhairle Trádála agus Infheistíochta, atá i gcathaoirleacht agam, agus atá a gcur i gcrích moltaí a cuireadh chun cinn níos luaithe i mbliana. Déanfaidh an Chomhairle monatóireacht ar chur i bhfeidhm na dtionscnamh tábhachtacha seo.”

Deimhníonn anailís ón Sainghrúpa ar rannpháirtíocht chun tosaigh agus ar ais na hÉireann i GVCanna, go bhfuil comhpháirtíochtaí trádála na hÉireann tar éis éirí níos ilghnéithí agus níos domhandaithe. Taispeánann sé athrú suntasach i gcomhdhéanamh na n-áiteanna a mbíonn cuideachtaí Éireannacha ag fáil ionchuir do na h-onnmhairí atá acu, ag léiriú pictiúr i bhfad níos ilghnéithí agus níos domhandaithe, i gcomhréir leis na n-onnmhairí agus leis an mbonn Infheistíocht Dhíreach Eachtrach (IDE) atá ag fás agus ag forbairt.

Mhol an Sainghrúpa gníomhartha beartais tábhachtacha chun cabhrú le gnóthais slabhraí soláthair níos seasmhaí a thógáil, lena n-áirítear an gá le súil a choinneáil go rialta ar na braistintí trádála; comhoibriú le tionscal agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun slabhraí soláthair a scrúdú faoi thástáil struis; tacaíochtaí comhairleacha dírithe chun cuidiú le cuideachtaí ina measúnú riosca; plé rialta leis na páirtithe leasmhara; leanúint leis an tacaíocht do mhargaí idirnáisiúnta oscailte agus a chinntiú go bhfuil córais éascaíochta trádála den chéad scoth ann.

Treisíonn an Sainghrúpa béim freisin ar an ngá atá ann, chun rannpháirtíocht éifeachtach a bhaint amach i slabhraí luacha domhanda, go mbeidh infheistíocht leanúnach agus fadtéarmach de dhíth sa chóras nuálaíochta, i mbonneagar, i ngnéithe straitéiseacha, i gceannaireacht agus i scileanna, i gcumas digiteach agus i modhanna táirgeachta inbhuanaithe, ionas gur féidir le cuideachtaí fanacht solúbtha agus aclaí sa timpeallacht idirnáisiúnta.

 

CRÍOCH