Nuacht & Imeachtaí

Tagann Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 i bhfeidhm

Laghdaíonn an tAcht na hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais ar ghnó beag agus an‑bheag

7 Meitheamh 2017

Tá an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor, tar éis tosach feidhme Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 a fhógairt, le héifeacht ó Dé hAoine, 9 Meitheamh 2017.

Le hAcht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 cuirtear tús le catagóir nua cuideachta, an mhicreachuideachta, agus laghdaítear go mór na hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais ar na cuideachtaí an-bheag sin. Méadaítear na tairseacha don chatagóir “cuideachta bheag” freisin, rud a fhágann go mbeidh níos mó cuideachtaí sa chatagóir sin amach anseo agus go mbeidh siad i dteideal leas a bhaint as forálacha a laghdaíonn costais, cuir i gcás an díolúine ó iniúchadh.

Méadaíonn an tAcht trédhearcacht freisin sa mhéid is go dtugtar isteach riachtanais tuairiscithe nua do chuideachtaí atá gníomhach i dtionscail eastóscacha agus go gceanglaítear ar roinnt cuideachtaí neamhtheoranta, cistí agus cuideachtaí infheistíochta ráitis airgeadais a chomhdú go poiblí.

Agus í ag fógairt thosach feidhme an Achta, dúirt an tAire “Is cloch mhíle nach beag é an tAcht seo i bhforbairt dhlí na hÉireann ar thrédhearcacht chorparáideach. Tugann sé cothrom le dáta na hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais ar chuideachtaí agus laghdaíonn sé an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí beaga agus an-bheag. Ag an am céanna, déantar é seo ar bhealach a chuireann san áireamh leas na ndaoine a bhraitheann ar ráitis airgeadais chomh maith le leas na gcuideachtaí a ullmhaíonn na ráitis sin.

“Creidim go measfar gur rialáil mhaith é an tAcht seo a aimsíonn an chothromaíocht cheart idir oibleagáidí comhréireacha maidir le nochtadh ar lámh amháin agus an gá le trédhearcacht fhónta ar an lámh eile.

“Thar aon ní eile, gach seans go mbainfidh tromlach mór chuideachtaí na hÉireann fíorthairbhe as seo ó thaobh ama, dua agus costais de.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

IR Uimh. 246 de 2017

Shínigh an tUachtarán Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 ina dhlí ar an 17 Bealtaine 2017. Shínigh an tAire an tOrdú um Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 (Tosach Feidhme), 2017 (I.R. 246 de 2017) ar an 2 Meitheamh 2017. Foráiltear leis an Ordú um Thosach Feidhme go dtiocfaidh an tAcht i bhfeidhm Dé hAoine, 9 Meitheamh 2017 agus go mbeidh feidhm leis i gcás blianta airgeadais dar tosach 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh sin. Maidir le cuideachtaí ar mian leo forálacha an Achta a chur i bhfeidhm i gcás blianta airgeadais níos luaithe, d’fhéadfadh sé go mbeidís in ann leas a bhaint as alt 14 den Acht a cheadaíonn é a chur i bhfeidhm i gcás blianta airgeadais a thosaigh ar an 1 Eanáir 2015 nó ina dhiaidh sin.

Le hAcht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 leasaítear Acht na gCuideachtaí, 2014, go príomha i leith an dlí ar thuairisciú airgeadais ag cuideachtaí. Trasuíonn sé Treoir Chuntasaíochta an AE isteach i ndlí na hÉireann.

Laghdaíonn an tAcht na hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais ar ghnó beag agus an-bheag. Go háirithe –

  • Méadaítear na tairseacha a bhaineann le haicmiú mar chuideachta bheag. Dá thoradh sin, beidh roinnt cuideachtaí atá ina gcuideachta mheánmhéide faoi láthair ina gcuideachta bheag feasta agus laghdófar na hoibleagáidí atá orthu;
  • Laghdaítear a thuilleadh na hoibleagáidí tuairiscithe reatha atá ar chuideachtaí beaga, rud a mbainfidh cuideachtaí atá sa chatagóir “beag” cheana féin tairbhe as; agus
  • Cuirtear tús le fochatagóir nua de “beag”, ar a dtugtar an mhicreachuideachta, agus beidh na hoibleagáidí tuairiscithe airgeadais a bheidh orthu sin i bhfad níos simplí.

 

Chomh maith leis sin, tugann an tAcht isteach roinnt riachtanais nua do chineálacha sonracha cuideachtaí ó thaobh tuairisciú airgeadais agus comhdú de. Is iad sin –

  • Riachtanais bhreise do chuideachtaí agus grúpaí meánmhéide ó tharla go bhfuil na tairseacha don chatagóir mheánmhéide ag méadú agus, dá bhrí sin, go mbeidh a lán cuideachtaí suntasacha (i gcomhthéacs na hÉireann) á gcur sa chatagóir “meánmhéide” seachas “mór”;
  • Riachtanais tuairiscithe nua do chuideachtaí a bhíonn i mbun mianadóireachta, cairéalú agus leagan foraoisí príomhúla. Is riachtanas nua de chuid na Treorach iad seo agus dearadh iad chun feabhas a chur ar thrédhearcacht cuideachtaí a shaothraíonn acmhainní nádúrtha;
  • Ceanglaítear ar chuideachtaí atá cláraithe mar chuideachta “neamhtheoranta” ach a bhfuil teorainn curtha acu lena ndliteanas i ndáiríre a ráitis airgeadais a chomhdú go poiblí, mar a dhéanann gach cuideachta dliteanais theoranta eile.